2012-11-16

Leonard Cohen: Aintiún

Do sholáthar Gabriel aistriúcháin ar shaothar Leonard Cohen don Tionscadal Cohen de chuid IMRAM. Seo thíos ceann acu sin.

Do chan na héin
ag breacadh an lae
"Ba chóir daoibh
tabhairt faoi nua-ré!
Ná smaoinígí
ar an lá inné
ná ar a bhfuil i ndán."
Á, troidfear cogaí
arís 's arís
an colmán
beidh sí i gcás arís
díolfar í
arís 's arís
is daor é an colm bán.

Buail na cloig ag a bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.


Bhí comharthaí uainn
is bhí siad ann
an feall sa bhreith
an pósadh fann
Sea, ba bhaintreach é
gach uile rialtas cam -
ba léir é do chách


Ní thig liom níos mó
a bheith leis an slua
is boic mhóra, marfóirí,
is iad ag guí, monuar!
Ach do ghair siad, ghair siad chucu
an scamall fuar
agus cloisfidh siad m'amhrán:


Buail na cloig ina bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.
 
Níl in aon chuid den pháirt
ach cuid den iomlán
d'fhéadfá dul ag máirseáil
gan druma ann
aimseoidh gach uile chroí
mór-rún an ghrá –
mar theifeach 's é ar fán.


Buail na cloig ina bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.

Buail na cloig ina bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.
A ligeann solas tríd.
A ligeann solas tríd.


Anthem, le Leonard Cohen, aistrithe ag Gabriel Rosenstock.