2013-04-08

Cá bhfaigheann Gabriel Rosenstock iad?

'Cá bhfaigheann Gabriel Rosenstock iad? Cá bhfaigheann sé na filí domhanda seo a éisteann le ceol na cruinne agus a bhuaileann ar aon bhuille lena chuisle féin? Tá daonnacht bhuile sna dánta seo ó Rati Saxena, daonnacht a uaislíonn sinn má táimid umhal go leor chun éisteacht leo. Tá bá sna dánta seo leis an saol ar fad, bá bhaineann sa chéad áit, ach bá le gach neach beo - an damhán alla, an seangán, an t-ulchabhán - gan trácht ar thuiscint don neamhbheo chomh maith céanna. Má tá "cluiche na cumhrachta" á imirt ar fud na coda is fearr díobh seo, is é "cluiche na blastachta" atá buaite ag Rosenstock ina chuid leaganacha máistriúla. Pósadh é seo idir ceann de theangacha fairsinge an domhain, agus ceann dá mhionteangacha móra. Is álainn an pósadh é.'

Alan Titley, Aibreáin 2013