2013-04-13

Dán na Báistí

Mion-fheidhmeannach ab ea Chiang Chieh sa Ríora Sung agus nuair a tháinig na Mongólaigh i gcumhacht, dhiúltaigh sé baint a bheith aige leis an réimeas nua. Bheadh sé ina dhíthreabhach as sin amach. Tháinig mé ar an dán seo leis i ndíolaim a thug mo mhac dom mar bhronntanas, The New Directions Anthology of Classical Chinese Poetry. Kenneth Rexroth a dhein an leagan Béarla de. Tá leagan eile de (agus leagan i mBéarla na hAlban) ar fáil sa díolaim seo

Níl ach 100 dán de chuid Chian Chieh againn agus tá cúis mhaith leis sin. Bhí scata filí óga ann sa 19ú haois agus meas chomh mór sin acu ar a shaothar gur scriosadar na dánta sin nach rabhadar féin ró-shásta leo!

Dán na Báistí

Tráth le linn m’óige is mé im luí
chuala mé an bháisteach ag titim ar dhíon
drúthlainne. Solas na gcoinnle
ag lonrú ar shíoda is ar chraiceann síodúil.
Ina dhiaidh sin chuala mé í ar dhíon chábán an bháidín
is mé ag seoladh ar an Abhainn Mhór, faoi
scamaill ísle agus na géanna fiáine ag éamh
le linn  anfa an Fhómhair. Cloisim anois í
arís ar dhíon na mainistreach.
                                                Tá mo chuid gruaige liath.
Ríméad – buairt – teacht le chéile – scarúint –
faoi mar nárbh ann dóibh riamh. Ní mar a chéile aon ní
ach amháin an bháisteach is í ag titim ina slaodanna
ar na tíleanna i gcaitheamh na hoíche go léir.

Chiang Chieh (c. 1245 -1310)