2013-04-04

SOEN: Dánta Zen ón gCoiré

Agus aird an domhain arís ar an gCóiré, féachaimis ar roinnt dánta le Máistrí Soen (Zen) a scríobadh in aimsir síochána agus in aimsir chogaidh.

Dúiseacht
le Wongam (1226-1292), Teagascóir Náisiúnta na Cóiré

 Is lom iad géaga an fhómhair
   agus is lag é taitneamh na gréine
Is ciúin iad na sléibhte
   agus iad cumhdaithe le sioc geal
Tá an doras dúnta, mé i mo shuí,
   i mo chodladh is mé ag taibhreamh
Is dúisím de phreib
   ar chloisint na bpréachán dom sa choill

Dílleachta
le Cheongheodang (1520- 1604)

Tá do mháthair imithe, a phréacháin bhig
Is coscrach í do ghrágaíl ghoil
Cad is féidir a rá le héan?
Smaoineamh is ea é sin a rith liom inniu


Crann sa Chlós
le Cheongheodang
 
Fuaim na báistí istoíche ar an sliabh
músclaítear an fánaí as a thaibhreamh
osclaíonn sé an fhuinneog is feiceann an crann sa chlós
míle duilleog is aon fhuaim amháin an fhómhair


Ceoltóir
le Cheongheodang

Tháinig tú an tráthnóna earraigh seo
chun an liúit a sheinm dom.
Éanlaith ag canadh san áit ina dtiteann na bláthanna.
Bun os cionn, scáil an tsléibhe san abhainn.

 
Cuairt ar an Seanfhód
le Cheongheodang

Cailleadh mo thuismitheoirí agus mé an-óg agus d’fhágas an baile agus mé deich mbliana d’aois. In aois a cúig bliana is tríocha dom, d’fhilleas ar an sráidbhaile is ní raibh comharsa ar bith le feiceáil, theas ná thuaidh. Bhí an talamh treafa, an crann maoildeirge agus an eorna is iad ag luascadh sa ghaoth anoir. Bhuail cumha mé agus scríobhas an véarsa seo ar bhalla fothraigh. D’fhanas oíche amháin ann agus d’fhilleas ansin ar an sliabh


Seo ar ais mé, sa bhaile, tar éis tríocha bliain.
Tá daoine imithe ar shlí na fírinne, tithe ina bhfothraigh, an sráidbhaile bánaithe.
Na sléibhte glasa an tráthnóna earraigh seo, balbh.
An gcloisim cuach aonair áit éigin ag glaoch?
Agus mé ag siúl thar bráid, tá buachaillí is cailíní
ag gliúcaíocht trí na fuinneoga páipéir,
seanóirí agus a gcuid gruaige ar nós an ghrúis ag fiafraí cé leis mé,
deora leo nuair a chloiseann siad an t-ainm a bhí orm san áit seo.
Agus amach san oíche bhí an ghealach ar crochadh sa spéir mhuir-dhorcha.


Lá Lomtha mo chuid Gruaige

le Cheongheodang

Scór bliain ó shin, buachaill a raibh lé aige leis an staidéar
chinn sé ar rud ait a dhéanamh
nuair a tuigeadh dó nach raibh sa chruinne go léir ach folús
agus nach raibh sa cholainn ach seachmall

Scór bliain ó shin is ar snámh a bhí sé i bhfarraige ghoirt an tsaoil
clú agus maoin á santú aige.
Oíche amháin thug sé cluas do bhriathra Zen
agus an mhaidin dár gcionn thug a fholt dubh don lann airgid.


Ag Teacht Ón Sliabh Anuas
leis an Máistir Cheongnae (1548 -1623)

Nuair a thugas an sliabh orm féin bhí na spruitíní ann,
Anois tá mo shúile lán de chrainn scarlóideacha.
An t-am i láthair agus an t-am d’imigh tharainn, roinntear an saol eatarthu.
Ná codail dhá oíche faoin gcrann céanna
An foláireamh a thug mo Bhúda-sa dom.
Bhíodh grús aonair i bhfeighil na mainistreach
Seo anois ar eite é is an gleann ar fad a fhágáil aige ina dhiaidh.


Sólás don Domhan
leis an Máistir Cheongnae

Seo chugainn isteach fear buile
Is deir sé go bhfuil an domhan i dtrioblóid.
Tá spiorad an áir ar fud an tsráidbhaile,
Na goirt ag cur thar maoil leo siúd a cailleadh den ocras.
Coimhlint armtha ag éirí níos measa in aghaidh an lae,
Gaolta fiú is gan atrua acu dá chéile.
Dualgais corvée níos troime in aghaidh na bliana
Scaipeadh na mionéan ar mhná is ar pháistí.


Im Chónaí ar an Sliabh
le Heobaekdang (1593-1661)

Sléibhte, aibhneacha, neamh is talamh, an ghealach,
Seo is siúd: is cuma leo go léir mar gheall ar a chéile.
Tá an scéal amuigh go bhfuil an t-earrach ann,
Caitíní sailí scaipthe ar fud na háite.


Ar an Iargúil
le Wolbong (1624 - ?)

Is fada mé beo i measc ceo is néalta
Luibheanna agam á n-ithe – beagán de bhlas an domhain.
Im leaba fhuar, is eol dom an ceobhrán tais,
Is eol dom an clós is é sleamhain faoin gcaonach.
An ré alpach ag taitneamh go glé ar mo bhothán.
Níl gradam ar bith ar an iargúil
Ach ní raibh uaim riamh ach m’ainm a cheilt.