2013-05-15

Fathach ar Lár: Macdara Ó Luanaigh

Tháinig mé ar roinnt dánta neamhfhoilsithe le mo sheanchara Macdara Ó Luanaigh ar na mallaibh, beannacht Dé leis. Níor éirigh leis ach leabhar amháin a fhoilsiú i gcaitheamh a shaoil Lasair as Uisce/ Flame out of Water.

Tá litir ghairid agam uaidh:

‘A Ghabriel, a Chara,
Tá tú ag treabhadh leat i gcónaí. An fiú dul ar aghaidh? Chuireas cúpla dán chuig Comhar ach níor chuala mé gíocs uathu. Ní fhaca tú léirmheas ar Lasair as Uisce áit ar bith, an bhfaca?  Chuireas dráma raidió chuig RTÉ agus dráma stáitse chuig Amharclann na Mainistreach. Faic! An fiú dul ar aghaidh?’

Bhí sé tosaithe ar leabhar nua filíochta dar teideal Tintreach Dhubh nuair a sciob an bás uainn é. Ní bheidh a leithéid arís ann!


 as Tintreach Dhubh
Macdara Ó Luanaigh (1916 - 2013)

Colúr

tuirlingíonn colúr
is beag nach dtiteann sé as an aer
tá sé chomh ramhar sin
ba chóir dó ióga a chleachtadh
nó rud éigin.

an tusa an colúr céanna a bhí anseo inné?
ó, ní thuigimse inné, ar sé,
b’fhéidir gur iógaí mór é tar éis an tsaoil


Dhá Fháinleog

dhá fháinleog
mar thintreach dhubh –
lasta
múchta
lean mo chroí iad


cá bhfuil tú anois
a chroí?


Cás Spéaclaí

De chraiceann camaill
é an cás spéaclaí
a cheannaíos i Maracó.
Labhrann sé liom as Arabais.
Cloisim yalma’a uaidh go minic agus najma -
cad tá sé ag iarraidh a rá?



Báisteach

báisteach
ar feadh leathuair an chloig
froganna ansin
rinnfheitheamh chomh domhain sin
nach mbacann
an chorr éisc leo


Scamaill

Múinim do na scamaill
conas scíth a ligint
fanacht socair
gan análú
sula scaoilim leo

Ón bhFuinneog Uachtair

radharc agam
ón bhfuinneog uachtair
ar an bhfolcadán éan –
faoi mar a chífeadh an t-éan é
an dtuigeann eolaithe
conas a fhéachann ainmhithe éin is feithidí
ar an domhan
ní thuigeann siad an radharc atá ag an bhfile air
an file ar cuach inniu é
lon amárach

Aithne Shúl

tá aithne shúl agam air
cailleadh a mhadra le déanaí
feicim anois é
greim aige
ar iall nach bhfuil ann

Trí nó Ceithre hUaire sa Ló

trí nó ceithre huaire sa ló
osclaíonn an préachán a ghob
is meabhraíonn dom
gurb ann don chruinne
gona poill dhubha agus mar sin de
saor in aisce atá an tseirbhís thábhachtach seo



MOLADH AN BHANDÉ

Éan is ea í
Iasc
Nathair
Cráin mhuice

Spéir
Muir
Talamh
Molaimis go léir í

     ~

Éan i muir
Iasc sa spéir
Iasc ionam
Éan ionam


~
Okanga –
Is iad na carraigeacha do chnámha
Is í an ghaoth d’anáil
Is iad na crainn do chuid gruaige
An chré do chuid feola
Okanga

~
Is tú Neit
Gach a raibh ann
A bhfuil ann
Is a mbeidh ann.
Cá bhfuil an duine
A bhainfeadh an chaille díot?
Is aoibhinn do chuar sa spéir
Os cionn Geb
An talamh
Is a bhod in airde
An spól do chomhartha
A Fhíodóir na cruinne

~