2013-05-30

Rogha Tanka le K. Ramesh, máistir haiku & tanka as an India

ag rothaíocht liom
ar an gcuarbhóthar
timpeall an oileáin –
i gcuideachta
na mara

bándeirge
na maidine
á roinnt le cosán cam
táim ar bord traenach
is m’aghaidh ar mo bhaile dúchais

ag éisteacht
le hamhrán i dteanga
nach eol dom –
ní heol dom ach
gur amhrán brónach é

tráthnóna samhraidh –
gan súil acu le traein
beirt sheanfhear ag cabaireacht
ina suí ar bhinse
an stáisiúin bhig seo

oíche i mí Mheán Fómhair
páipéar scrúdaithe agam á cheartú
tugaim ciaróg faoi deara
is í bunoscionn –
á hathiompú féin arís

 fiafraíonn tú díom,
cén fáth an meangadh gáire
gach uair dá bhfeiceann tú mé?
bíonn meangadh gáire ormsa leis
nuair a thagaimse ar rósanna  

boinn airgid á lorg agam
i mo phóca –
síolta dearga
a chnuasaigh
m’iníon bheag

tráthnóna na gcriogar ...
i mo sheasamh os comhair pictiúr
d’eala ag eitilt
go ciúin
i dtreo na sléibhte

ag siúl liom
tar éis slán a rá
le gach éinne,
go tobann smaoiním ar an gcrann
nach bhfuil radharc agam níos mó air

solas na gréine i measc na gcrann
mo sheanchara
ag téarnamh
iarrann sé orm a chathaoir a chur
taobh leis an bhfuinneog

cearnóg an bhaile –
tagann cailín beag
isteach sa bhfráma
agus grianghraf á ghlacadh agam
de na colúir

siúlaim timpeall an locha
leis an gceamara
go dtí an bruach thall
an áit a bhfuil na healaí
ar an bport

tráthnóna earraigh –
siúlaim liom
ón sruthán
ar ais go dtí mo cheamara is mo sheaicéad
sa mhóinéar

mé féin is an piscín
inár seasamh go ciúin
sa doras
ag breathnú ar an dorchadas
ag socrú síos i measc na gcrann

siansa de chuid Mozart
tríocha míle troigh
os cionn talún
mé ar snámh is néalta bána
faram

cróntráth samhraidh –
gabhann cailín amach
as an teach ina bhfuil
éiníní ag giolcadh
i gcás