2013-05-21

Tae

an deatach ón tae
is an tsaileach
iad araon ag crith
Haiku le Issa ón mbliain 1794. Sin is haiku ann: ar éigean má tá aon ní ag titim amach ann. Leoithne bheag a chorraíonn an crann, an leoithne chéanna a chorraíonn an deatach atá ag éirí ón tae. Ach níl an finné, Issa, corraithe. Cén fáth a mbeadh! Tá braon tae aige - agus tá haiku aige.
Cad eile a bheadh uait!

Tae! Tá finscéal álainn ag na Búdaithe mar gheall air. Baineann sé leis an mBodhidharma, an té a thug an Búdachas ón India chun na Síne; leath an Búdachas ansin go dtí an tSeapáin sa séú haois. Chun cabhrú lena chleachtas spioradálta, bhain an Bodhidharma a chuid fabhraí de féin.
Thit na fabhraí go talamh agus níorbh fhada gur fhás an tae. Tá sé á ól ó shin ag daoine ar mian leo a bheith ina ndúiseacht!
Tae,cha, an chéad fhocal sa haiku. Seans maith nach raibh aon tae á ól in Éirinn nuair a cumadh an haiku seo.

.茶の煙柳と共にそよぐ也

cha no kemuri yanagi to tomo ni soyogu nari