2013-06-16

An Leamhan is a Chuid Taisteal

Líon na leamhan
amuigh ansin
is an solas
á lorg acu –
líon gan áireamh.
Tháinig leamhan
go dtí an fhuinneog anocht
á bhrú féin
in aghaidh na gloine
agus thar aon leamhan eile
(thar aon neach eile)
dá bhfaca mé riamh
samhlaíodh dom
go raibh aistear an-fhada
déanta aige
trí ghleannta dubha ceo.
B’fhacthas dom
go raibh impí
ina shúile
nár léir dom i gceart
is i bpreabarnach uafásach leictreach
a chuid sciathán traochta.
Níl mórán anseo,
a deirimse leis,
cuardaigh an cosmas duit féin –
réaltbhuíonta i gcéin.
Tar ar ais ansin is deimhnigh dúinn uile
nach bhfuil sa dorchadas
ach ár ndaille
ár n-éadóchas
ár ndeoraíocht i bpéin –
nó, níos fearr fós,
croch thart
is aimsigh an solas sin atá uait go géar
id chorp mistiúil féin