2013-06-22

Haiku le Issa ón mbliain 1813

Éan geimhridh i gcúrsaí haiku is ea an 'chidori', an fheadóg.

stop ag caoineadh
tá an t-earrach ar a bhealach
a fheadóg amaideach!


    .鳴な鳴な春が来るぞよばか千鳥
    naku na naku na haru ga kuru zo yo baka chidori

Cloiseann an Seapánach an fheadóg san fhocal féin, chidori, agus tá sé le clos anseo:

Haiku eile leis (ón mbliain 1815) a sheasann amach domsa is ea an cur síos neamhghnách nach mór nua-aimseartha seo ar na feadóga ag éirí san aer:
cladach á chrapadh
ina pháipéar bruscair -
éiríonn na feadóga

Luaitear na feadóga sa waka álainn seo de chuid Ki no Tsurayuki (872 -945):

agus mo chroí
ag cur thar maoil le grá
bhrostaíos an oíche gheimhridh ar fad
go dtí teach mo leannáin.
Bhí an ghaoth ar an abhainn chomh feannaideach sin
gur ghlaoigh na feadóga is iad faoi chrá