2013-09-07

Foilsitheoireacht na Gaeilge faoi bhláth - thar lear!


Nach breá an rud é go bhfuil foilsitheoireacht na Gaeilge faoi bhláth ar an gcoigríoch. Ní inniu ná inné a thosaigh an obair seo, ar ndóigh. Mar is eol dúinn go léir, bhí gort na foilsitheoireachta Gaeilge á threabhadh in Antuairp, i Sasana, i Lobháin, i bPáras agus áiteanna eile i gcaitheamh na gcianta:
http://www.dublinheritage.ie/historic_collections/orchiste_na_gaeilge.html

Tá stair na foilsitheoireachta Gaeilge i Meiriceá suimiúil chomh maith, gan dabht, agus tá An Gael á fhoilsiú go tréan i gcónaí. An bhfuil aon rud ar siúl sa Mheán Oirthear, san Afraic nó san Áise? Aisteach go leor, nuair a bhogann Éireannaigh go Dubai agus áiteanna mar sin, an chéad rud a dheineann siad ná Cumann CLG a bhunú. Ní ritheann sé leo, áfach, iris a bhunú nó leabharlann bheag a oscailt dóibh féin.

Pé ar domhan scéal é, d'fhéadfá a rá go bhfuil foilsitheoireacht na Gaeilge faoi bhláth sa chibearspás, le Amazon, Kobo, Nook Books agus na dreamanna sin go léir. Is cuma cá bhfuil cónaí anois ort, d'fhéadfá iris Ghaeilge nó blag Gaeilge a fhoilsiú agus éisteacht le Raidió na Gaeltachta, abair, ar do shuaimhneas agus tú ag marcaíocht ar chamall nó ar eilifint. Cad déarfadh Peig Sayers, n'fheadar.
 
Nuascéalta thuasluaite ann ó 2011 ach fuaireas amach ó bheith ag caint le roinnt daoine le déanaí, daoine ar léitheoirí iad, nach raibh a fhios acu a leithéid a bheith ann. An ré dhigiteach, ré an eolais? Ní gá gurb ea. Tá gá le níos mo bolscaireachta, bolscaireacht de chaighdeán ard, i saol na Gaeilge - ag baile agus i gcéin - chun cur in aghaidh bholscaireacht impiriúil an Bhéarla.

An dtacaíonn Rialtas na hÉireann le foilsitheoireacht na Gaeilge thar lear, an Chomhairle Ealaíon, Clár na Leabhar Gaeilge, Idirmhalartán Litríocht Éireann, ár gcuid ambasáidí agus mar sin de?
 
Níl a fhios agam an bhfuil gléasanna léitheoireachta in úsáid ag pobal léitheoireachta na Gaeilge nó nach bhfuil. Is dóigh le scríbhneoirí áirithe gur cheart deireadh a chur le cóipcheart. Creidimse go bhfuil ábhar díospóireachta ansin gan amhras. Leabhair a bheith ar fáil saor in aisce do chách? Ábhar machnaimh. Tá  scata leabhar ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar an suíomh seo agus a thuilleadh ag teacht! Níl a fhios agam cé a léifidh iad ná cén áit ar chlár na cruinne a léifear iad.
 
Rud amháin a thuigeann scríbhneoirí agus foilsitheoirí go dianmhaith is ea an méid seo: níor éirigh linn litearthacht sa Ghaeilge a chur chun cinn i gceart. Níl a fhios agam fiú amháin ar éirigh linn meas ar an litríocht a chothú i gceart sna scoileanna.
 
Is i mBéarla a bhíonn fotheidil ar TG4; i bhfocail eile, litearthacht sa Bhéarla atá á cur chun cinn aige.Níl sé ródhéanach an nós sin, an cultúr sin, a athrú agus fotheidil Ghaeilge a chur chun cinn - fiú mura mbeadh i gceist leis sin ach scannán eachtrannach amháin in aghaidh na seachtaine agus fotheidil Ghaeilge air. Buile beag ach buile éifeachtach go maith mar sin féin chun an litearthacht sa Ghaeilge a scaipeadh. 

Bailíonn brobh beart.