2013-09-04

Gealbhan sa Gheimhreadh

Tá cónaí ar an gcumadóir Conallach Derek Ball i nGlaschú le fada an lá. Tá ceol curtha aige le saothar liom i nGaeilge agus i mBéarla agus tá caidreamh cneasta cruthaitheach againn lena chéile ó bhíomar inár slatairí. Bhuel, ní raibh Derek riamh ina shlataire. Agus ní bheidh.
 
Ar aon chuma, oíche dá rabhas san árasán aige nár tháinig fonn mór orm eipic a scríobh ach ní raibh aon pháipéar sa tigh agus ní raibh siopa sa chathair ar oscailt. Lig sé dom an páipéar balla a bhaint anuas agus scríobh ar an gcúl. Is dóigh liom go bhfuil cúpla líne den eipic sin fós aige!
 
Más buan mo chuimhne, bhí cara eile linn, Eugene Moloney as Carraig na Siúire nó áit éigin mar sin, inár dteannta an oíche sin agus go gairid tar éis dó m'eipicse a léamh, labhair Íosa leis agus athbhaisteadh é.
 
D'iarr Derek orm carúl Nollag a scríobh dó, i mBéarla, agus mar chúiteamh ar an bpáipéar balla aige a lot fadó (agus cara linn beirt a chomáint i dtreo Íosa), chumas na liricí dó ar an toirt. Is fiú na nótaí ag Derek a léamh - sea, na nótaí ceoil, cinnte, ach na nótaí réamh-mhínithe chomh maith, go háirithe an tagairt do Hannibal Lector a bhain stangadh asam, caithfidh mé a rá.