2013-09-23

Shunga: an nochtapas

Taispeántas Shunga ar siúl i Músaem na Breataine go dtí mí Eanáir seo chugainn, pléisiúir na colainne in ealaín na Seapáine agus leabhar sa traidisiún sin The Naked Octopus, nó an nochtapas mar a thugaimse air, le foilsiú go luath ag Evertype. 'Tentacle erotica' an téama oifigiúil ar an seánra áirithe seo, earótachas braiteoige a thabharfaí air sa Ghaeilge, is dócha. Deirtear go raibh sé á chleachtadh fadó ar Inis Mhic Aoibhleáin.