2013-12-10

Ar an lá seo, 10 Nollaig

Ar an lá seo, 10 Nollaig, 1968, sa Téalainn, cailleadh Thomas Merton, file, Trapach.


Sa chiúnas


Bí ciúin.
Éist le clocha an fhalla.
Bí ciúin, táid ag iarraidh
d'ainmse

a rá.
Éist leis na fallaí beo.

Cé thú féin?

thú? Cé leis
an tost atá ionat?

Cé (bí ciúin)
thú (faoi mar atá na clocha seo
ciúin). Ná smaoinigh
ar an tusa atá
ná go deimhin ar an tusa a bheidh lá éigin.
Seachas sin
bí mar atá tú (cé, n'fheadar?)

bíse eisean, an té gan smaoineamh
nach eol duit.

Uch, bí ciúin
fad is beo duit,
is an uile ní beo id thimpeall

is tú ag caint (ní chloisim)
le do bheith féin,
ag caint tríd an ní thar eolas
atá ionat is iontu go léir.

"Déanfadsa iarracht a bheith mar atáid is a bheith im chiúnas-sa féin:
agus is deacair: Tá an domhan go léir
ar bharr lasrach faoi rún. Dónn na clocha
na clocha féin, dónn siad mé.
Conas is féidir do dhuine bheith ciúin
nó éisteacht le loisceadh an uile ní?
Conas suí leo
is a gciúnas go léir ar bharr lasrach?"