2013-05-31

Haiga: Sasqahuaman

Íomhá Ron Rosenstock

Sasqahuaman -
dá mbeadh caint
ag na clocha
Sasqahuaman -
if the stones
could speak

2013-05-30

Rogha Tanka le K. Ramesh, máistir haiku & tanka as an India

ag rothaíocht liom
ar an gcuarbhóthar
timpeall an oileáin –
i gcuideachta
na mara

bándeirge
na maidine
á roinnt le cosán cam
táim ar bord traenach
is m’aghaidh ar mo bhaile dúchais

ag éisteacht
le hamhrán i dteanga
nach eol dom –
ní heol dom ach
gur amhrán brónach é

tráthnóna samhraidh –
gan súil acu le traein
beirt sheanfhear ag cabaireacht
ina suí ar bhinse
an stáisiúin bhig seo

oíche i mí Mheán Fómhair
páipéar scrúdaithe agam á cheartú
tugaim ciaróg faoi deara
is í bunoscionn –
á hathiompú féin arís

 fiafraíonn tú díom,
cén fáth an meangadh gáire
gach uair dá bhfeiceann tú mé?
bíonn meangadh gáire ormsa leis
nuair a thagaimse ar rósanna  

boinn airgid á lorg agam
i mo phóca –
síolta dearga
a chnuasaigh
m’iníon bheag

tráthnóna na gcriogar ...
i mo sheasamh os comhair pictiúr
d’eala ag eitilt
go ciúin
i dtreo na sléibhte

ag siúl liom
tar éis slán a rá
le gach éinne,
go tobann smaoiním ar an gcrann
nach bhfuil radharc agam níos mó air

solas na gréine i measc na gcrann
mo sheanchara
ag téarnamh
iarrann sé orm a chathaoir a chur
taobh leis an bhfuinneog

cearnóg an bhaile –
tagann cailín beag
isteach sa bhfráma
agus grianghraf á ghlacadh agam
de na colúir

siúlaim timpeall an locha
leis an gceamara
go dtí an bruach thall
an áit a bhfuil na healaí
ar an bport

tráthnóna earraigh –
siúlaim liom
ón sruthán
ar ais go dtí mo cheamara is mo sheaicéad
sa mhóinéar

mé féin is an piscín
inár seasamh go ciúin
sa doras
ag breathnú ar an dorchadas
ag socrú síos i measc na gcrann

siansa de chuid Mozart
tríocha míle troigh
os cionn talún
mé ar snámh is néalta bána
faram

cróntráth samhraidh –
gabhann cailín amach
as an teach ina bhfuil
éiníní ag giolcadh
i gcás

2013-05-29

Ag teacht go luath/Coming soon

Gliogáil le méadú:

Tá sampla as an leabhar ar an mblag - anseo:

haiga: capall íoslannach

Íomhá Ron Rosenstock

feiceann sé gach
is gá a fheiscint –
capall íoslannach
seeing all
he needs to see –
icelandic horse

2013-05-28

An chéad sneachta

Ní le saol éigin eile ach leis an saol seo a bhaineann an haiku agus, go traidisiúnta, bíonn an dea-haiku ar maos sa dúlra agus boladh na séasúr uaidh. Baineann an haiku seo, áfach, leis an ngalar coitianta a fhaightear ar fud an domhain "fhorbartha" is é sin nach bhfuil a fhios ag a leath againn cé atá ina gcónaí in aice linn.
an chéad sneachta
rianta coise na gcomharsan
nach bhfacamar riamh
Melissa Allen

2013-05-27

Máistir na Séimhe, K. Ramesh agus a chuid haiku

Is múinteoir é K. Ramesh agus is i gceann de na scoileanna Krishnamurti a mhúineann sé. Nach méanar dá dhaltaí agus oide mar sin acu. Chreid Jiddu Krishnamurti nach mbeadh rath ar éinne againn gan teacht ar thuiscint do na nithe sin go léir a mhúnlaíonn sinn, náisiúntacht, creideamh, mianta, claontacht, eagla agus nithe eile ar ábhar coimhlinte go minic iad. Má tá aon ní amháin le sonrú i haiku K. Ramesh, easpa coimhlinte a thabharfainnse air.
An té a bhfuil leathdhosaen haiku den scoth scríofa aige is máistir haiku é (an máistir ba mhó ar fad, Basho, a dúirt) agus dá réir sin is máistir é K. Ramesh. Duine cúlánta is ea é. Nuair a bhuaileas leis san India, is i gcogar a labhair sé agus é féin á chur in aithne dom. Ag freastal ar cheardlann haiku liomsa a bhí sé ach dáiríre d’fhéadfadh seisean a bheith i mbun na ceardlainne agus mise mar dhalta aige:


cuar an chrúsca uisce. . .
an teaghlach go léir
ag ithe dinnéir

Tá mistéir ansin, nach bhfuil? Ealaín ar bith a bhfuil mistéir ag baint léi, sin í an ealaín a labhraíonn liomsa agus a fhanann liom. Táimid timpeallaithe ag gach saghas gáifeachta na laethanta seo agus is iontach an ní é an neamhghairéadaí a fhaighimid i ndéantús K. Ramesh. An rud is annamh is iontach.
     Tá soilíos sa haiku thuas, atmaisféar na sástachta; tá luachanna ann nach bhfaightear an-mhinic i saol na n-ealaíon inniu: caithfidh coimhlint a bheith i ndráma, i scannán, in úrscéal, caithfidh foréigean a bheith ann, teannas. Tús sona, sonas sa lár, críoch shona? Níl sé sin ó éinne a thuilleadh de réir dealraimh. Andúiligh teannais is ea gach éinne na laethanta seo, an buachaillín sé bliana d’aois agus físchluiche á imirt aige san áireamh. Mura bhfuil teannas is foréigean á thuairisciú ar an Nuacht, braithimid go bhfuil rud éigin in easnamh uirthi.
     Saol nádúrtha, áfach, a léiríonn K. Ramesh ina chuid haiku. Cad eile? Is í an nádúrthacht bunchloch an haiku. Tugtar faoi deara go bhfuil dhá bhrí ag baint leis an bhfocal ‘nádúrthacht’ sa Ghaeilge. Cneastacht an bhrí thánaisteach atá leis an bhfocal.


cliseadh cumhachta –
dúnaim an leabhar
tugaim cluas don bháisteach

Is follasach go bhfuil spiorad an haiku ansin mar is é an t-airdeall a ghineann an haiku. Murach an t-airdeall sin ní bheadh an haiku ann. Rud is ea cliseadh cumhachta a tharlaíonn go minic san India. Tagann an chumhacht ar ais arís tar éis nóiméad nó dhó nó cuirtear gineadóir ar siúl. Haiku álainn is ea é. Ar shlí, tá sé á rá go bhfuil níos mó le foghlaim ón mbáisteach ná ón leabhar nó b’fhéidir nach é sin an rud atá á rá aige in aon chor. Bíonn níos mó ná léamh amháin ar haiku. Fágtar gan teideal iad mar go gcúngódh sé sin iad. Fágtar oscailte iad. Ní bhíonn lánstad ag an deireadh mar níl an focal deiridh ráite. Ní bheidh go deo.
 
dhá chuach
ag glaoch –
fáinne geal an lae

An-simplí, mar is ceart. Eachtra bheag díreach mar a tharla, gan cur leis an scéal ná baint de. Soineantacht. Tá dhá bhrí le soineantacht, leis, ‘soineantacht’ duine agus ‘soineantacht’ mar fhocal chun cur síos ar an aimsir. Faightear an tsoineantacht is an tséimhe sin go flúirseach i haiku K. Ramesh agus ní thuirseoinnse go deo de:

teagmhaíonn duilleog bhuí
leis na duilleoga glasa
ar a slí síos

Is léir go bhfuil na máistrí móra léite agus athléite aige, Basho, Buson, Issa, Shiki, Santoka et al. Tá rud éigin an-Seapánach faoi haiku sin na nduilleog aige. Ní haon locht é sin air. Ach tríd is tríd tá a stampa féin agus stampa chultúr a thíre féin buailte go tréan aige ar a chuid haiku:


gort ríse cois abhann
guth an fheirmeora
ag labhairt leis na tairbh

Arís, an tséimhe sin. Leochaileacht. Níl aon áit sna haiku seo don Sturm und Drang, níl taibhsí Kerouac ná Basho anseo, ná tintreach ná toirneach. Níl aon bhagairt anseo:

scáil éisc . . .
ó phúróg
go púróg

Rithim na tuaithe atá anseo, rithim atá dearmadta ag a lán againn, rithim na beatha, rithimí nádúrtha an lae, rithim an chroí, rithim na séasúr:

baile dúchais ...
is mall mar a fhreagraíonn an tarbh
do chloigín an rothair

An uair fhánach a bhuailtear nóta ón bhfiántas anseo, ar chuma éigin níl aon eagla le brath ann:

oíche ghealaí . . .
dúisím is liúnn seacal
i gcéin

Bhí a lán le rá ag Jiddu Krishnamurti faoin dúlra agus is maith go bhfuil file mór haiku ag múineadh i gceann de na scoileanna a bhuanaíonn a theagasc siúd. Dúirt Krishnamurti uair amháin: ‘Nuair a chailltear an dlúthchaidreamh domhain leis an dúlra is ansin a bhíonn tábhacht ag baint leis an teampall, leis an mosc is leis an eaglais.’ In áit eile (ina dhialann) deir sé mura mbíonn teagmháil againn leis an dúlra caillfimid teagmháil leis an daonnacht, le nádúr an duine féin.
Sa chéad haiku eile tá sampla maith den chleas sin a bhíonn ag lucht haiku, is é sin dhá íomhá le hais a chéile is gan aon cheangal eatarthu ar an gcéad amharc:

ióga maidine –
cuar an gheiceo
ar an mballa

Treisíonn na híomhánna sin a chéile. An úire a bhaineann le haiku K. Ramesh, úire na soineantachta í, úire na neamhornáideachta, tuairisc lom shimplí ar an rud atá ag titim amach go neamhdhrámata is go nádúrtha.
Is minic spraoi, leis, ina chuid haiku :

scoil fán dtuath . . .
siúlann scata lachan
thar an seomra ranga











2013-05-26

Seoladh sioc maidine/ morning frost


Grianghraf thuas:
Ag seoladh sioc maidine/ morning frost (Arlen House), haiku le Jack Kerouac, sa Workman's Club, BÁC 2, ó chlé:
Celia de Fréine. Jack Harte, Eoghan Mac Aogáin agus an t-aistritheoir, Gabriel Rosenstock.

Grainghraf ar dheis:
Liam Carson, Stiúrthóir IMRAM agus aistritheoir an leabhair, Gabriel Rosenstock

Haiku agus an bás

Tá seánra ar leith haiku ann a chuireann síos ar shaothrú an bháis agus tá roinnt samplaí thíos ach i dtosach féachaimis ar Hortensia Anderson (? - 2012) agus drochscéala faighte aici ón dochtúir:

i m'aonar leis
an diagnóis
beirim greim láimhe orm féin

Haiku coscrach, leis, é an chéad cheann eile uaithi:

uaigneas -
píosa adhmad raice
ag teacht ar ais arís is arís eile

Samplaí de haiku báis na Seapáine:

slán...
imeodsa mar a imíonn gach aon ní
drúcht ar an bhféar
Banzan


focal scoir?
níl boladh ón sneachta
atá ag leá

Bokusui


séid más maith leat
a ghaoth an fhómhair: tá na blátha
feoite

Gansan

2013-05-25

Haiga: Trosc

Íomhá Ron Rosenstock

ag gáire
faoina chéasadóir
trosc marbh
laughing
at his tormentor -
a dead cod

2013-05-24

Chuang Tzú: Nuair a oireann an bhróg

An bhfuil sé indéanta tabhairt faoin scríbhneoireacht, faoin bpéintéireacht, faoin gcumadóireacht, faoin rince, faoin haiku - faoi ealaín ar bith - de réir phrionsabail ChuangTzú?  Tá ar ndóigh ach sular éirigh leis an línitheoir a luaitear anseo, Ch'ui, sular éirigh leis na ciorcail fhoirfe sin a tharraingt go saorlámhach, bhí cúpla míle ciorcal déanta aige. Líofacht atá uainn go léir, is cuma cad atá ar siúl againn, ag cumadh haiku, abair, nó líofacht sa chaint, sa mhachnamh, sa siúl.


Féach anseo Chuang Tzú (nó Zhuangzi) agus é ag taibhreamh faoi fhéileacán nó an é go bhfuil an féileacán ag taibhreamh faoi Chuang Tzú?

Nuair a oireann an bhróg

Is foirfe a bhí na  ciorcail
a tharraing an línitheoir Ch’ui
go saorlámhach ná le compás.

Thug a mhéara foirmeacha spontáineacha
leo as an bhfolús. Idir an dá linn
bhí a aigne saor agus ní raibh sé buartha
faoina raibh ar siúl aige.


Ní raibh dúthracht dá laghad ag teastáil
bhí a aigne go hiomlán neamhchasta
agus gan aon bhac uirthi.


Mar sin, nuair a oireann an bhróg
déantar dearmad ar an troigh,
nuair a oireann an crios
déantar dearmad ar an mbolg,
nuair atá an croí i gceart
déantar dearmad ar “ar son” is “in aghaidh”.

Gan treallús, gan iallach
gan riachtanas, gan tarraingt:
beidh smacht ansin agat
ar chúrsaí
saorfhear a bheidh ionat.

Éasca mar is cóir. Tosaigh i gceart
is bí éasca.
lean ort go héasca is beidh tú i gceart.
An tslí cheart le bheith éasca
ná an tslí cheart a dhearmad
is dearmad a dhéanamh ar éascaíocht na slí

When the Shoe Fits

Ch'ui the draftsman
Could draw more perfect circles freehand
Than with a compass.

His fingers brought forth
Spontaneous forms from nowhere. His mind
Was meanwhile free and without concern
With what he was doing.

No application was needed
His mind was perfectly simple
And knew no obstacle.

So, when the shoe fits
The foot is forgotten,
When the belt fits
The belly is forgotten,
When the heart is right
"For" and "against" are forgotten.

No drives no compulsions,
No needs, no attractions:
Then your affairs
Are under control.
You are a free man.

Easy is right. Begin right
And you are easy.
Continue easy and you are right.
The right way to go easy
Is to forget the right way
And forget that the going is easy.

~ Chuang Tzu ~

(In the Dark Before Dawn, trans. Thomas Merton)

2013-05-23

2013-05-22

Martin Luther King

Cén fáth
nach éan
nó féileacán
a d’eitil
tríd an aer
chugat
seachas piléar
a ghabh
trí do smig
is do mhuineál
is a theasc
corda an dromlaigh?

An raibh aisling, leis,
ag an bpiléar –
dán dorcha
dá chuid
féinig?


Féach  toradh an scrúdaithe iarbháis anseo

Oileán an Turtair

Is fada mé faoi dhraíocht ag cultúr is ag filíocht na Meir-Indiach:

Ar Strae

Seas go socair.
Na crainn romhat agus na sceacha laistiar díot, ní ar strae atáid.
Pé áit ina bhfuil tú, tugtar Anseo air
Agus ní mór duit déileáil leis mar strainséir éachtach,
A chead a lorg aithne a chur air agus aithne a bheith aige ort.
Análaíonn an fhoraois. Éist. Freagraíonn sí:
Tá an áit seo thart ort cruthaithe agam,
Má fhágann tú tá cead agat filleadh arís, is Anseo ar do bheola agat..

Ní hionann aon dá chrann dar le Fiach.
Ní hionann aon dá ghéag dar le Dreoilín
Munar léir duit cad a dhéanann an crann is an sceach
Ní léir duit tú féin. Seas go socair.
Tá a fhios ag an bhforaois cá bhfuil tú.
Lig di teacht ort.



Seanscéal ó Oileán an Turtair - Meiriceá - é sin. David Wagoner a chuir Béarla air agus fáil air sa leabhar The Heart Aroused - Poetry and the Preservation of the Soul in Corporate America le David Whyte. Foilseoidh Cló Mhaigh Eo leabhar liom go luath dar teideal Scéalta ó Oileán an Turtair. Is feidir an chéad scéal mistéireach sa leabhar sin, Píopa na Síochána, a léamh anseo.


Go raibh an Píopa libh!

2013-05-21

Tae

an deatach ón tae
is an tsaileach
iad araon ag crith
Haiku le Issa ón mbliain 1794. Sin is haiku ann: ar éigean má tá aon ní ag titim amach ann. Leoithne bheag a chorraíonn an crann, an leoithne chéanna a chorraíonn an deatach atá ag éirí ón tae. Ach níl an finné, Issa, corraithe. Cén fáth a mbeadh! Tá braon tae aige - agus tá haiku aige.
Cad eile a bheadh uait!

Tae! Tá finscéal álainn ag na Búdaithe mar gheall air. Baineann sé leis an mBodhidharma, an té a thug an Búdachas ón India chun na Síne; leath an Búdachas ansin go dtí an tSeapáin sa séú haois. Chun cabhrú lena chleachtas spioradálta, bhain an Bodhidharma a chuid fabhraí de féin.
Thit na fabhraí go talamh agus níorbh fhada gur fhás an tae. Tá sé á ól ó shin ag daoine ar mian leo a bheith ina ndúiseacht!
Tae,cha, an chéad fhocal sa haiku. Seans maith nach raibh aon tae á ól in Éirinn nuair a cumadh an haiku seo.

.茶の煙柳と共にそよぐ也

cha no kemuri yanagi to tomo ni soyogu nari

2013-05-20

Haiga

Íomhá Ron Rosenstock

Machu Picchu –
bailíonn na scáthanna
chun éisteacht le scéalta ársa
Machu Picchu –
shadows gather
to listen to ancient tales

2013-05-19

Dán le Saadi, duine de mhórfhilí na hIaráine (1207 -1291)



Ní seomra cúirte é an saol seo,
níl breitheamh ann, ná giúiré, ná gearánaí.

Carbhán atá anseo againn
lán de neacha aite
scéalta iontacha á n-insint acu faoi Dhia

The world is not a courtroom,
there is no judge, no jury, no plaintiff.

This is a caravan,
filled with eccentric beings
telling wondrous stories about God.

~ Saadi ~

Cuireadh: Seoladh Sioc Maidine| Morning Frost



Leagan PDF anseo:

Cosán

Cosán/ Footpath - 2010
oil on black canvas with palette knife 
  
Once you realize that the road is the goal and that you are always on the road, not to reach a goal, but to enjoy its beauty and its wisdom, life ceases to be a task and becomes natural and simple, in itself an ecstasy.
 
~Sri Nisargadatta Maharaj
Ar ghabhas an chonair seo cheana

Ar ghabhas an chonair seo cheana
cén tírdhreach é seo
cad iad na bláthanna seo go léir is na crainn
na bolaithe sin is na dathanna
rud amháin a aithním
an ciúnas
a bhí ionam ón gcéad lá riamh
is a chailleas
thána arís air
ní hea is é an ciúnas a tháinig ormsa
is fada sa tóir orm é
ag glaoch orm as lár an tosta
ghabhas an chonair seo cheana


Have I been this way before

Have I been this way before
what landscape is this
what flowers are these what trees
and scents and colours
one thing I recognise
the quietness
that I knew from the beginning
and that I lost
and found again
no it was quietness that found me
it has long been searching for me
calling me from the heart of silence
I have been this way before

2013-05-18

Ollamh ar Díol!



Deirtear gurb é An tOllamh Gorm (Cló Mhaigh Eo) an leabhar is goirme sa Ghaeilge - go dtí seo ar aon nós. Tá fáil anois air, i mBéarla, ní faoi chlúdaigh, is oth liom a rá, ach do léitheoirí gorma an bhlag seo.
Tá an bunleabhar ar fáil anseo:
http://www.leabhar.com/ollamh-gorm.htm
 Tá foilsitheoir i dteanga(cha) eile á lorg anois againn mar sin má tá aintín leat ar foilsitheoir sa Mhongóil í, cuir an nasc seo chuici gan a thuilleadh moille, le do thoil.

Féach anseo agus anseo:

Mann sagt dass An tOllamh Gorm (Cló Mhaigh Eo)  (Professor Blau) das blauste Buch im Irischen ist - zumindest bis jetzt. Es ist jetzt auf Englisch verfügbar - nicht zwischen Buchdeckel, leider - aber für die blauen Leser dieses Blogs.
Das Grundwerk ist hier zu finden:
http://www.leabhar.com/ollamh-gorm.htm
Wir suchen jetzt  Verleger in andere Sprachen; falls also deine Tante in der Mongolei Verlegerin ist, sende ihr schnellstens diesen Link, bitte!

Siehe hier und hier:

Nóta: Fáilte roimh leaganacha i dteangacha seachas Béarla den sliocht seo!

Sea!

Sea
D'fhéadfadh sé tarlú uair ar bith, tornádó,
crith talún, Harmagadón. D’fhéadfadh sé tarlú.
Nó taitneamh na gréine, grá, slánú.

D’fhéadfadh, tá’s agat. Sin an fáth go ndúisímid
is go bhféachaimid amach – níl aon rud cinnte
sa saol seo.

Ach tá roinnt bónas ann, an mhaidin, abair,
an nóiméad seo anois, lár an lae abair,
nó tráthnóna


Yes

It could happen any time, tornado,
earthquake, Armageddon.  It could happen.
Or sunshine, love, salvation.

It could, you know.  That's why we wake
and look out -- no guarantees
in this life.

But some bonuses, like morning,
like right now, like noon,
like evening.




~ William Stafford ~
(The Way It Is)

2013-05-17

Cás na tíre

Uaireanta is gá focal a chumadh nó fanacht go foighdeach go dtí go dtagann www.focal.ie ar réiteach éigin agus sa chás seo is é 'ghost estate' a bhí ag déanamh scime dhom. Bhí dán neafaiseach scríofa agam dar teideal A Ealaí, faoi ealaí agus a n-eitilt. Ní rabhas sásta leis ná baol air. Bhain sé le réimse na samhlaíochta amháin, liomsa amháin a bhain sé. Ach braithim go bhfuil dualgas orainn mar fhilí cás na tíre a iniúchadh chomh maith lenár gcás féin. An tagairt mar sin do na scáileastáit a chuireann an dán i gcomhthéacs ar linne:


A Ealaí

Tugaigí libh ar bhur n-aistir bhána
mo mhianta is m’aislingí uile
is iad measctha le bhur mianta is bhur n-aislingí féin
greadaigí bhur sciatháin théagartha
sa bhfolús
imígí
imígí libh os cionn scáileastáit Éireann
ná féachaigí oraibh féin i bpánaí briste
imígí
as radharc mo mhianta
as raon m’aislingí is m’eolais
bhur scrogall sínte!

Drúcht

    cuireann sé creatha fuachta orm -
         drúcht ag sileadh
                anuas

    Haiku de chuid Issa ón mbliain 1813.

    .後からぞっとするぞよ露時雨
    ushiro kara zotto suru zo yo tsuyu shigure

      Deir David Lanoue gur sean-nath is ea' tsuyu shigure' a sheasann do dhrúcht an fhómhair agus an oiread sin ann de gur geall le báisteach an gheimhridh é. Ar ndóigh tá na mílte is na mílte haiku ann i dtaobh an drúchta. Cén fáth nach mbeadh? Siombail de ghiorra an tsaoil é an drúcht agus is minic nach mbíonn sa haiku ach spléachadh an-tapa ar radharc éigin.
            Is le Kawabata Bosha an dá cheann eile thíos:
          
               ar nós diamaint -
                 braon drúchta leis féin
                   ar chloch
Burenbileg Batsuuri
Is dóigh liom go bhfuil meon an tSeapánaigh ansin againn go glé glinn, an intinn sin atá in ann díriú ar ghné amháin d'fheiniméin líonmhara na beatha agus sásamh millteach a bhaint as an ngné bheag sin:
             braonta drúchta ag rith thart
                braoinín amháin
                   fágtha
  
Agus cuirimis deireadh leis an machnamh beag seo ar dhrúcht le haiku ón Mongóil de chuid Burenbileg Batsuuri:
                 dallrú na gréine
                    ar an steip
                      i ndrúcht na maidine

2013-05-16

Gadaí na Tine/Thief of Fire

Gliogáil le méadú

 ‘Gadaí na tine, dá réir sin, cinnte, é an file. Tá sé freagrach as an gcine daonna, as ainmhithe fiú; caithfidh sé a dheimhniú go mbeifear in ann a chuid aislingí a bholú, a mhuirniú agus go n-éistfear leo; má tá foirm ag an méid a thugann sé leis ón alltar, tugann sé foirm dó; mura bhfuil, ní thugann puinn foirme dó. Caithfear teacht ar theanga ... an anama ar son an anama agus cuimseoidh sí an uile ní: cumhrachtaí, fuaimeanna, dathanna, smaointe i ngleic le smaointe.’

Is mar sin a scríobh Arthur Rimbaud, an file Fraincise is iomráití riamh, seans. Bhí Siombalaithe, Dadaithe agus Osréalaithe faoina anáil. Scríbhneoirí a tháinig ina dhiaidh, ghlac siad le cuid dá chuid téamaí agus anuas air sin ghlac siad chucu féin an leas ar leith a bhain sé as foirm is friotal.
Léiriú dhátheangach seo de Illuminations (1874). Tá na dánta sin aistrithe ag Ciaran Carson go Béarla agus foilsithe ag Gallery Press sa leabhar In the Light Of. Léifidh Liam Ó Muirthile leaganacha Gaeilge. Tionlacan ceoil le Seán Mac Erlaine agus íomhanna le Margaret Lonergan.

Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, Féile Litríochta na Gaeilge, a chruthaigh an tionscadal seo.
Dáta Dé Céadoin 22 Bealtaine
Am 8.30 in
Ionad Sugar Club
Ticéid € 10 / €8 lamháltas


 “The poet, therefore, is truly the thief of fire. He is responsible for humanity, for animals even; he will have to make sure his visions can be smelled, fondled, listened to; if what he brings back from beyond has form, he gives it form; if it has none, he gives it none. A language must be found…of the soul, for the soul and will include everything: perfumes, sounds, colours, thought grappling with thought”.
So wrote Arthur Rimbaud, perhaps the most influential French poet ever. He influenced the Symbolists, Dadaists and Surrealists, and later writers adopted not only some of his themes, but also his inventive use of form and language. French poet Paul Valéry stated that “all known literature is written in the language of common sense — except Rimbaud’s.”

The Thief of Fire celebrates Rimbaud’s Illuminations. Ciaran Carson has just published his stunning new English versions, In the Light Of, published by Gallery Press. Liam Ó Muirthile will read newly commissioned Irish versions. The reading will feature on-screen projections by Margaret Lonergan, and commissioned music by Seán Mac Erlaine.


Curated by Liam Carson, IMRAM Irish Language Literature Festival.
Date Wednesday 22 May
Time 8.30pm
Venue Sugar Club
Tickets €10 / €8 concession

La Nuit Est Ma Femme/Is Í An Oíche Mo Bheansa

Gliogáil le méadú

LA NUIT EST MA FEMME JACK KEROUAC’S SEARCH FOR A LANGUAGE AND AN IDENTITY

Kerouac’s given name wasn’t Jack; it was Jean-Louis. His mother tongue wasn’t English; it was French. In the early fifties Kerouac wrote two unpublished works in French – Sur le chemin and La nuit est ma femme, in which Kerouac identified French as the language in which he often swears, often dreams, and always cries. “When Jack was feeling wounded or angry,” Joyce Johnson remarks, “he’d sign his letters Ti Jean. He’d save Jean-Louis for his darkest moments.” She suggests he never felt truly American, and his love for the star-spangled nation was always the love of an outsider. Kerouac’s father told him: “Ti Jean, n’oublie jamais que tu es Breton” (Never forget that you are Breton). In 1965, he traveled to Brittany searching for his family’s roots. Unfortunately, he followed a wrong track. He never went any further until his death, in 1969.
La nuit est ma femme will construct a literary exploration of Kerouac’s relationship to French, to Catholicism and Buddhism; of his bi-lingual identity; and of his fraught relationship with America. The selections will draw on his letters, poems, haiku and novels. Two writers – Gabriel Rosenstock and Gearóid Mac Lochlainn – will both translate and respond to Kerouac’s work. The texts will be read to improvised jazz accompaniment by The Dirty Jazz Band and on-screen projections created by Margaret Lonergan.

Curated by Liam Carson, director of the IMRAM Irish Language Literature Festival.
Date Thursday 23 May
Time 8.30pm
Venue Workman’s Club
Tickets €10 / €8 concession
Book online: https://dublinwritersfestival.ticketsolve.com/shows/873493436/events

IS Í AN OÍCHE MO BHEANSA JACK KEROUAC SA TÓIR AR THEANGA AGUS AR FHÉINIÚLACHT


Ní Jack a tugadh ar an mbunóc ach Jean-Louis. Níorbh é an Béarla a theanga dhúchais in aon chor ach an Fhraincis. Sna luath-1950í, scríobh Kerouac dhá shaothar neamhfhoilsithe sa teanga sin, Sur le chemin agus La nuit est ma femme, an teanga a bhí i mbarr a ghoib go minic agus mallachtaí ag teacht uaidh, an teanga inar múnlaíodh a chuid brionglóidí go minic agus an t-aon teanga amháin a bhí aige is é ag caoineadh. Níor bhraith Kerouac ina Mheiriceánach go smior. An grá a bhí aige do Mheiriceá, grá an étranger a bhí ann, grá an strainséara. “Ná dearmad gur Briotánach is ea thú,” a dúirt a athair leis.
Nuair a cheistigh foilsitheoirí an Lonesome Traveller é dúirt sé: “My people go back to Breton France, first North American ancestor Baron Alexander Louis Febris de Kérouac ...was granted land along the Riviere du Loup after victory of Wolfe over Montcalm; his descendants married Indians (Mohawk and Caughnawaga) and became potato farmers...” más fíor an méid sin! Sa bhliain 1965 chuaigh sé chun na Briotáine agus a chuid fréamhacha á lorg aige ach chuaigh sé amú ann.
Déanfaidh La nuit est ma femme caidreamh Kerouac a iniúchadh agus a chaidreamh leis an bhFraincis, leis an gCaitliceachas agus leis an mBúdachas a léiriú; a fhéiniúlacht dhátheangach agus a chaidreamh míshuaimhneach le Meiriceá. Freagróidh beirt scríbhneoirí Gabriel Rosenstock agus Gearóid Mac Lochlainn dá shaothar agus aistreofar cuid de go Gaeilge. Beidh snagcheol tobchumtha ag The Dirty Jazz Band agus íomhanna ar scáileán cruthaithe ag Margaret Lonergan mar thionlacan leis an seó.


Liam Carson, stiúrthóir IMRAM, Féile Litríochta na Gaeilge, a chruthaigh an tionscadal seo.
Dáta Déardaoin 23 Bealtaine
Ionad Workman’s Club
Am 8.30in Ticéid € 10 / €8 lamháltas

2013-05-15

Tá foilsitheoir ag teastáil ón yeití!

Tá leagan Béarla ar fáil anois den leabhar An tOllamh Sneachtapas Sa Tóir ar an Yeití, leabhar a d'fhoilsigh Cló Mhaigh Eo. Bhuel, tá sé ar fáil agus níl sé ar fáil. Is é sin le rá, tá an leagan Béarla de le léamh anseo ach níl fáil air faoi chlúdaigh. I bhfocail eile, tá foilsitheoir ag teastáil ón yeití.
'Faigh foilsitheoir dó,' ar seisean liom an lá cheana.  Díreach mar sin, lom amach.
'Tá go maith, a yeití,' arsa mise leis. 'Déanfaidh mé mo dhícheall!'
Má tá foilsitheoir ar bith amuigh ansin, déan teagmháil láithreach linn.
 
Tá leagan leictreonach den leabhar anseo agus an clúdach anseo:

Fathach ar Lár: Macdara Ó Luanaigh

Tháinig mé ar roinnt dánta neamhfhoilsithe le mo sheanchara Macdara Ó Luanaigh ar na mallaibh, beannacht Dé leis. Níor éirigh leis ach leabhar amháin a fhoilsiú i gcaitheamh a shaoil Lasair as Uisce/ Flame out of Water.

Tá litir ghairid agam uaidh:

‘A Ghabriel, a Chara,
Tá tú ag treabhadh leat i gcónaí. An fiú dul ar aghaidh? Chuireas cúpla dán chuig Comhar ach níor chuala mé gíocs uathu. Ní fhaca tú léirmheas ar Lasair as Uisce áit ar bith, an bhfaca?  Chuireas dráma raidió chuig RTÉ agus dráma stáitse chuig Amharclann na Mainistreach. Faic! An fiú dul ar aghaidh?’

Bhí sé tosaithe ar leabhar nua filíochta dar teideal Tintreach Dhubh nuair a sciob an bás uainn é. Ní bheidh a leithéid arís ann!


 as Tintreach Dhubh
Macdara Ó Luanaigh (1916 - 2013)

Colúr

tuirlingíonn colúr
is beag nach dtiteann sé as an aer
tá sé chomh ramhar sin
ba chóir dó ióga a chleachtadh
nó rud éigin.

an tusa an colúr céanna a bhí anseo inné?
ó, ní thuigimse inné, ar sé,
b’fhéidir gur iógaí mór é tar éis an tsaoil


Dhá Fháinleog

dhá fháinleog
mar thintreach dhubh –
lasta
múchta
lean mo chroí iad


cá bhfuil tú anois
a chroí?


Cás Spéaclaí

De chraiceann camaill
é an cás spéaclaí
a cheannaíos i Maracó.
Labhrann sé liom as Arabais.
Cloisim yalma’a uaidh go minic agus najma -
cad tá sé ag iarraidh a rá?



Báisteach

báisteach
ar feadh leathuair an chloig
froganna ansin
rinnfheitheamh chomh domhain sin
nach mbacann
an chorr éisc leo


Scamaill

Múinim do na scamaill
conas scíth a ligint
fanacht socair
gan análú
sula scaoilim leo

Ón bhFuinneog Uachtair

radharc agam
ón bhfuinneog uachtair
ar an bhfolcadán éan –
faoi mar a chífeadh an t-éan é
an dtuigeann eolaithe
conas a fhéachann ainmhithe éin is feithidí
ar an domhan
ní thuigeann siad an radharc atá ag an bhfile air
an file ar cuach inniu é
lon amárach

Aithne Shúl

tá aithne shúl agam air
cailleadh a mhadra le déanaí
feicim anois é
greim aige
ar iall nach bhfuil ann

Trí nó Ceithre hUaire sa Ló

trí nó ceithre huaire sa ló
osclaíonn an préachán a ghob
is meabhraíonn dom
gurb ann don chruinne
gona poill dhubha agus mar sin de
saor in aisce atá an tseirbhís thábhachtach seo



MOLADH AN BHANDÉ

Éan is ea í
Iasc
Nathair
Cráin mhuice

Spéir
Muir
Talamh
Molaimis go léir í

     ~

Éan i muir
Iasc sa spéir
Iasc ionam
Éan ionam


~
Okanga –
Is iad na carraigeacha do chnámha
Is í an ghaoth d’anáil
Is iad na crainn do chuid gruaige
An chré do chuid feola
Okanga

~
Is tú Neit
Gach a raibh ann
A bhfuil ann
Is a mbeidh ann.
Cá bhfuil an duine
A bhainfeadh an chaille díot?
Is aoibhinn do chuar sa spéir
Os cionn Geb
An talamh
Is a bhod in airde
An spól do chomhartha
A Fhíodóir na cruinne

~

Athchruthaímis an domhan le briathra,

Let's remake the world with words.
Not frivolously, nor
To hide from what we fear,
But with a purpose.

Let's,
As Wordsworth said, remove
"The dust of custom" so things
Shine again, each object arrayed
In its robe of original light.

And then we'll see the world
As if for the first time.
As once we gazed at the beloved
Who was gazing at us.




Athchruthaímis an domhan le briathra,
ní go héaganta ná chun dul i bhfolach
ón ní is eagal linn,
ach d'aon oghaim.

Glanaimis
mar a deir Wordsworth
glanaimis dusta an ghnáthaimh i dtreo is go lonróidh
nithe arís, an uile ní leagtha amach
faoi róba an bhunsolais aige.

Feicfear an domhan ansin
faoi mar a bhí a chéaduair é
faoi mar a bhreathnaíomar tráth ar ár rúnsearc
a bhí ag breathnú orainne.

2013-05-14

Maidin

Íomhá Ron Rosenstock

as an oíche phlódaithe
isteach sa mhaidin lom –
Machu Picchu!
out of the teeming night
into the bare morning –
Machu Picchu!

HAIKU in aghaidh foréigin.

Táim buíoch den díolamóir Dimitar Anakiev a thug cead dom Gaeilge a chur ar roinnt haiku as an gcnuasach a chuir sé le chéile World Haiku Anthology on War, Violence and Human Rights Violation (Kamesan Books, 2013). Táimid ag druidim le 2014, céad bliain ó cuireadh tús leis an gCéad Chogadh Domhanda.

Is féidir na haiku Gaeilge a  íoslódáil anseo:

Haiku Takarai Kikaku (1661-1707)

thall is abhus
froganna ag grágaíl san oíche
réaltaí ag lonrú

Bhí spiorad an haiku ag an seandream, gan aon agó. An ceangal diamhair idir neamh is talamh anseo againn, froganna is réaltaí.

sprais samhraidh –
bean ina suí léi féin
ag stánadh amach


Haiku nó senryu? Is mó an cur síos ar dhaoine sa senryu seachas ar an dúlra. Cén aois í? Cad iad na smaointe atá aici, na smaointe nó na mothúcháin a spreagann an sprais sin inti?

nach álainn í an ré!
scáileanna na ngiúiseanna
ar na mataí

Is iontach go deo an meas atá ag an Seapánach ar na giúiseanna. Dá ndéarfaí leis go rabhamar ag smaoineamh ar ár n-acmhainn nádúrtha, Coillte, a dhíol agus go raibh iar-Thaoiseach, Bertie Ahern, laistiar den phlean seo, bheadh fonn harakiri  air, 腹切り,is é sin a phutóga a ghearradh amach. Ach ligimis do Takarai Kikaku íomhá níos deise ná sin a fhágáil againn:        

os cionn na mara
bogha síne glanta
ag scata fáinleog

2013-05-13

Amhrán Grá ón Nua-Shéalainn

B'fhiú éisteacht le Marie Te Hapuku nó Hayley Westenra ar YouTube agus an t-amhrán Maoraise seo á chanadh acu.
Aoibhinn!
Tá súil agam gur thugas spiorad an amhráin liom san aistriúchán Gaeilge thíos.

Pokarekare ana, nga wai o Waiapu
Whiti atu koe hine, marino ana e

E hine e, hoki mai ra, ka mate ahau i te aroha e.

Tuhituhi taku reta, tuku atu taku rini
Kia kite to iwi, raruraru ana e.

E hine e, hoki mai ra, ka mate ahau i te aroha e.

Whatiwhati taku pene, kua pau aku pepa
Ko taku aroha, mau tonu ana e.

E hine e, hoki mai ra, ka mate ahau i te aroha e.

E kore te aroha, e maroke i te ra
Makuku tonu i aku roimata e.

E hine e, hoki mai ra, ka mate ahau i te aroha e.



TOBAR LÁN

Suaite na huiscí
uiscí Waipu
ar do dhul duit sall
ciúnaítear a rún

A stóirín bán
tar chugam ar ais
do chom, do bhrollach,
is do bhéilín tais

Tá mo litir scríofa
'dtí do mhuintir
táimse suaite
ó mhaidin go hoíche

Tá mo pheann gan bhrí
gan duilleog agam ná pár
ach tá tusa ionam
maireann tú im lár

Grá buan thugas duit
tobar lán glan glé
gach aon deoir atá ionam
ag glioscarnach faoin ré

2013-05-12

Haiga

Íomhá Ron Rosenstock

loig shalainn na nInceach –
na seandéithe fós
i mbun dualgais
Inca salt pans –
still sticking to their tasks
gods of old

Ó cá bhfuil na blátha uainn? [Pete Seeger]

Tá sé cloiste agam i dteangacha eile, 'Sag' mir wo die Blumen sind' as Gearmáinis, mar shampla. Níl fhios agam ar aistríodh amhrán Pete Seeger go Gaeilge cheana ach seo m'iarrachtsa ar aon nós. Amhrán Cosacach "Tovchu, tovchu mak", a spreag an t-amhrán mór agóide seo.


Ó cá bhfuil na blátha uainn?

Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Fad-fad- fadó
Ó cá bhfuil na blátha uainn
Phioc na béithe iad, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Ó cá bhfuil na béithe uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na béithe uainn
Fad-fad fadó
Ó cá bhfuil na béithe uainn
Tá siad pósta, ó monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Ó cá bhfuil na daltaí uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na daltaí uainn
Fad-fad fadó
Ó cá bhfuil na daltaí uainn
Ina saighdiúirí, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Cá bhfuil na saighdiúirí uainn?
Am ag imeacht
Cá bhfuil na saighdiúirí uainn?
Fad-fad- fadó
Cá bhfuil na saighdiúirí uainn?
Insan uaigh, ó monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?

Ó cá bhfuil na huaigheanna uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na huaigheanna uainn?
Fad-fad-fadó
Ó cá bhfuil na huaigheanna uainn?
Clúdaíonn blátha iad, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall
Cathain a thiocfaidh ciall

Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Am ag imeacht
Ó cá bhfuil na blátha uainn?
Fad-fad- fadó
Ó cá bhfuil na blátha uainn
Phioc na béithe iad, monuar!

Cathain a thiocfaidh ciall?
Cathain a thiocfaidh ciall?


Bunleagan  ©1961 (Renewed) Fall River Music Inc All Rights Reserved.

2013-05-11

Walt Whitman: Míorúiltí

Míorúiltí 

Dhéanfása scéal mór as míorúiltí ab ea?
Óm thaobhsa de, ní heol dom faic ach míorúiltí.
Pé acu an ag siúl sráideanna Mhanattan atáim
nó sracfhéachaint agam á tabhairt trasna na ndíonta i dtreo na spéire
nó mé ag lapadaíl cosnochta ar an gcladach díreach
 ar imeall an tsáile,
nó mé im sheasamh fé na crainn sna coillte
nó ag  comhrá le cara dil i rith an lae, nó luí sa leaba
le cara dil istoíche.
nó suí chun boird ag dinnéar leis an gcuid eile,
nó ag  breathnú ar stróinséirí os mo chomhair sa tram,
nó féachaint ar na beacha meala agus iad gnóthach timpeall na coirceoige
- athmhaidin samhraidh -
nó beithígh ag iníor sa ghort
nó éanlaith, nó iontas na bhfeithidí san aer
nó iontas luí na gréine, nó na réaltaí is iad ag lonrú
go séimh is go ciúin,
nó cuar caol tanaí gleoite fíneáilte na gealaí úire
san earrach . . .
tá gach aon orlach ciúbach den spás míorúilteach,
agus an rud céanna á leathadh ar fud gach slat chearnach
de dhromchla an domhain,
gach troigh den chroí tíre ag cur thar maoil mar an gcéanna.
Míorúilt leanúnach domsa is ea an mhuir
na héisc sa snámh - na carraigeacha - gluaiseacht na dtonn
- longa is na fearaibh iontu,
an bhfuil míorúiltí níos éachtaí ann ná iad?

Miracles

Why, who makes much of a miracle?
As to me I know of nothing else but miracles,
Whether I walk the streets of Manhattan,
Or dart my sight over the roofs of houses toward the sky,
Or wade with naked feet along the beach just in the edge
of the water,
Or stand under trees in the woods,
Or talk by day with anyone I love, or sleep in the bed
at night with anyone I love,
Or sit at the table at dinner with the rest,
Or look at strangers opposite me riding in the car,
Or watch honeybees busy around the hive
of a summer forenoon,
Or animals feeding in the fields,
Or birds, or the wonderfulness of insects in the air,
Or the wonderfulness of the sundown, or of stars shining
so quiet and bright,
Or the exquisite delicate thin curve of the new moon
in spring . . .
Every cubic inch of space is a miracle,
Every square yard of the surface of the earth is spread
with the same,
Every foot of the interior swarms with the same.
To me the sea is a continual miracle,
The fishes that swim-the rocks-the motion of the waves
-the ships with men in them,
What stranger miracles are there?

    ~ Walt Whitman ~
    
    (Leaves of Grass)

2013-05-09

Jack Kerouac: Máistir Haiku

Máistir haiku ab ea Kerouac. Ní fhéadfá a rá go raibh máistreacht aige air féin, áfach, agus an méid alcóil, benzedrine is drugaí eile a chaith sé siar i gcaitheamh a shaoil ghairid.
Bhí deamhain éigin á thiomáint an t-am ar fad mar is léir d’éinne a léigh Windblown World: The Journals of Jack Kerouac 1947 -1954 in eagar ag Douglas Brinkley (Viking, 2004). Ba ghránna an duine é Kerouac ar go leor bealaí, bá aige leis an Ku Klux Klan! Ina dhiaidh sin is uile, ní ceart róshimpliú a dhéanamh air: bhí cáilíochtaí ar leith ag baint leis, gan aon agó. 
Sa bheathaisnéis a scríobh Barry Miles, Jack Kerouac, King of the Beats: A Portrait (Virgin Books, 2002), faighimid an méid seo:

“Like Narcissus he was a man constantly examining his own reflection. Kerouac never forgot himself:  he watched himself see things, he watched himself experience things. Other people become involved in activities, act unconsciously, but Jack only experienced his own consciousness of these activities. Everything was seen through this consciousness, at a remove, smaller, less involved, but tightly focused, as if seen through a magnifying lens. Because of this, his experiences seemed to him to be more intense than those of other people…’

Is an-léamh go deo ar Kerouac é sin. (Aithním cuid de na comharthaí sóirt céanna ionam féin, is baolach!) Ar aon nós, cé nach ndeir Barry Miles mórán in aon chor faoi Kerouac mar fhear haiku, tá míniú tugtha ansin aige dúinn ar chuid de na cúiseanna a dhein máistir haiku de.




éist le cantain
na n-éiníní: caillfear
na héiníní go léir!

titim na hoíche: ródhorcha
chun an leathanach a léamh,
rófhuar

an bhfuil nádúr an Bhúda
ag gadhar?
uisce is ea uisce
 
aréir ambaist
taibhreamh agam
faoi Harry Truman

stop na feithidí go léir
in ómós
don ghealach

Nat Wills, bacach bóthair
Meiriceá
1905

Fógra: ag teacht go luath: sioc maidine/Morning Frost

Gliogáil le méadú

2013-05-05

Fianna/Deer


Fianna

fianna
gan choinne
is líontar an réiteach lena ngile

murach airdeall na bhfianna
bheadh brat dorchadais ar an domhan

an fhuaim is lú –
cipín briosc á scoilteadh –
taifeadta do na glúine a thiocfaidh

éist, sceithfidh ár gcartlanna
fianna ar fán san fhoraois

Deer

suddenly
there are deer
and the clearing fills with light

were it not for the alertness of deer
the world would be in darkness

the littlest of sounds –
a dry twig cracking –
recorded for posterity

listen, all our archives will crumble
deer roam freely in the forest

2013-05-02

Ryunosuke Akutagawa: Dea-aimsir

An bhfuil dea-aimsir chugainn go luath? Tá seanfhocal sa Ghaeilge, 'Tiocfaidh an lá a mbeidh gá ag an mbó lena heireaball.' Chun cuileoga an tsamhraidh  a choimeád uaithi, gan amhras. Chonaic mé cuileog an lá cheana sa chistin, an chéad cheann i mbliana agus seo mí na Bealtaine cheana féin.
Haiku le Ryunosuke Akutagawa a thaitníonn go mór liom Seoid:

leathchluas an choinín, leis,
ar liobarna -
brothall ceart

Níl a fhios ag mórán daoine go bhfuil leabhar gearrscéalta de chuid Akutagawa againn sa Ghaeilge. Tá. Agus is ón mbun-Seapáinis a aistríodh iad.

Rashoomon
Seán Ó Dúrois
Coiscéim 1995

Gearrscéalta le Akutagawa Ryuunosuke atá aistrithe go Gaeilge ag Seán Ó Dúrois