2013-08-31

Graifítí an Lae: Cormac Mac Carthy

Uair amháin bhí coillte ann agus níor le héinne iad.
Cormac McCarthy

Gheal an Ghaois

Chuardaíos riamh is choíche
is d’éiríos as ansan
is sheasas caol díreach
i m’fhear go ciúin
os comhair na Gréine amach
is í ag dreapadh
na spéire anonn ar maidin.
Gheal an ghaois ionam
arís is arís eile
is líon m’aigne
Georg Feuerstein, Dawn of Wisdom

2013-08-30

Graifití an Lae: Emma Goldman

Iarr obair orthu. Mura dtugann siad obair duit, iarr arán orthu. Mura dtugann siad obair ná arán duit, ansin tóg an t-arán.                       
Emma Goldman (1869 -1940)

Dhá Dhán le Jusammi Chikako

Banfhile cúirte sa tSeapáin ab ea í a bhláthaigh sa 14ú haois.

An Oíche Shamhraidh Seo


An oíche shamhraidh seo
is bunadh an tí ina luí
sa doras a fágadh ar leathadh sa dorchadas
seasann an ghealach
glan gan néal


Geallúintí Briste


Le laethanta beaga anuas
ní fhéadfainn a rá gur ainnis í
an ainnise
mar braithim de dheasca an dobróin
nach mothaím fiú an dobrón níos mó

Séamus Heaney R.I.P.

An Cheárta

  le Séamus Heaney

Ní heol dom ach doras i mbéal doircheachta.
Lasmuigh, seanfhearsaidí agus fonsaí rotha ag meirgiú;
Laistigh, clingeadh dúir oird ar inneoin,
Spréacharnach ag leathadh gan choinne
Nó siosarnach an chrú nua in uisce ag cruachan.
Ní foláir nó tá an inneoin áit éigin sa lár,
Smutach mar aonbheannach. cearnógach ina tóin,
Suite ansiúd dobhogtha; altóir
Ar a n-ídíonn sé é féin i gcruth is i gceol.
Uaireanta, faoina naprún leathair, ribí ina shrón,
Luíonn ar an ursain, cuimhníonn ar ghliotram
Crúb áit a scalann trácht ina shraitheanna;
Ligeann cnead as agus isteach leis, plab, smeach,
Chun fíoriarann a leathnú, an treifid a shéideadh.

 (The Forge, aistrithe ag Gabriel Rosenstock, sa leabhar Conlán a d'fhoilsigh Coiscéim sa bhliain 1989.An Dara Cló 1995)

2013-08-29

Graifítí an Lae: Alan Moore

Níl guth na ndaoine cloiste ag ár gcuid máistrí leis na cianta agus is glóraí i bhfad Éireann é ná mar ba mhaith leo cuimhneamh air.
                              
Alan Moore

Haiku le Issa ón mbliain 1817

Galar an tomhaltachais, ní inniu ná inné a leath sé ar fud na cruinne.

cad a chosnódh
     leathphionta de?
        péarlaí drúchta

 .一升でいくらが物ぞ露の玉

    isshô de ikura ga mono zo tsuyu no tama


Tá éifeacht ar leith ag baint leis an haiku áirithe seo sa mhéid go samhlaítear an drúcht le neamhbhuaine an tsaoil ar aon nós.
Cogar, cén praghas a chuirfeása ar dhrúcht? Tá dream san Afraic á bhuidéalú, creid é nó ná creid.
Faraor, cailleadh scata mór daoine san Afraic a d'ól drúcht buidéalaithe. Níl an drúcht féin sábháilte níos mó.

2013-08-28

Graifítí an Lae: Krishnamurti

Ná lean mise, táimse ar strae.
UG Krishnamurti (1918-2007)

Haiku le Issa ón mbliain 1810

Poipín le Darren Swim
Féachann Issa ar bhláth, an poipín, agus go tobann tuigeann sé gur beo dó, gur beo don bhláth, gur beo don uile ní. Léiríonn an haiku áirithe seo an bua a bhaineann leis an seánra seo: i mbeagán focal, tugann an haiku deis dúiseachta dúinn. Dúisigh! Ní taibhreamh é seo. Is beo duit!
Iontach! Is maith liom é agus tá bua ar leith ag baint leis an haiku áirithe seo mar de ghnáth ní shamhlaítear an bláth seo leis an mbeatha ach leis an mbás (dath dearg na fola) ná le dúiseacht ach oiread mar gur codlaidíneach é an poipín.




  bheith beo, díreach,
  mise
  agus an poipín

    


    .生て居るばかりぞ我とけしの花
    ikite iru bakari zo ware to heshi no hana

2013-08-27

Graifítí an Lae: Dom Hélder Câmara

Íomhá ón Nationaal Archief, Peters, Hans / Anefo
Nuair a thugaim bia do na boicht, tugtar naomh orm. Nuair a chuirim an cheist, cén fáth nach bhfuil bia ag na boicht, tugtar cumannaí orm.

Dom Hélder Câmara, Ardeaspag Recife

Fóta-Haiga

Íomhá Ron Rosenstock

is buaine cloch
ná dúil -
Leaba Dhiarmada agus Ghráinne

Filíocht faoi Strus, Domhan faoi Strus

Sna nótaí leis an leabhar Entanglements: New ecopoetry in eagar ag David Knowles & Sharon Blackie (Two Ravens Press, 2012, 186 lch, £9.99)  deirtear:

‘The animal that is poetry thrives when under pressure, when stressed. It grows lithe and fit. It no longer frets and scratches at its own skin.’

Is abairtí suimiúla iad sin. B’fhéidir gurb in an chúis a bhfuil filíocht na Gaeilge faoi bhláth – agus creidimse go bhfuil, dála an scéil, bíodh is go bhfuil an baol ann i gcónaí go dtosódh sí á tochas féin, mar a deir Knowles agus Blackie thuas.

Freagraíonn an cnuasach seo don strus atá á fhulaingt ag éiceachórais an domhain. Theastódh cnuasach mar é uainn féin sa Ghaeilge, gan amhras. Agus bheadh rath ar a leithéid, nach mbeadh? Go deimhin, is fada ceangailte in aigne daoine áirithe iad, slánú na teanga agus slánú na timpeallachta. Sa réamhrá leis an gcnuasach seo, tagraíonn an Dr David Borthwick, Ollscoil Ghlachú, don fhile Wendell Berry, nach file amháin é ach feirmeoir, úrscéalaí, criticeoir agus intleachtach a dúirt, 
‘to have a place, to live and belong in a place, to live from a place without destroying it, we must imagine it.’ 
An-bhreá.

Eagarthóirí an leabhair seo, Knowles & Blackie, is iad, leis, atá laistiar den iris álainn EarthLines:

2013-08-26

Graifítí an Lae: Keats

An t-aon slí chun an intleacht a neartú is ea gan d'aigne a dhéanamh suas faoi rud ar bith - lig don aigne a bheith ina bóthar mór ag gach aon smaoineamh. 

John Keats (1795 -1821)

2013-08-25

Graifítí an Lae: Na hÉireannaigh Aontaithe

Cuir cos do phíce le barr do spáige,
Tomhais as sin go dtí do bhásta,
Tabhair truslóg ar aghaidh, agus déan sáthadh -
Léim ar gcúl agus bí ar do gharda.
                          
Rann Druileála (Na hÉireannaigh Aontaithe)

An Cailín Ó Eachroim (The Lass of Aughrim)


Más tú an cailín ó Eachroim
Is glacaim leis gur tú
Abair liom an comhartha
A thugamar beirt, a rún

Ó, a Ghreagóir an é nach cuimhin leat
An oíche ar an ard
Nuair a mhalartaíomar beirt fáinní
Is danaid liom a rá.

Fáinne liomsa déanta d’ór
Fáinne leatsa, stán,
Mo bhaibín fuar im bhaclainn
A Ghreagóir liom, a stór

Ó is fliuch atá mo dhlaoithe buí
Mo chraiceann tais ón drúcht
Do bhaibín fuar im bhaclainn
A Ghreagóir liom, monuar
Do bhaibín fuar im bhaclainn
A Ghreagóir liom, monuar.

2013-08-24

Graifítí an Lae: John Allston

Mura rialóidh tú d'aigne féin, rialóidh duine éigin eile duit í.
                              
                              John Allston (1690-1780)

Sean-amhráinín grá.


Tráth in sna laethanta úd atá gan fáil
Nuair do thit an ceo ar an domhan ina scáil
As saol na n-aislingí uair, uair amháin,
Chualamar os íseal an seanamhrán
Agus sa chróntráth fadó ó fadó
Bhí an t-amhrán sin mar chuid dár mbrionglóid.

Amhráinín tráthnóna is an domhan faoi scáil,
Is na scátha’ ag preabadh,’ léim abhus is thall,
Tá an croí go tnáite is is fada an lá
Fós sa chróntráth tagann amhráinín grá
Sean-amhráinín grá.

Fós ’dtí inniu is clos an seanamhrán
Sa chroí istigh a mhaireann sé faoi bhláth,
Lag í an choiscéim, is tuirsiúil é an ród
Ach cloistear fós é, mar a bhí fadó.
Go dtí an chríoch – nuair nach mbeidh ann ach ceo –
Mairfidh an grá is mairfidh sé go deo.

Amhráinín tráthnóna is an domhan faoi scáil,
Is na scátha’ ag preabadh,’ léim abhus is thall,
Tá an croí go tnáite is is fada an lá
Fós sa chróntráth tagann amhráinín grá
Sean-amhráinín grá.

2013-08-23

Feitheamh/ Waiting

Íomhá Ron Rosenstock
bual-lilí
bual-lilí ag feitheamh
ag feitheamh leis an ngrian
water-lilies
water-lilies waiting
waiting for the sun

Graifítí an Lae: Ibsen

 
"Mallacht an duine aonair é an Stát. Caithfidh an Stát imeacht! Réabhlóid a bheadh ansin a mbeinnse ar a son. Baintear an bonn faoi nóisean an Stáit agus cuir ina áit an ghníomhaíocht spontáineach agus an nóisean gurb é an caidreamh spioradálta an t-aon ní a ghineann aontacht."
                                             Henrik Ibsen (1826-1906)

2013-08-22

An Ghloine Scoir (The Parting Glass)

Ó na pinginí a chaitheas-sa
I ndea-chomhluadar chaitheas iad
An dochar uile 'tá déanta agam
Dom féin a dheineas é faraor.

Is nuair a chailleas-sa mo chiall
Chomh minic sin nach féidir 'rá,
Is líontar suas an ghloine scoir
Is oíche mhaith, go dté sibh slán!

Ó a bhfuil de chompánaigh go léir
Faoi bhuairt is mé ag dul i gcéin
Is na leannáin uile 'bhí agam
Nach féidir triall faoina ndéin

Ach féach go bhfuil sé dom i ndán
Imeacht anois is dul ar fán:
Níl faic is féidir dom a rá
Ach slán is céad, go dté sibh slán!

Graifítí an lae

"Imíonn an Réabhlóid ina gal agus ní fhágann ina diaidh ach sláthach an mhaorlathais nua. Is de théip dhearg iad slabhraí ár gcine chráite."
                                    

Franz Kafka(1883-1924)

2013-08-21

Oíche Chultúir?

Feicim go bhfuil Cúinne na gCainteoirí acu arís i mbliana, i dTeampall an Bharra, mar chuid den Oíche Chultúir. Deirtear go mbeidh scoláirí, intleachtaigh, tráchtairí cultúir agus daoine breátha mar sin ann agus deich nóiméad an duine acu chun a racht a ligean.
Cé hiad féin, na cainteoirí breátha seo? Ní deirtear linn ar an suíomh, ar ndóigh, cé hiad. (B’fhéidir gur ardán a bheidh ann feasta do na leaideanna is na béithe iontacha sin atá istigh i Seanad Éireann, agus a seal istigh, más fíor).

Nach bhfuil sé sin spéisiúil anois, saghas Speakers’ Corner a bheith againn. Sea, díreach é,  is Speakers’ Corner a thugann siad ar an ócáid seo, glanaithris ar a mhacasamhail thall in Hyde Park, Londain. Is ag déanamh aithrise ar na Sasanaigh agus ar na Meiriceánaigh atáimid an t-am ar fad. Sin is Oíche Chultúir anois duit. Bhuel, ní hea ar fad, ach cheapfá go mbeadh ar a gcumas smaoineamh ar ainm eile seachas Speakers’ Corner. Braithimse gur leisciúlacht aigne a léiríonn a leithéid.

Cad is cultúr ann? Déarfadh daoine áirithe nach ceart tabhairt faoina shainmhíniú in aon chor, gur rud nádúrtha is ea é a fhásann i measc pobail daoine agus go gcuimsíonn ‘cultúr’ gach aon saghas – ní hamháin na healaíona, abair, ach bia, éadach, nósmhaireachtaí, creideamh, piseoga agus mar sin de agus ba liosta le háireamh iad na rudaí go léir a théann i bhfeidhm ar chultúr, an aimsir cuir i gcás.
Ar aon chuma, más gá dúinn aithris a dhéanamh ar na Sasanaigh, bíodh Hyde Park dár gcuid féin againn, faoi ainm eile, a deirimse, 365 lá in aghaidh na bliana. Ar ndóigh nuair a sheol an tAire Jimmy Deenihan Oíche Chultúir na bliana seo, thagair sé don líon mór turasóirí a bhainfeadh sult as na himeachtaí is na taispeántais éagsúla, go háirithe i mbliain seo an Gathering, i bhfocail eile daoine amuigh agus iad ag caitheamh níos mó airgid. Airgead. Airgead. Airgead. Tomhaltachas. Anois, tá na himeachtaí go léir le linn Oíche Chultúir saor in aisce, ach fós féin agus an ócaid á seoladh aige, thagair an tAire don chaiteachas breise, mar caithfidh daoine ithe agus ól ar ndóigh agus ní bheathaíonn na briathra na bráithre, etc. Níor thagair sé don teanga. An dtuigeann an tAire tábhacht na teanga?

 B’fhéidir go meabhraíonn na himeachtaí saor in aisce seo dúinn an t-airgead mór a bhíodh laistiar de na healaíona go léir go dtí le déanaí agus anois tá daoine in ann teacht ar an gceol agus in an-chuid cásanna ar an litríocht chomh maith, saor in aisce. Is rud maith é sin. Tá sé in am againn iompú ó chultúr an airgid agus na pribhléide.

Daoine nár thug cuairt riamh ar ghailearaí ealaíne, an spreagfaidh an Oíche Chultúir iad chun tamall a chaitheamh in áit éigin ar nós Áras Nua-Ealaíne na hÉireann? Dála an scéil, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann an t-ainm oifigiúil Gaeilge ar an Irish Museum of Modern Art. Seans nach bhfuil sé sin ar eolas ag gach éinne agus ceann de na cúiseanna atá leis sin ná gur annamh na dearcealaíona á bplé trí mheán na Gaeilge.  Tá cúiseanna stairiúla leis sin – agus le go leor rudaí eile a bhaineann le cúrsaí cultúir – ach ní féidir an milleán a chur ar an stair i gcónaí. Tá tusa agus mise in ann an tréimhse ina mairimid a mhúnlú, go pointe áirithe, mar sin cén cor a chuirfimidne sa stair? Braitheann sé sin orainn féin.

Cén chuma a bheidh ar Oíche Chultúir na bliana seo chugainn? Arís, braitheann sé sin orainn féin, ar an tuiscint atá againn féin do luachanna cultúrtha na hÉireann agus caithfimid an cheist a chur orainn féin, an bhfuilimid sásta na luachanna a gcreidimidne iontu a chur in iúl do lucht eagraithe na n-imeachtaí seo go léir inár gceantar féin?

 Cad eile atá ar an gclár? An Wax Museum. Níl fhios agam an bhfuil leagan oifigiúil Gaeilge acu? Céir-Mhúsaem is dócha. Ní rabhas riamh ann. Níl fhios agam fiú amháin an bhfuil fonn orm dul ann. Cé a bheadh ann? Charlie Haughey? Garret FitzGerald? Bhíodar dona go leor is iad ina mbeatha gan a bheith ag stánadh orthu is iad ina gcéir-shamhlacha.
Músaeim. Músaeim. Músaeim. Seo ceann: Dublin Writers Museum. Nuair a théim go dtí suíomh Mhúsaem na Scríbhneoirí feicim an abairt seo:
“Swift and Sheridan, Shaw and Wilde, Yeats, Joyce and Beckett are among those presented through their books, letters, portraits and personal items.”
Go hiontach ar fad! Féach, is linne na hinstitiúidí sin go léir, is linne iad, muintir na hÉireann: ná ligimis dóibh cló an Bhéarla a chur ar gach aon diabhal rud mar nach bhfuil sé ceart ná cóir ná cothrom – ná cultúrtha!

Is saghas jamboree liquorice all sorts atá san Oíche Chultúir, rud éigin do chách, agus feicim go bhfuil a áit bheag féin ar an gclár ag an Leprechaun Museum. Is ionadh liom nár thagair an tAire Deenihan dó. 

Tarraingíonn leipreacháin  cuairteoirí…. Airgead… Ór!

Léigh Gabriel an Aiste Raidió seo ar Údar Cainte inniu. Is féidir éisteacht leis anseo: 22 nóiméid isteach sa chlár.

Van Morrison: Súile an Mháistir

Nuair a scal ga, ga ón Máistir
Nuair a scal ga, ga ón Máistir
Nuair a scal ga ó shúile an Mháistir.

Nó mar a scal fíor, fíor ón Máistir
Mar a scal fíor, fíor ón Máistir
Mar a scal fíor ó shúile an Mháistir.

Cén fáth nár fágadh sinn sa samhradh agus sinn ar fán
Cén fáth nár fágadh sinn sa samhradh, gan ann ach samhradh amháin.

Agus freagraíodh mo cheisteanna
Nuair a scal  ga, ga ón Máistir
Nuair a scal ga, ó shúile an Mháistir.

Ó shúile an Mháistir. Ó, nuair a scal ga ...              [etc]

2013-08-20

Van Morrison: The Slave/An Daor

Lig don daor, ‘s é ag meilt go mín, rith amach sa pháirc ghlas
Lig dó féachaint suas sna flaithis, le gáire, sa ghile
Lig don anam bocht, faoi ghlas sa dorchadas go faon
Aghaidh nár las le gáire le breis is tríocha éigin bliain
Féachaint amach; níl slabhraí air; tá an doras ar leathadh;
Is lig dá bhean is páistí teacht abhaile ón súiste géar
Féachann siad siar ar gach coiscéim, is dóigh leo gur brionglóid é
Á rá: d’fhág an ghrian an doircheacht agus d’aimsigh an mhaidin úr
Agus is geal leis an ngealaigh an oíche spéirghealaí
Tá an impireacht ar lár –  an Mac Tíre is an Leon ar ball.

Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní  beo
Is beannaithe an uile ní beo

Cén praghas atá ar chiall cheannaithe? An gceannófá í mar rann?
Nó an ghaois le haghaidh rince ar shráid?
Ní hea, ceannaítear an chiall
Le gach a bhfuil aige, a theach, a bhean, a mhuirear
Díoltar an ghaois sa mhargadh dearóil sin gan ceannaitheoir ann
Agus sa pháirc dhreoite áit a dtreabhann an feirmeoir go duairc:
Is fuirist an bua a fháil is an dea-shíon mar ba mhian leat
Istigh sa bhfíonghort is canadh os ard ar vaigín lán d’arbhar
Is fuirist ‘foighne’ a rá leis an té atá i gcruachás
Is fuirist ‘stuaim’ a rá leis an bhfánaí atá gan dídean
Éisteacht leis an bhfiach dubh agus ocras air sa gheimhreadh bán
An fhuil is í lán d’fhíontaibh is de smúsach na n-uan
Is fuirist gáire a dhéanamh in aghaidh na gaoithe géire
Éisteacht le tafann an mhadra sa bhfuacht, ong an daimh istigh sa seamlas;
Dia éigin i ngach leoithne agus beannacht i ngach cuaifeach
Siosarnach an ghrá sa stoirm thoirní, an stoirm a leagfadh tigh ár naimhde;
Gairdeas a dhéanamh faoin dubh ar a ghort san
Is an galar a mharaíonn a leanaí

An ológ, an fhíniúin go meidhreach sa tairseach
Torthaí is blátha ag ár leanaí

Dearúdtar ansin an osna is an dobrón
An daor is é ag meilt go mín
Is an cime faoi ghlas is an bochtán sa charcair

Is an saighdiúir ar an má
An chnámh leonta a d’fhág ag osnaíl é i measc na marbh suairc.
Is fuirist gairdeas a dhéanamh i bpubaill gheala an rachmais;
Chanfainnse amhlaidh gan amhras: sea, ní suairc domsa áfach.

2013-08-19

The Future of Literature, Literature of the Future

Some time ago I gave a haiku workshop at the Schule für Dichtung (Academy of Poetry) in Vienna. The students were from mixed backgrounds, accomplished adults, many of them with published work to their name.  I was somewhat shocked to find out that each member of the workshop strongly believed that the game was up, that it was only a matter of time before this failed experiment – life – was over and that it was too late now to save the planet.

I disagreed with them, of course; otherwise, how can we talk of a future for literature, or a literature of the future, if no future exists? On receiving the Börne Prize, world-acclaimed literary critic and philosopher, George Steiner, reminded us that we are guests on this earth. We should behave courteously, graciously. His speech of thanks had an apocalyptic warning: ‘Tons of rubbish, of poisonous filth, lie on Mount Everest. Seas are dying. Innumerable plants and animal species are being destroyed …’ Steiner makes us ask ourselves, what kind of guests are we at all? His diagnosis is alarming, his prognosis even more so: ‘The guest has become a technologically intoxicated, blind vandal. He systematically wrecks the hostelry which had welcomed him…’  Who could disagree? But, how is our planet going to recover? Steiner’s view is bleak: ‘The environment will only recover after the self-destruction of a humanity made crazy by money mania. Only if we vanish does our planet have a chance …’ (Quoted in Kulturchronik No. 2, 2003).

Where does literature fit into this terrible scenario? Can creative literature actually be destructive, can it hasten the planet’s end? And I do not mean the amount of forests needed to create mountains of books; I mean can literature create despair or can it give hope? Should it give hope and comfort or should it sing a song of despair and lamentation if such is what our artists truly envision? Can we, as artists, actually shape the future or is what we do and say nothing more than the dust of the future? In J. G. Farrell’s colourful novel The Siege of Krishnapur (1973) the following words are put into the mouth of the novel’s protagonist, years after experiencing the horrors of the Indian Mutiny: ‘Culture is a sham… It’s a cosmetic painted on life by rich people to conceal its ugliness.’ And, of course, the reader is inclined to agree, it is a logical conclusion to what has gone before. And yet we cannot fully agree. No. For then, everything in life is essentially useless, ugly, crass, pointless … a mess that ends up in a mess. Convince young lovers that it is so! No. If the whole exercise is pointless why write in the first place? Is not the act of writing a symptom of life, of energy and imagination: is not creativity ultimately linked with love and with mysteries that continue to fascinate us? Had these mysteries ceased to fascinate us, literature itself would have come to an end. (And we have all heard of the Death of the Novel, but that idea died some while ago).

Steiner talks of the destruction of plants and animals species. But we should also be talking about language loss. I am frequently disappointed by literary events which debate everything under the sun except the death of languages. Hundreds of languages will die in this century alone and how many writers – for whom language is the very medium of their vision or on which their chosen profession depends – how many writers will concern themselves with this frightful prospect or raise their voices and shout ‘Stop!’

As to rubbish accumulating on Mount Everest …. What happened to its local name, a name more fitting to its cultural and spiritual significance?

The future of literature and the literature of the future will depend, will it not, on the publishers of the future. With the internet, practically anybody can put their writings out there for someone, somewhere, to look at. But I hope that the book will survive. And I hope that there will be publishers in years to come who will bring to our attention the writings of authors in minority languages and maybe even bring to light some lost masterpieces in these languages. Such a future will also depend on the work of translators. José Saramago said, “the author with his or her language creates national literature, world literature is created by translators.”

Of course, reading is a leisure activity. We need time to enjoy a novel or a book of essays. Who can fully savour a volume of poems at one sitting? We need to return to poems again and again. But for millions there is no time, no leisure. Millions do not have the price of a book. For them, literature has no present – not to mind a future.

If nothing else, literature itself offers a forum, a stage, on which these and other issues can be illustrated, debated, dramatised. And yet, even today, many writers are silenced and who knows the exact number of writers in exile? We must look to a future when no writer can ever be silenced again, when no writer need feel threatened or go into exile. In 1990 the great Albanian writer Ismail Kadare sought asylum in France. ‘Dictatorship and authentic literature are incompatible,’ he said. ‘The writer is the natural enemy of dictatorship.’

The future of literature lies in hope, the literature of the future must be a literature of hope – or else, what hope is there?

2013-08-18

Guantanamera: An Cailín as Guantánamo


Yo soy un hombre sincero
De donde crece la palma [X2]
Y antes de morirme quiero
Echar mis versos del alma
Guantanamera, guajira Guantanamera

Mi verso es de un verde claro
Y de un carmi­n encendido [X2]
Mi verso es un ciervo herido
Que busca en el monte amparo
Guantanamera, guajira Guantanamera

Con los pobres de la tierra
Quiero yo mi suerte echar [X2]
El arroyo de la sierra
Me complace mas que el mar
Guantanamera, guajira Guantanamera


Guantanamera 


Guantanamera, guajira Guantanamera [X2]

Is file fírinneach mise
As áit ’na bhfásann an phailm [X2]
Is sula bhfágfaidh mé an saol seo
Breacfaidh mé síos mo chuid salm
Guantanamera, guajira Guantanamera [X2]

Bánghlas í mo chuid filíochta
Is is dearg í im briathar [X2]
Is fia leonta í dáiríre
A gheobhaidh foscadh sa bhfiantas
Guantanamera, guajira Guantanamera [X2]

Is leis na bochtáin mo lé
Bochtáin  na cruinne ar m’anam [X2]
Is b’fhearr liom uisce an tslé’
I bhfad ná corraíl na mara

Guantanamera, guajira Guantanamera [X2]

2013-08-17

Haiku le Issa ón mbliain 1810

Mheabhródh sé seo an seanfhocal Gaeilge duit,' Maireann an bláth ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir.'

ag breathnú ar dhátphlumaí -
tuismitheoir duine éigin
'chuir an síol
.柿を見て柿を蒔けり人の親
kaki wo mite kaki wo maki keri hito no oy

Graifití an lae

Iad siúd atá i gcumhacht, níl siad chun bailiú leo go deonach; bláthanna a thabhairt do na póilíní, ní oibreoidh sé sin . Tá an saghas sin tuairime á chur chun cinn ag an mbunaíocht; níl aon ní is mó a thaitníonn leo ná an grá agus an neamh-fhoréigean. An t-aon slí chun bláthanna a thabhairt do phóilín ná i bpota bláthanna, amach as fuinneog ard. 


  (William Burroughs)

2013-08-14

Christopher Herold: báite i gcultúr Zen

trá ghrianmhar –
scáil ag an ngráinne gainimh
ar an leathanach

ciúnas an chuain –
bád seoil
ceangailte de Bhealach na Bó Finne

     Book of the Week: In the Margins of the Sea

 Bheadh a fhios agat ó na haiku a scríobhann Christopher Herold go bhfuil sé báite i gcultúr Zen agus go dtéann a thimpeallacht cois farraige go mór i bhfeidhm air.

2013-08-13

Is fada í oíche na hIaráice

Is fada í oíche na hIaráice


Mahmoud Darwish

[do Saadi Youssef]

An Iaráic, fuil nach dtriomaíonn an ghrian is ea an Iaráic.
Baintreach Dé í an ghrian os cionn na hIaráice.
Is é a deir an tIarácach a dúnmharaíodh leo siúd ina seasamh ar an droichead:
Mora dhaoibh, is beo dom i gcónaí.
Ar siadsan: Marbhán thú i gcónaí is a uaigh á lorg aige
i gcúinní durdála
An Iaráic, an Iaráic ... is fada í oíche na hIaráice.
Dóibh siúd a dúnmharaíodh amháin a ghealann an lá
leathphaidir á rá, gan beannú i gceart d'éinne
mar tá na Mongail chugainn
ó gheata phálás an Chailif
ag colbha na habhann.
Ritheann an abhainn ó dheas agus iompraíonn na mairbh a fhanann ina suí
iompraíonn iad go dtí gaolta na gcrann pailme.
An Iaráic, an Iaráic, reiligí atá ar oscailt ar nós scoileanna do chách
is ea í:
an tAirméineach, an Tuircméanastánach, an tArabach. Is ionann sinn
san eisceateolaíocht.
Caithfidh go bhfuil file ann a dhéanfaidh iontas de:
Baghdad: cé chomh minic is a ligfidh tú na miotais síos?
Cé chomh minic is a chruthóidh tú dealbha don lá amárach?
Cé chomh minic is a dhéanfaidh tú cleamhnas dodhéanta?
An Iaráic, an Iaráic, tá fáithe ina seasamh anseo
is gan ar a gcumas ainm na spéire a rá.
Cé atá á marú ag cén duine inniu san Iaráic?
Is smidiríní ar an mbóthar iad na híobartaigh agus a n-ainmneacha
i bhfocail, ar nós a gcolainneacha, píosaí de litreacha ainimheacha iad.
An Iaráic, an Iaráic. Cé thusa mar sin i láthair an fhéinmharaithe?
Ní mise mise san Iaráic. Ní tusa tusa ach oiread
neach eile atá ann.
Thréig Dia an dream atá i bponc, cé sinne mar sin?
Cé sinne? Níl ionainn ach frása i ndán:
Is fad í oíche na hIaráice
Fada!

2013-08-12

Tá an t-am ag imeacht

Tá an tAm ag Imeacht
ammmmmmmmmmm
ammmmmmmmmm
ammmmmmmmm
ammmmmmmm
ammmmmmm
ammmmmm
ammmmm
ammmm
ammm
aum

2013-08-10

Litreacha Nikos Kazantzakis


 

Níl a fhios agam an léann daoine litreacha níos mó. Níl a fhios agam an scríobhann daoine litreacha níos mó. Tá litreacha Nikos Kazantzakis (1883 -1957) léite agam, an té a scríobh Zorba the Greek agus The Last Temptation of Christ, an dá shaothar is iomráití leis. 875 leathanach atá ann agus gach aon litir ann léite agam.
Ní fhéadfainn an rud céanna a rá faoi gach úrscéal agus faoi gach leabhar filíochta a phiocas suas i mbliana, is é sin gur léas ó chlúdach go clúdach iad. Tá draíocht éigin ag baint leis an litir ach í a bheith dea-scríofa. Ní gá di a bheith dea-scríofa, fiú amháin. Nochtann an scríbhneoir a chroí, roinneann a phaisean, a anam, a racht, a ghrá lena chomhfhreagraí agus uaireanta braithimse, mar léitheoir, gur mise an comhfhreagraí aige, gur ag scríobh chugamsa atá sé. Ródhéanach anois freagra a chur chuige, faraor. Níl, dáiríre. Freagra chuige é seo, na focail seo, tar éis dom The Selected Letters of Nikos Kazantzakis, in eagar ag Peter Bien, a léamh (Princeton University Press, 2012).

Sea, a Nikos, ar shlí is litir chugatsa anois na focail seo. Agus tú san Eilvéis i mí Iúil, 1955, scríobh tú: 
‘I’m planning to start my new work here: Letters to El Greco…. Yesterday a learned friend, von den Steinen, came to see me and told me that Petrarch wrote Letters to Cicero …’ 
Scríbhneoir mór litreacha agus litreacha á mbeartú aige, tamall sular cailleadh é, chuig duine a bhláthaigh sá séú haois déag. B’in Nikos duit, lán d’fhuinneamh go dtí an deireadh, lán de smaointe, lán d’anamúlacht. Cad a shílfeadh seisean agus scríbhneoirí a linne do ról an scríbhneora inniu, na literati in aois na twitterati? Is deacair a rá. Cad a shílfeadh sé do chultúr an lae inniu?

Bheadh áthas air a déarfainn gur Froinsias atá ar an bPápa nua. Scríobh sé féin Beatha N. Froinsias agus ba mhinic an nath Froinsiasach ‘Pax et bonum’  mar chríoch lena litreacha aige agus feicim i litir uaidh dar dáta 8 Meitheamh 1953 go ndeir sé:
 ‘During my illness I wrote several Franciscan haiku and I think they are good – brief, full of feeling and sense, full of Franciscan intimacy with God…’

Theastaigh uaidh litreacha a scríobh chuig El Greco, a chomh-Ghréagach, nó a chomh-Chréiteach is ceart a rá. Tabharfaidh sé seo blas duit de scóip na litreacha seo, sliocht as litir a scríobh sé ar an 13 Meán Fómhair, 1926 agus cuairt á tabhairt aige ar Toledo na Spáinne:

“I’ve arrived at El Greco’s high, ascetic base of operations. My heart was thumping during the entire trip from Madrid – how much I had craved this visit to the amazing Genosse [comrádaí] ever since I was a small child. ‘To realize at a mature age what you craved as a child: that is the destiny of the true human being.’  By dint of struggle, difficulty, and solely the soul’s impetus, I have realized almost everything I have desired. When I faced Toledo, entered it, began slowly, exhaustively, persistently to wander through the streets and bring the old buildings to life, then crossed the threshold and entered El Grecos’s garden and went up to his house in the Jewish quarter (El Greco loved the Jews so much that he lived the whole time in the Jews’ separate neighbourhood) – when all that had filled my hard skull, I once again blessed the moment I was born…”

Tá anam uasal álainn Nikos Kazantzakis sa sliocht sin. Is minic ag tagairt dó dá anam féin, á stiúradh trí chnoic is trí ghleanntáin an tsaoil seo. Cé na scríbhneoirí sa lá atá inniu ann a thagraíonn dá n-anam? Th’anam ’on ducs, is tearc a líon!

Is minic rudaí ráite i litir ag duine agus braitheann tú gur ag caint leat atá sé, os íseal nó go tréan. Is maith liom féin an stíl sin, go mór, caithfidh mé a rá. An scríbhneoir céanna, dá dtabharfaí deis dó, scriosfadh sé a lán dá raibh ráite aige agus chuirfeadh cló eile air, cló foirmiúil, agus sa tslí sin chaillfí an intimité sin, an dlúthchaidreamh sin, an neasacht sin atá an-luachmhar go deo.

Tar éis dom an leabhar a chríochnú, ransaíos an tInnéacs arís féachaint cé atá luaite ann agus ba liosta le háireamh iad. Luaitear Pelagius fiú, an misinéir a bhí inár measc roimh Phádraig Naofa. Eiriceach ab ea Pelagius. Níor ghéill sé do Pheaca an tSinsir. Bheadh Éire eile ar fad againn dá mba é Pelagius seachas Pádraig ár nÉarlamh againn. Eiriceach ab ea Nikos Kazantzakis leis. Tá sé dochreidte ar fad na naimhde go léir a bhí aige, naimhde i saol na litríochta, na polaitíochta is na heaglaise. Ordaigh an leabhar seo ó do leabharlann agus íoslódáil an scannán Zorba the Greek (mura bhfuil sé feicthe cheana agat) agus cuirfidh tú aithne ar dhuine eisceachtúil, duine a raibh sciatháin ar a chroí is ar a anam uair ar bith ar cuireadh peann ina ghlac.

2013-08-09

Graifítí an Lae

"De bhrí gurb ann don Stát, éilíonn sé sin go mbeadh aicme phribhléideach ann agus iad an-tiomanta don stát sin agus tugtar tírghrá ar ghrúp-leas na haicme sin."
                         Mikhail Bakunin, Litreacha ar Thírghrá 1869

nod: http://www.onelegout.com/stencil_tutorial.html

2013-08-08

Sumio Mori (1919- 2010 )

Fógra san fhoilseachán cáiliúil The Village Voice ón mbliain 1978.

Caithfidh tú a bheith cúramach agus tú ag plé le sloinnte Seapánacha nuair a thras-scríobhtar san Iarthar iad. Bíonn siad i ndiaidh an ainm bhaiste ag daoine áirithe agus roimhe ag daoine eile.

calóga sneachta clúmhacha
tosaíonn na huaireanta
ag damhsa go ciúin



Bhain sé le scoil haiku a bhí ag iarraidh teacht ar an bhfírinne agus lean sé ag scríobh go dtí go raibh sé ag saothrú an bháis.

Oíche Chinn Bhliana
mo bhean ag glacadh folctha –
ina heala bhán

Bhí an lánúnas an-tábhachtach ina shaol agus ina chuid scríbhneoireachta.

2013-08-07

Chie Aiko

開きたる箱の中まで春の暮  相子智恵

hirakitaru hako no naka made haru no kure

fiú istigh sa bhosca
a osclaím ...
clapsholas an earraigh

2013-08-06

Karma Tenzing Wangchuk

meáchan á chailliúint aige
gráinne i ndiaidh gráinne
búda cloiche

2013-08-05

Martin Walser: Bláthanna á ndó

Hans-Christian Oeser a d’aistrigh go Béarla agus Gabriel Rosenstock a d’aistrigh go Gaeilge. Sliocht as leabhar trítheangach a fhoilseoidh Coiscéim amach anseo. Is dánta as dialanna iad mar sin is dátaí atá againn seachas teidil in an-chuid cásanna. An bhfuil a cháil mhór tuillte ag Martin Walser? Nó an dallamullóg ar fad é? An bhfuil nuafhilíocht na Gearmáine ar strae? Cad faoi nuafhilíocht na tíre seo, filíocht na Gaeilge is filíocht an Bhéarla. An bhfuil an galar céanna uirthi? Sin  í an cheist. Léigh leat.


14. 12. 1953

Die brennenden Blumen
des anderen Ufers
schon Asche.
In den Augenhöhlen
der Regen
der Absturz
der Fall.
Farblos
eingegraben in die Haut
Rinnen scharfen Geruchs.
Giftsüß.

Alles Geld dafür.
Mit allen Fingern hineingekrallt
aber konzentriert auf Flucht
aber bleibend
fliehend und bleibend
für immer.


Is luaithreach cheana iad
na bláthanna is iad á ndó
ar an mbruach thall.
I logaill na súl
an bháisteach
an dúléim
an tuairt.
Greanta ar mo chraiceann
gan dath
eitrí de chumhracht bhorb.
Nimh-mhilis.

Mo chuid airgid go léir air sin.
Greim á choinneáil agam le mo mhéara uile
dírithe ar an teitheadh
ach fós ag fanacht
ag teitheadh is ag fanacht
de shíor.

9. 10. 1954

Gartenzäune der Vorstadt
greifen am Abend
mit langen Schattenfingern
bis an die Wände.
Aus dem Fenster lehn’ ich
und beobachte das dunkle Wachstum
mich rötet noch die Sonne
Später schlagen auch von oben herab
Schattenfinger vieler Hände
auf mich ein.

In den Augen trage ich Liebe
in mir überall
wachsen Blumen aus allen Stoffen des Daseins
durcheinander
eine Flut.
Alle Wünsche in mir tun
als wollten sie sich erfüllen.

Um thráthnóna
fálta gairdín na mbruachbhailte
gona méara fada scáthacha
is iad ag síneadh i dtreo na mballaí.
Luím an fhuinneog amach
is breathnaím ar a mborradh dorcha,
an ghrian dom dheargadh i gcónaí.
Ar ball, méara scáthacha
ón iliomad lámh do m’ionsaí
fiú ón airde.

Iompraím grá im shúile
gach áit ionam tá bláthanna
stuif na beatha ag fás,
manglam,
tuile.
Mo mhianta uile
á gcomhlíonadh mar dhea.
4. 7. 1958

Die winzige Geduld der Eichhörnchen
ist auf viele Bäume verteilt.
Immer lassen sie ein paar Äste aus
auf ihren zarten Wanderungen.
Dann sitzen sie aufrecht im Gras
lassen sich kämmen vom Wind
und träumen davon, daß das,
was sie suchten,
auf eben jenen Ästen wartet.

Foighne bheag  na n-ioraí rua
leata ar fud na gcrann go léir.
San fhánaíocht íogair dóibh
fágann siad roinnt géag ar lár i gcónaí.
Suíonn siad suas go díreach san fhéar
is ligeann don ghaoth iad a chíoradh
agus an taibhreamh a bhíonn acu ná
go bhfuil an uile ní a rabhadar sa tóir air
ag fanacht leo ar na géaga céanna sin.

5. 7. 1958

Die Straßenbahnen fahren auf mich zu
angefüllt mit Feinden.
Jeder Zeitungsverkäufer bietet mir ein Todesurteil an.
Äpfel faulen, wenn ich sie anschaue,
das Jahr verkommt.
Selbst Tauben richten Gewehre auf mich.
Ein paar Freunde verfolgen mich mit milderem Haß.
Meine Ohren sind wund vom Gerede.
Meine Hände halten keine Begrüßung mehr aus.
Wenn ich denke, glüht die Welt,
und ich werde denken, bis sie schmilzt und ihr Gesicht verliert.
Das ist nur ein Wunsch.
Die Welt ist aus spröderem Stoff.
Ich werde zu glühen beginnen.
Draußen aber werden sie sich Jacken zuknöpfen und sagen:
Das ist ein kalter Sommer.

Vielleicht daß ein Kind im Wagen nicht mehr aufhört zu weinen.
Und ein Vogel eine Feder zu früh verliert.
Ja, ja, ja, ein kalter Sommer.
Eiskristalle bedecken schon jetzt die Früchte,
zum Schutz gegen mich.
Ich werde den Hausmeister bitten müssen, mich an den Stuhl zu fesseln.
Vielleicht vergißt er mich und das Haus brennt ab
und es zeigt sich: Ich bin unverwundbar wie die Welt.
Tá na tramanna chugam
is iad ag cur thar maoil le naimhde.
Tugann gach díoltóir nuachtán barántas báis dom.
Lobhann úlla nuair a fhéachaim orthu,
éagann an bhliain,
na colúir féin díríonn gunnaí orm.
Cúpla cara dom chiapadh le fuath níos séimhe.
Tá mo chluasa tinn ag giob geab.
Nílim in ann oiread is croitheadh láimhe amháin eile a sheasamh.
Nuair a thosnaím ag smaoineamh, tosnaíonn an domhan ag lonrú
agus leanfaidh mé ag smaoineamh go leáfaidh sé is go mbeidh gan aghaidh.
Níl ansin ach mian,
is de stuif níos téagartha é an domhan.
Beidh mé féin ag lonrú.
Lasmuigh, áfach, dúnfaidh siad cnaipí a gcuid saicéad is déarfar:
Nach féithfhuar an samhradh é.

B’fhéidir nach stopfaidh an naíon sa phram dá chaoineadh
agus róluath a thitfidh eite den éan.
Sea sea sea, samhradh féithfhuar.
Cheana féin tá na torthaí liath le criostail
d’fhonn iad féin a chosaint ormsa.
Beidh orm iarraidh ar an doirseoir mé a cheangal dem chathaoir.
B’fhéidir go ndéanfaidh sé dearmad orm, dófar an teach go talamh
is beidh sé soiléir mé bheith chomh dosháraithe leis an domhan.

Frühjahr 1959

Mein Fenster hat es besser als ich
nüchtern trag ich es morgens
zum Glaser, wenn ich es nachts
mit der Faust zerschlug.
Trag ich das Fenster die Treppe hinauf
fangen die Schnitte
die an den Knöcheln
wieder zu bluten an.
Das neue Fenster ist blutig
bevor es eingehängt ist
ich muß es zerschlagen
bevor es Nacht wird.


Tá an fhuinneog níos fearr as ná mar atáimse
iompraím ar maidin go stuama í
chuig an ngloineadóir tar éis dom
í a bhriseadh istoíche lem dhorn.
Nuair a iompraím suas staighre í
tosaíonn na gearrthacha
ar mo chuid alt
ag cur fola arís.
Bíonn fuil ar fud na fuinneoige nua
sula gcuirtear ina háit í
ní mór dom í a bhriseadh arís
sula mbíonn sé ina oíche.

Frühjahr 1959

Ansprache

Nimm die Fracht, Engerling
die ich vor der Tür häufe
nimm die gelben und die schwarzen Fakten
die in den Lebergängen, nimm sie
die in der Kehle sich häufen
nimm, verwandle sie mit dir
in Gift und bösen Boden
dann will ich gerne Blumen ziehen
für die Vasen meiner Freunde.

Aitheasc

A chruimh, beir leat an lasta
a charnaim os comhair an dorais
beir leat na fíricí dubha agus buí
iad siúd atá im dhuchtanna heipiteacha, beir leat
a bhfuil carntha im scornach agam
tóg is claochlaigh iad is tú féin
ina nimh is ina ndroch-ithir
cuirfidh mé bláthanna ag fás ansin agus fáilte
le haghaidh vásaí mo chairde.

4. 2. 1960

Ich stecke den Kopf in die Erde
denn es fehlt an Sand bei uns
und die Würmer beeilen sich
mir die Nachrichten in die Ohren zu tragen
denen ich entflohen bin.
Von Liebe höre ich reden
wenn ich euch zuhöre
und wenn ich dran bin
schweige ich.
Liebe, sagt ihr, und Donnerstag
und die Schneegrenze sinke ins Tal
mit Ketten befahrbar, sagt ihr
und Liebe, mit Stimmbändern
und Luft, die ihr wahrscheinlich
vorher schon eingeatmet habt.
Wenn ich dran bin
sage ich ja, ja, der Winter
ich winke noch mit der Hand
um anzudeuten, daß ich nicht vorbereitet bin.

Cuirimse mo cheann sa chré
mar tá gaineamh gann
agus brostaíonn na péisteanna chugam
leis an nuacht
a rabhas ag teitheadh uaithi.
Nuair a éistimse libh go léir
caint ar an ngrá is ea a chloisim
ach nuair is é mo thurnsa é
fanaim i mo thost.
An grá a deir tú, agus Déardaoin
agus íslíonn líne an tsneachta isteach sa ghleann
níl bealach tríd gan slabhraí boinn, a deir tú,
agus grá, le cordaí gutha
is le haer atá
análaithe isteach roimh ré agat ní foláir.
Nuair is é mo thurnsa é
deirim, sea go deimhin, an geimhreadh,
agus cuirim in iúl le gotha láimhe
nach bhfuilim ullamh chuige.
12. 8. 1960

Jeden Tag stürzt einmal der Himmel ein
stürzt lautlos herab
genau auf deinen Kopf
neugierig schauen die Krähen herüber
flattern mühsam hoch
ächzend unter ihrer Pflicht
den Eulen die Nachricht zu bringen
die setzen sich dann an dein Bett
und plaudern eine Nacht lang davon.
Jeden Tag stürzt einmal der Himmel ein
jeden Tag einmal
du wartest darauf
jeden Tag wartest du darauf
und doch erschrickst du jedes Mal
jeden Tag erschrickst du
einmal
weil der Himmel einstürzt.

Sceitheann an spéir uair amháin gach lá
titeann síos go ciúin
anuas ar do cheann
féachann na préacháin go fiosrach anonn
agus suas leo agus ní gan dua é iad ag eiteallaigh
agus iad ag geonaíl agus an jab atá acu
an scéal seo a thabhairt go dtí na hulchabháin
a shuíonn cois na leapa leat
agus iad á phlé an oíche ar fad.
Sceitheann an spéir uair amháin gach lá
uair sa lá
bíonn tú ag faire amach gach aon lá
agus fós féin baintear preab asat i gcónaí
baintear preab asat gach lá
uair sa lá
mar go sceitheann an spéir.
15. und 16. 8. 1960


Nachbarn

Freude in den Fußsohlen
treibt am Abend Nachbarn
an den Zaun. Mit Kneifzangen
ziehen sie einander
nach Musik die Zungen
aus den Mäulern, jeder
trägt das rote Stück
warm seiner Frau heim
rühmt sich, weil er nicht mehr
anders kann, mit dem
Zeigefinger seiner Beute.



Comharsana

An ríméad i mbonn na gcos
a chomáineann na comharsana
go dtí an fál um thráthnóna. Le teanchair
agus le tionlacan ceoil sracann siad
an teanga as
béal a chéile
an rud craorag, fós teolaí,
a iompar abhaile ansin go dtí bean an tí,
níl sé in ann faic a dhéanamh
ach an chreach
an mhéar bhagrach
a mhaíomh.

17. 10. 1966

Versuch, einen Beamten zu einer gesetzwidrigen Handlung zu überreden

Ich beschwöre dich
Geliebter, du hast
Venenentzündung
Geliebter, du hast
einen Bart
Geliebter, du hast
ein Grübchen
Geliebter, du bist
in München, Ministerialrat
bist du, und schwanger
bist du, mein Geliebter
ich beschwöre dich
laß dir die Frucht entfernen
ich weiß einen, der’s macht
denk nicht an mich
ich beschwöre dich
du bist Beamter
und verheiratet bist du auch

Iarracht ar áiteamh ar fheidhmeannach gníomh mídhleathach a dhéanamh

Impím ort,
a ghra, tá
do chuisle séidte,
a ghrá, tá
féasóg ort,
a ghrá, tá
tobairín ort,
a ghrá, tá
tú in München, fo-rúnaí
atá ionat, tá tú
ag iompar,
impím ort,
baintear toradh do bhroinne.
Tá aithne agam ar dhuine a dhéanfadh é,
ná smaoinigh ormsa.
Impím ort,
is feidhmeannach thú
agus pósta
lena chois sin.

MARTIN WALSER


Martin Walser
Íomha (C) Philippe Matsas Opale
Martin Johannes Walser úrscéalaí, drámadóir, gearrscéalaí agus file a rugadh ar an 24 Márta in Wasserburg cois an Bodensee, loch atá taobh leis na hAlpa, an dara páiste de thriúr a saolaíodh do Mhartin Walser agus a bhean Augusta. Deich mbliana d’aois a bhí Martin Walser nuair a cailleadh a athair, tábhairneoir, ceannaí guail, Caitliceach. Ina ógánach dó, bhí an dúspéis aige san fhealsúnacht, sa phrós agus san fhilíocht go háirithe Schiller, Hölderlin, Swedenborg, Nietzsche agus George. Dhá bhliain déag a bhí sé nuair a thosaigh sé ar fhilíocht a scríobh mar straitéis déagóra chun teacht slán.

Sa bhliain 1944 ba thrúipéir sléibhe é agus níobh fhada go raibh an sciálaí ina phríosúnach cogaidh ag na Meiriceánaigh. Sa bhliain 1946, i ndiaidh dó an mheánscolaíocht a chríochnú, luigh sé isteach ar an Litríocht, an Stair agus an Fhealsúnacht in Regensburg agus ansin in Tübingen. Cúig bliana ina dhiaidh sin, scríobh sé a thráchtas dochtúireachta ar Franz Kafka, duine de na heiseamláirí móra aige. Idir1949 agus 1957 bhí plé aige le cúrsaí raidió agus teilifíse.
    Sa bhliain 1950 phós sé Katharina ‘Käthe’ Neuner-Jehle agus tá ceathrar iníonacha acu: Franziska, Johanna, Alissa agus Theresia, iad ar fad ag plé leis na healaíona, mar aisteoirí, scríbhneoirí ficsin, drámadóirí nó aistritheoirí liteartha. (Tá mac aige, Jakob Augstein, a saolaíodh do Maria Carlsson, céile Rudolf Augstein, bunaitheoir Der Spiegel, iris nuachta). Trí bliana ina dhiaidh sin glacadh mar bhall den Gruppe 47 é, cumann scríbhneoirí agus criticeoirí a raibh an-tionchar acu ar shaol na litríochta sa Ghearmáinis.
    Chaith sé trí mhí sna Stáit Aontaithe agus ghlac sé páirt i Seimineár Idirnáisiúnta Harvard. Sa bhlain 1961, cnuasach gearrscéalta agus dhá úrscéal amuigh aige, bhí sé sách aitheanta chun tacú le Willy Brandt agus a pháirtí. Sa bhliain 1983 chaith sé ceithre mhí mar léachtóir in Ollscoil Berkeley, California.

Duaiseanna agus Gradaim:

1955    Preis der Gruppe 47
1957    Hermann-Hesse-Preis
1962    Gerhart-Hauptmann-Preis
1965    Schiller-Gedächtnis-Förderpreis
1967    Bodensee-Literaturpreis der Stadt Überlingen
1980    Schiller-Gedächtnispreis
1980    Verdienstmedaille des Landes Baden-Württemberg
1981    Georg-Büchner-Preis
1981    Ehrengabe der Heinrich-Heine-Gesellschaft
1983    Ehrendoktorwürde der Universität Konstanz
1984    Ehrenbürgerschaft der Gemeinde Wasserburg am Bodensee
1987    Großes Verdienstkreuz der Bundesrepublik Deutschland
1990    Großer Literaturpreis der Bayerischen Akademie der Schönen Künste
1990    Carl-Zuckmayer-Medaille
1990    Ricarda-Huch-Preis
1992    Friedrich-Schiedel-Literaturpreis
1992    Aufnahme in den Orden Pour le mérite für Wissenschaft und Künste
1993    Franz-Nabl-Preis der Stadt Graz
1994    Großes Verdienstkreuz mit Stern der Bundesrepublik Deutschland
1994    Ehrendoktorwürde der Technischen Universität Dresden
1995    Ehrendoktorwürde der Universität Hildesheim
1997    Wilhelm-Heinse-Medaille
1996    Friedrich-Hölderlin-Preis der Stadt Bad Homburg
1998    Friedenspreis des deutschen Buchhandels
1998    Ehrendoktorwürde der Katholischen Universität Brüssel
1998    Autor des Jahres 1998
2002    Julius-Campe-Preis
2002    Alemannischer Literaturpreis]
2005    Oberschwäbischer Kunstpreis
2008    Corine-Ehrenpreis des Bayerischen Ministerpräsidenten für das Lebenswerk
2009    Weishanhu-Preis des People’s Literature Publishing House China
2013    Ehrendoktorwürde der Universität Thessalien


Ní hionadh liom gur ar Kafka a scríobh Martin Walser a thráchtas Ph. D. Tar éis an tsaoil, tá rud éigin cearr leis an domhan ina maireann sé – ina mairimid go léir – síocóis éigin. Nach bhfuil? An ar an bpobal, ar an scríbhneoir, ar an tsochaí nó ar an léitheoir a ghoilleann an tsíocóis sin? Orthu go léir, gan amhras. Ina chuid próis agus ina chuid filíochta, braithimid go bhfuil géarchéimeanna éagsúla á bhfulaingt ag daoine agus ag an scríbhneoir féin agus nach bhfuil sonas in ann dóibh choíche.
  
Déanann téamaí seo na nualitríochta andúiligh den phobal léitheoireachta – agus d’éinne a fhéachann ar dhrámaí, ar chláir shiamsaíochta ar an teilifís nó ar scannáin; bíonn sciar den duairceas, den éadóchas is den tsoiniciúlacht uainn agus ní bheadh blas na fírinne ar an úrscéal suairc, ar an dán suairc, ar an dráma suairc, ar an scannán suairc. Sin mar atá. Caithfidh an phian a bheith ann is an íoróin is an magadh.

    Ina dhiaidh sin is uile, tugtar Heimatdichter ar Walser. Ba mhaith leis dul abhaile! Ba mhaith linn ar fad! Ba mhaith leis éalú ó thranglam an chultúir Kafkaúil nua-aoisigh seo. Ba mhaith leis éalú ón náire a bhain leis na sluachampaí géibhinn ach an bhfuil aon éalú ón stair? Agus na dánta aige á léamh (agus á n-aistriú agam) bhraitheas teanntaithe. I ndomhan Kafkaúil a bhíos. Ní hé Walser ná go deimhin Kafka ach oiread a chruthaigh an domhan sin. Sinne a chruthaigh é. Caithfear é a bhriseadh: ‘ich muß es zerschlagen / bevor es Nacht wird :     Ní mór dom é a bhriseadh roimh thitim na hoíche.
An domhan seo a bhriseadh, lá i ndiaidh lae, domhan an tomhaltachais, domhan an stoiteachais; ach an bhfuil domhan eile le cur ina áit? An bhfuil eagla orainn ár mbéal a oscailt? An bhfuil pairilis de shaghas éigin orainn? Deir Walser i ndán gairid leis anseo dá n-osclódh sé a bhéal go ligfeadh sé liú as: ‘ich weiß, er will schreien’ :Tá a fhios agam, ligfidh sé liú (líne a mheabhródh Davitt duit – ‚an scréach ná cloiseann éinne . . .’
    Is dánta gairide iad go leor de na dánta aige. Bloghanna. Pairilis éigin ag cur isteach ar a bhfás, ar a bhforbairt, ar a mbláthú.  Níl ciall le mórán rudaí a thuilleadh: ‘Ein Vogel pfeift einem Hund.’ (Fead á ligean ag éan ar mhadra)
    Tá an díphearsantú mar chuid de chultúr an Iarthair trí chéile anois. An amhlaidh atá an tinneas, an tsíocóis seo, chomh dona sin is go bhfuil gá le géarchéim (i dtéarmaí polaitíochta de) nó aothú (i dtéarmaí sláinte de) má táthar chun teacht slán? Idir an dá linn, tá nathanna againn anseo ar nós: ‘Wer will noch / leben?’ (Cé atá ann a bhfuil fonn air a bheith beo?).Tá filí ár linne ag teip orainn sa mhéid seo: tá cuma ar go leor dá bhfuil á scríobh acu gur nótaí fánacha iad a scríobhadh faoi dheifir roimh don fhile lámh a chur ina bhás féin. An mbíonn fonn ar fhilí a ndéantús féin a léamh – an bhfuil siad in ann fiú amháin? Féach an dá líne seo ina ndeir sé gur bhreá leis rud éigin a scríobh inniu a léifeadh sé amárach le fonn: ‘Am liebsten würde ich heute etwas / schreiben, was ich morgen gerne wieder läse.’ Mar fhreagra ar mo cheist, an fíorfhilíocht í seo ag Walser nó an dallamullóg ar fad atá ann? Ní dóigh liomsa gur fiorfhilíocht í! Cén fáth an stuif seo a aistriú mar sin? Sea, go deimhin, chun a léiriú cad atá amuigh ansin agus an domhan zombaithe ina mairimid go léir, ealaíontóirí san áireamh.
.