2014-01-21

Ar an lá seo, 21 Eanáir


Ar an lá seo 21 Eanáir, 1919, dúradh an méid seo a leanas i nDáil Éireann. An mbeadh an Teachta ó Oirthear Chiarraí in ann an chaint chéanna a dhéanamh inniu?

AN CEANN COMHAIRLE : A Theachtaí na Dála, tuigfidh sibh óna bhfuil dearbhaighthe anso go bhfuilmid scartha anois le Sasana. Bíodh a fhios san ag an saol, agus ag daoine go mbaineann an scéal leo. Pé ní a thiocfaidh as a bhfuil ráite anso - imirt anama nó bás – tá deire le ré na cainte in Éirinn, agus más maith é is mithid é – tá deire le raiméis.

Tá teachtairí ó fhormhór a bhfuil de náisiún sa domhan, ag Bhersailles mar seo, agus is é rud a thug ann iad, ar a n-admháil féinig, ná chum síocháin do dhéanamh do chiníbh an domhain ionas ná beadh a thuilleadh gá le cogadh choíche arís. Deirimidna leo anois, agus san go dána, má tháid dáiríre, go gcaithfear briseadh do dhéanamh ar an gceangal so idir an dútha so is Sasana. Muna ndéantar san ní bheidh aon tsíocháin ann.

Achainím oraibh iontaoibh do bheith agaibh as a chéile. Tá lámh Dé inár n-obair: is léir san as ar tharla le dhá bhliain anuas. Dhá bhliain is an Cháisc seo d'imigh tharainn do bunaíodh Saorstát Éireann. Ní gá dhúinn anois ach seasamh le chéile, moladh is buíochas le Dia. Cuirimis le chéile agus ná déineadh éinne sinn do dheighilt, agus ní baol dúinn.

Iarraim ar an dTeachta ó Oirthear Chiarraí cur leis an dtairgsint.

PIARAS BÉASLAÍ (ó Oirthear Chiarraí): Is mór an onóir damhsa gur iarradh orm cur leis an ndearbhú ar Fhaisnéis Shaorstáit Éireann. Bhí sé d'amhantar agamsa is ag cuid agaibhse a bheith láithreach nuair do bunaíodh an Saorstát Seachtain na Cásca, 1916, agus bhí laochra cróga ann an uair sin - na daoine do rinn gníomh do réir a dtuairime. Ní mhairid na tréinfhir sin inniu: an namhaid do mhairbh iad. Acht na tréinfhir úd b'iad fé ndear scéal an lae inniu. Acht bíodh gur mór an trua ná fuilid na laochra sin inár measc anso is deimhin dúinn go bhfuil spioraid gach n-aon acu anso inár dteannta ar an nDáil seo, agus le cúnamh Dé leanfaimid an sampla d'fhágadar san inár gcomhair.