2014-01-03

Ar an lá seo 3 Eanáir

Ar an lá seo, 3 Eanáir, 1923, cailleadh Jaroslav Hašek, údar an úrscéil An Dea-Shaighdiúir Švejk. Ní raibh an dá scór bliain slánaithe aige. An deoch ba thrúig bháis dó agus a lagaigh a chroí.

Níor éirigh leis ach trí imleabhar den Dea-Shaighdiúir a chríochnú: sé imleabhar a bhí beartaithe aige. Ag Tóstal na Gaeilge 2012, thagair Dónall Ó Braonáin don úrscéal grinn frithchoghaidh sin mar a leanas:
“Tuigeann muid gur scríobh Kafka a chuid scéalaíochta i nGearmáinis agus ba sa  tSeicis a chuir Hašek An Dea- Shaighdiúir Švejk ar fáil. Ba mhór i gceist ag an scríbhneoir Breandán Ó hEithir an t-úrscéal seo agus tá leagan drámatúil i nGaeilge agus i mBéarla déanta den leabhar i gCartlann Raidió RTÉ. Tá léargas áirithe sa saothar sin ar an iomrall agus an iomrascáil teanga a bhain le fearann na Seice le linn dóibh a bheith ag maireachtáil faoi réimeas na nOstra-Ungárach ag tús an chéid seo caite. Nuair a théann tú faoi chraiceann an scéil, castar reachtaíocht teanga orainn a bhí ina cúis aighnis agus ábhar treallchogaíochta idir cainteoirí Gearmáinise agus Seicise ag deireadh an naoú haois déag agus tús an fhichiú haois.”
Bhí mionpháirt agam féin sa tsraith raidió sin fadó. Ba cheart an tsraith a athchraoladh uair éigin.



Déarfadh a lán criticeoirí gurb é an chéad úrscéal frithchogaidh é, leabhar a raibh tionchar aige ar úrscéalta frithchogaidh a tháinig ina dhiaidh ar nós Catch 22 le Joseph Heller. Ba cheart script Uí Eithir a eisiúint ina chlosleabhar. Nó an mbeadh deacrachtaí ag baint leis sin, is é sin nach mbeadh a leithéid ceadaithe faoin gconradh a shínigh na haisteoirí le RTÉ? Taifeadadh nua a dhéanamh mar sin!