2014-01-28

Ar an lá seo, Eanáir 28

Ar an lá seo, Eanáir 28, 1901, rugadh an file Shinkichi Takahashi. Trí dhán leis, Ionam, Briathra agus Snag Breac. Is dóigh liom go dtaitneodh an t-aistriúchán ar an dán Ionam le Takahashi mar aisteach, go leor, focal eile sa Ghaeilge ar phráta milis is ea ‘ionam’!

Ionam

Thar aon ní beo
ba bhreá liom dá mba phráta milis nua-bhainte
a bhí ionam!

Briathra

Ní ghlacaimse le do bhriathra
díreach mar bhriathra.
I bhfad uaidh.

Éistim

le pé rud é féin
a chuireann ag caint thú
is mise ag éisteacht.

Snagbreac

Seo trasna an droichid anois mé.
Ag teacht chugam anall
tá bean ina líbín báite agus b’fhéidir
nár éirigh léi úlla a cheannach, is ar sí de mhonabhar
‘Sairdíní, sairdíní.’ Thíos fúinn is é ag éisteacht
tá snag breac agus nach uaigneach é a phreabadach, síos suas.

Droichead fada dubh é,
chomh fada sin nach gcuimhneofá ar dhul trasna.
Éagann m’anáil bhán, éiríonn is éagann.
An saol seo: dusta ar ráille droichid.
Cogaí, réabhlóidí: súilíní srutháin.
Amach san oíche sheaca, i m’aonar,
trasnaímse droichead síoraí.
Mura bhfuil dánta Zen léite cheana agat, déarfá gur file craiceáilte é Takahashi. Ná bí buartha. Bhí sé craiceáilte. Nó an é an saol atá craiceáilte agus Takahashi ar a mheabhair? ‘Léimeann Takahashi as scoilt éigin idir ghnáthshaoil,’ a deir Robert Bly.

          Cinnte is dán ait é Snag Breac thuas ach an té a chásódh sin, smaoinigh – is ait an saol é. Tá breis is daichead bliain ann ó léas ar dtús é agus níor dhearúdas riamh é. Ní fhéadfá é a dhearúd.