2014-01-10

HAIKU : Éagsúlacht an Domhain Ann

Dá n-éireoinn tuirseach de haiku d’éireoinn tuirseach den domhan, a déarfainn, agus tuirseach den teanga, tuirseach den bhriathar is a chumas chun léargas a thabhairt dúinn ar nádúr an domhain agus nádúr an duine.

a ghuth/sciobtha ag solas na gealaí/cat bán

(Sayumi Kamakura)

Go leor de na haiku comhaimseartha a bhfuil leagan Gaeilge díobh tugtha anseo agam, tá siad léite agus athléite cheana agam. Is deas liom filleadh orthu féachaint an aimseoinn rud éigin iontu nach bhfaca mé cheana. Uaireanta feicim tréithe iontu a shleamhnaigh uaim ar an gcead léamh, nó braithim rud éigin diamhair nár bhraitheas cheana, nó d’fhéadfadh go mbuailfeadh an haiku mé mar a bhuail nuair a léas an chéad uair é – agus is an-teist ar dhán, ar amhrán nó ar haiku é sin. Filíocht is ea nuacht a fhanann nua, a dúirt Pound.

Cé chomh mór is a mhúnlaíonn ár lón léitheoireachta sinn nó cé chomh mór is a thugtar chún míneadais nó a mhalairt sinn tríd an méid a léimid? Seans maith go bhfuil breis is 50,000 haiku léite agam i gcaitheamh mo shaoil is níor dheineadar puinn dochair dom! (Go bhfios dom).

duilleog bhuí/ ag eitilt/ trí chomhrá

(Ljerka Postek Jelaca)

Tá haiku go diail ar fad chun sinn a thalmhú agus chun a mheabhrú dúinn is cuma cad atá ar siúl againn – nó cén comhrá atá ar siúl againn, linn féin nó le daoine eile – go bhfuil domhan mór amuigh ansin, domhan a bhí ann romhainn, domhan a bheidh ann inár ndiaidh, domhan a bhfuil síorathrú ag teacht air an t-am go léir, domhan ársa, domhan nua. Domhan is ea é ina bhfuil cur isteach á dhéanamh ar an gciúnas an t-am go léir:


liú na mban –/cearc bhreá ag eitilt léi/i dteannta an fhiolair

(Dina Franin)

Ach filleann an ciúnas i gcónaí agus fillimidne ar an gciúnas. Líonann an dea-haiku le ciúnas sinn agus ní ciúnas é a dhéanann corrthónach sinn ach an ciúnas sin ar cuid dár
bhfíornádúr é:

an chéad sneachta –/bronnann seál/ar an sceach lomtha

(Vjera Majstrovic)

Ceangal is ea an haiku, ceangal idir sinn is an talamh, ceangal idir sinn is neamh.

fear bréige -/thit i ndiaidh a mhullaigh/cuachann an talamh lena ucht

(Wim Lofvers)

Mheabhródh sé tréanna na Gaeilge duit, ar shlí. Na trí ghlór is binne amuigh?

géim bó/meilt bró/béic linbh

Tá rud éigin ag baint le trí líne, nach bhfuil? Is dóigh le daoine áirithe gur rud neafaiseach is ea an haiku, rud a bhaineann le froganna agus bláthanna agus a leithéid agus nach meán é a théann i ngleic le cora crua an tsaoil. Tá dul amú orthu. Tá haiku cogaidh léite agamsa ón gCróit agus ó na críocha Balcánacha trí chéile a chuirfeadh alltacht ort:


páiste gan chosa/a dheora á lí/ ag gadhar gan súile

(Enes Kisevic)

Más dánta in aghaidh na cogaíochta atá uait níl domhan an haiku gann orthu.

Cailleadh deartháir Nick Virgilio (1928 -1981) i gCogadh Vítneam. Samhlaigh an tsochraid, éist leis an mbuabhallaí. Is minic a chualamar an port a sheinntear ( i scannáin ar aon nós) nuair a chuirtear saighdiúir. Samhlaigh do dheartháir á chur.


cónra faoi bhratach:/scáil an bhuabhallaí/ag sleamhnú isteach san uaigh

Is dócha gur rud is ea haiku mura dtugann tú seans duit féin ní bhfaighidh tú blas ceart go deo air; ach tá rud amháin cinnte, a luaithe is a a fhaigheann tú blas air, clic! lasfaidh solas éigin idir do dhá chluas agus beidh léamh eile ar fad agat ar an domhan ina dhiaidh sin; feicfidh tú nithe nach bhfaca tú cheana -  nó lig tú ort nach bhfaca tú iad:


geimhreadh:/ cacann cat strae/sa ghairdín

Sampla maith é sin ó Shiki, dar liom, den rud a nglanaimid as ár n-aigne. Ach glanann haiku an aigne chun ligean dúinn gach rud a fheiceáil, a chloisteáil, a mhothú, is a bholú.

An bua a bhaineann le haiku ná gur gléas is ea é chun an rud is lú a fheiceáil, na híomhánna a sciorrann tharainn agus nach bhfeicimid i gceart mura mbímid aireach orthu, airdeallach:

ag siúl sa reilig/mo scáil i loinnir/an mharmair dhuibh

(Ivan Nadilo)

Sa domhan ina mairimid faoi láthair bíonn íomhánna ina mílte is ina mílte ag iarraidh sinn a mhealladh sa tslí gur deacair stánadh ar aon ní amháin ar feadh i bhfad, loch nó spéir, abair. Ach tá fairsinge ag baint le loch is le spéir. Is ceadmhach do dhuine breathnú orthu. Cad faoi bhláth? An stopfása chun féachaint ar bhláth? Nó cloch? Dá stopfá agus dá mbeifeá abair deich nóiméad á iniúchadh, duine a bheadh ag faire ort, nach ndéarfadh sé go raibh rud éigin cearr leat, b’fhéidir? Múineann haiku dúinn conas breathnú ar an saol agus conas ligean dár nádúr féin meascadh le nádúr an domhain, conas ligean don dúlra ár n-ego a shlogadh:

féileacáin chabáiste/uaireanta is ar a mbáine, díreach/ a bhreathnaím

(Laurie W. Stoelting).

Lig don haiku dul i bhfeidhm ort agus lig dá mhacallaí dul ar oilithreacht tríot. Cén macalla a deir tú? Sa leabhar Poems of Consciousness (Red Moon Press, 2008) deir an scoláire haiku Richard Gilbert, Ph.D:… ‘the haiku text points beyond itself.’

Díreach é – ach is fúinne atá sé glacadh leis an gcuireadh a thugann an haiku dúinn.

Tum sa mhistéir, a deir an cuireadh sin, mistéir an domhain, an mhistéir is sinne go léir ann. Léiríonn na máistrí móra, ar nós Issa, chomh simplí is atá sé:

ag féachaint ar an sliabh/ag féachaint ar an bhfarraige…/tráthnóna fómhair