2014-01-05

Preaseisiúint : "Meon Fuarchráifeach" Shéiplíneach An Airm

Preaseisiúint Comhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh

Tá Comhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh/ The Galway Alliance Against War tar éis páirt a ghlacadh sa díospóireacht a bhaineann leis an ráiteas a d'eisigh séiplíneach Fhórsaí Cosanta na hÉireann le déanaí, an Moinsíneoir Eoin Thynne, nuair a léirigh sé go raibh buairt air faoin athrú atá tagtha ar an tsochaí mar gheall ar an mbrí a bhaineann leis an Nollaig. Fuair an Moinsíneoir locht ar an Uachtarán Ó hUiginn toisc nár luaigh sé an Chríostaíocht ina theachtaireacht Nollag agus bhí an Moinsíneoir ag clamhsán chomh maith nach raibh an beithilín traidisiúnta le feiceáil i gCeanncheathrú na bhFórsaí Cosanta.
Agus é ag cur síos ar ráiteas an Mhoinsíneora, dúirt Niall Farrell, urlabhraí thar ceann na Comghuailíochta: "An fhimínteacht a bhain le séiplínigh airm céad bliain ó shin nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach, tá an fhimínteacht sin linn i gcónaí. Baineann an fhimínteacht sin le meon an Mhoins. Thynne. Séiplíneach de chuid Arm na hÉireann agus é ag cásamh nár luadh Críost i dteachtaireacht Nollag agus saighdiúirí na hÉireann, atá faoina threoir spioradálta, ag cur in aghaidh theagasc Íosa gach aon lá, an teagasc a bhaineann le marú agus cogadh.

"Tá saighdiúirí na hÉireann gafa le forghabháil mhídhleathach ar an Afganastáin, faoi NATO, le blianta beaga anuas agus tá saighdiúirí na hÉireann gafa faoi láthair le forghabháil na Fraince ar iarchoilíneacht aici, Mailí.Comhchoirithe iad saighdiúirí na hÉireann chomh maith, ar ndóigh, i gcoirí in aghaidh an chine dhaonna tríd an gcosaint a dhéanann siad ar eitiltí míleata na Stát Aontaithe trí Árfort na Sionainne agus iad ar a slí chun cogadh a fhearadh i gcéin."


Tuilleadh eolais:: Niall Farrell: 087-9159787 nó 091-792297