2014-02-11

Ar an lá seo, 11 Feabhra

Ar an lá seo, 11 Feabhra, 2010, cailleadh Colin Ward. Tá leabhar suimiúil leis Anarchy in Action le híoslódáil ar an idirlíon mar PDF. Tá míthuiscint ar a lán daoine faoin mbrí a bhaineann le hAinrialachas. Neamhord, ceaptar, nuair is é a mhalairt atá fíor, ord nua ach an t-ord sin á thógáil aníos seachas ag teacht chugainn anuas.

Seo sliocht as Anarchy in Action le Ward a thugann léargas dúinn ar an bhfealsúnacht sin:
“Daoine is ea ainrialaithe a chruthaíonn fealsúnacht shóisialta agus pholaitiúil as an gclaonadh nádúrtha agus spontáineach atá ag daoine chun teacht le chéile ar mhaithe lena chéile. Go deimhin, is é is ainrialachas ann ná an t-ainm a tugadh don smaoineamh sin go bhfuil sé indéanta agus inmhianaithe go n-eagródh an tsochaí í féin gan rialtas. Ón nGréigis a thagann an focal, focal a chiallaíonn ‘gan údarás’ agus ó aimsir na nGréagach anall bhí daoine a mhol an t-ainrialachas faoi ainm amháin nó ainm eile. An chéad duine sa ré nua-aimseartha chun teoiric chórasach an ainrialachais a chruthú ná William Godwin, go gairid i ndiaidh Réabhlóid na Fraince. D’fhorbair Francach, Proudhon, i lár an naoú haois déag teoiric ainrialaitheach maidir le heagrú na sochaí ina haonaid bheaga a bheadh cónasctha lena chéile ach gan aon chumhacht lárnach ann. Ina dhiaidh sin tháinig réabhlóidí Rúiseach, Michael Bakunin, aimsir Karl Marx agus cogadh na mbó maol eatarthu. Bhain Marx le heite amháin de ghluaiseacht an tsóisialachais, é ag díriú ar chumhacht an stáit agus bhain Bakunin leis an eite eile a bhí ag iarraidh cumhacht an stáit a scriosadh. Bhí Rúiseach eile ann, Piotr Kropotkin, a bhí ag iarraidh bonn eolaíoch a chur faoi nóisean sin an ainrialachais a deir go bhfuil comhar na gcomharsan – comhoibriú deonach – mar chlaonadh ionainn agus é chomh láidir céanna i saol an duine is atá an ionsaitheacht agus an fonn ceannasaíochta…”