2014-02-27

Ar an lá seo, 27ú Feabhra

Ar an 27 Feabhra, 1998, cailleadh Jack Micheline, file agus péintéir:
Rugas greim ar an mbourbon agus thosnaíos ag ól. Bhíos tagtha isteach ó na sráideanna ar a raibh cónaí orm, an áit ina mbínn ag scríobh, ag déanamh mo mhúin is ag gol. D’ólas a thuilleadh bourbon agus níorbh fhada go rabhas ar mo chaid agus ritheas suas staighre áit a raibh an bia… chuimhníos ar na béiceanna sa B & B dearóil úd an geimhreadh roimhe sin, agus na blianta is mé ar fán trí na sráideanna, geimhrí fada ifreanda i Nua-Eabhrac agus an eagla, an t-ifreann, an mheatacht a bhaineann leis an bhfichiú haois; beola na striapacha is na n-andúileach drugaí is na madraí mire; na sráideanna ag cur thar maoil i gcaitheamh an tsamhraidh, an t-allas, na haislingí, scliúchas, teaghlaigh, bonnáin, beáir, troid, poill is prochóga; an chathair chúng chealgach phlódaithe bhréan, chomh crua leis an lá, líonta le grá a bhí imithe amú agus an phian agus an ainnise; liú an dreama ar tugadh batráil dóibh, ocras orthu, eagla orthu is sceimhle. Rugas ar na ceapairí salami agus chaitheas ón mbalcóin síos ar an tsráid iad. Theitheas ón gcóisir, mé ar meisce, ag damhsa suas West Eighth Street, ag déanamh ar an Cedar Bar. Bhíos ag eitilt nuair a chasas isteach sa bheár. Bhaineas liomóg as tóin cailín agus seo chugam beirt phóilíní sula raibh seans agam mo dheoch a chaitheamh siar. Rug siad greim ar mo lámha agus sháigh siad amach an doras mé. Tosach mhí na Samhna, an ghaoth feanntach agus nimh san aer. Leagadar go talamh mé, ag iarraidh dornasc a chur orm. Chiceálas ina gcoinne agus mé ag béicíl: “Ligigí dom, a mháthairfocaeirí!” Amach leis an slua ina thuile, ár dtimpeallú, seó saor in aisce uathu. “A mháthfocaeirí salacha gan náire!’ ar mé de liú.
D’éirigh leis na póilíní an dornasc a chur orm sa deireadh agus chaith isteach i gcarr mé, ár n-aghaidh ar Ospidéal Naomh Uinseann. An slua ina staic, ag an eagla is ag an meatacht; na póilíní dearg san aghaidh, ag eascainí. Bhíos-sa chomh mór sin ar meisce gur chuma liom sa chac. Bhíos tar éis plaic a bhaint as srón póilín acu sa scliúchas. Thugadar chuig dochtúir mé i mbardas éigeandála Naomh Uinseann. Dúirt an dochtúir leo nach raibh ionam ach file ar meisce; bhí sé tar éis mé a chlos ag léamh dánta i gclub snagcheoil cúpla bliain roimhe sin. Dúirt na póilíní leis gur ainmhí allta a bhí ionam, glan as mo mheabhair. Dúirt an dochtúir leo mé a ligean saor. Thugadar amach as an ospidéal mé agus luíodar isteach orm arís; bhí díoltas uathu agus teailí hó. Bhaineas plaic eile as srón an phóilín agus chuas ar dásacht. Tharraingíodar ar ais san ospidéal mé agus chuir seaicéad ceangail orm; cheanglaíodar de shínteán mé is chuir fios ar vaigín. Tháinig an vaigín is cuireadh ann mé. Fad is a bhíos i mo luí sa vaigín, ceangal na gcúig gcaol orm, glas béil orm, arsa an póilin liom dá mbogfainn mo chosa oiread is orlach go mbrisfeadh sé mo dhá chos. Níor bhogas. Chuaigh an vaigín isteach in Bellevue agus d’iompraíodar amach mé, an seaicéad ceangail fós orm; ligeadh isteach mé is cuireadh san ardaitheoir mé, go dtí Bardas an Fhoréigin chuig dochtúir darbh ainm Ginsberg. Bhíos ag iarraidh a rá leis nach raibh ionam ach file ar meisce ach níor éist sé liom. Bhain beirt ghardaí agus cótaí bána orthu, bhaineadar mo chuid éadaigh díom. Tugadh róba folctha dom agus slipéir agus sádh dhá shnáthaid mhóra ionam chun mé a shuaimhniú. Cuireadh isteach i leaba mé sa bhardas agus thit mo chodaldh orm. Nuair a dhúisíos bhí sé ina lá geal.
Ní haon Tír na nÓg a bhí i mBardas a Naoi, Bellevue. Bhí boladh stálaithe antaiseipteán ar fud an bhaill. Gach éinne lán go béal de thorazine. Thug duine de na hothair Doc air féin agus théadh sé timpeall ina charr rothaí ag breathnú ar na hothair eile. Bhí fear ard caol ann darbh ainm Moe agus mheas sé go raibh sacsafón á sheinm aige, na méara ag dul suas síos corn sin na samhlaíochta  aige.