2014-03-20

Ar an lá seo, 20 Márta

Ar an lá seo, 20 Márta 2010, cailleadh an file Ai. Florence Anthony ab ainm di ach d’athraigh sí a hainm go Ai Ogawa (sa tSeapáinis: 愛小川 ) a chiallaíonn ‘Sruth an Ghrá’.

Ba de chúlra is de bhunadh casta í – Seapánach, Choctaw-Chickasaw, Afra-Mheiriceánach, Éireannach, Cheyenne is Comanche agus í ar maos sa Bhúdachas.

Cúba, 1962

Nuair a léimeann an coileach ar leac na fuinneoige
agus a sciatháin á leathadh aige, dearg is órga,
dúisím mar go gceapaim gurb í an ghrian atá sa bhfuinneog
is glaoimse ar Juanita, is cloisim í ag freagairt, ach is i m’aigne 
féin amháin é.
Tá a fhios agam go bhfuil sí amuigh cheana
agus an cána á bhriseadh aici ar leibhéal na talún
gan aici ach a lámha móra.
Faighimse an maiseite agus siúlaim sa chána
go dtí go bhfeicim í ina luí sa chré béal fúithi.

Juanita is í sínte mar seo ar maidin,
ardaímse an maiseite –
an méid a bhainimse as an gcré tugaim ar ais di –
agus teascaim na cosa di.
Ardaím an corp agus iompraím go dtí an vaigín é,
agus luchtaímse leis an gcána é le díol ar an sráidbhaile.
An té a bhlaiseann dem bheansa ina chuid milseán, ina chuid cácaí,
Blaisfidh rud éigin níos milse ná cána siúcra;
Sé an dólás é.
Má itheann tú an iomarca de, beidh a thuilleadh uait,
Ní féidir dóthain de a fháil.