2014-04-11

Ar an lá seo 11 Aibreán

Ar an lá seo 11 Aibreán, 1987, cailleadh Primo Levi.

Shema (Éist)

Sibhse is gan aon bhaol oraibh
i dteach teolaí
sibhse a fhilleann abhaile um thráthnóna
béile te romhaibh is aghaidh fháilteach:
Meabhraígí, an duine é seo
an té atá ag sclábhaíocht sa láib
nach bhfuil suaimhneas in ann dó
atá ag streachailt ar mhaithe le crústa aráin
a chaillfear de dheasca sea nó ní hea.
Meabhraígí, an bean í seo,
gan ghruaig gan ainm
tréithlag ar easpa cuimhne
na súile folamh is an bhroinn chomh fuar
le frog sa gheimhreadh.
Meabhraígí gur tharla sé sin:
Cuirimse na focail seo faoi bhur mbráid.
Greanaigí ar bhur gcroí iad
agus sibh sa bhaile, agus sibh amuigh ag siúl na slí,
agus sibh ag dul a chodladh, agus sibh ag éirí.
Abraígí le bhur bpáistí iad.
Sin nó – go dtite an tigh oraibh
Go raibh sibh eagúmasach de dheasca galair
Go n-iompaí bhur sliocht a n-aghaidh uaibh.