2014-04-19

Ar an lá seo 19 Aibreán

Ar an lá seo 19 Aibreán, 2009, cailleadh J. G. Ballard:
Ar fud an domhain, ta mórmhúsaeim tar éis géilleadh do thionchar Disney . . . Tá an rud céanna le feiceáil i gcaidrimh phearsanta, an tslí a gcaithfidh daoine pacáistiú tarraingteach a dhéanamh orthu féin, ar a gcuid mothúchán is ar a ngnéasacht, le bheith meallacach ar an toirt.”
“Gach aon áit – ar fud na hAfraice go léir is Mheiriceá Theas – feictear na bruachbhailte seo ag éirí aníos… agus tá siad scanrúil mar is iad bás an anama iad… Is é seo an príosún atá á dhéanamh den phláinéad seo.”
“An dúil sa phornagrafaíocht atá chomh coitianta sin, ciallaíonn sé go bhfuil an nádúr ag iarraidh foláireamh a thabhairt dúinn mar gheall ar bhaol éigin, baol ár ndíothaithe.”
“Sa mhéid gur ficsean is ea an réaltacht sheachtrach, ar éigean má tá ról ar bith ag an scríbhneoir. Ní gá dó an ficsean a chruthú mar is ann dó cheana.”
“Ligeann an cinecheamara is an teilifíseán dúinn mallghluaiseacht a bhrath. Níor tuigeadh aon choincheap eile seachas fíor-am go dtí gur taispeánadh na chéad scannáin slómó agus d’athraigh sé sin ár dtuiscint don nádúr ar bhonn radacach.”
“Lean Dali ag tabhairt scannail don bhourgeoisie go dtí an deireadh. Glacadh leis an gcuid eile acu go léir, Ernst, Magritte, sa chró criticiúil mar phéintéirí fiúntacha. Sheas Dali an fód go dtí an deireadh. Ba chuma sa phoc leis.”