2014-04-26

Fógra: Léacht Chuimhneacháin Uí Bhriain / The Ó Briain Memorial Lecture



An tOllamh Ben Hudson, Ollamh le Stair agus le Léann na Meánaoise, a thabharfaidh an léacht tionscnaimh dar teideal ‘Macbeth - Making a Monster’

Dé Máirt, 14 Aibreán, 2014 Tionólfar Léacht Chuimhneacháin Uí Bhriain faoi choimirce Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr mar chomhartha ómóis do Mháirtín Ó Briain. Is é an tOllamh Ben Hudson, Ollamh le Stair agus le Léann na Meánaoise, Penn State University a thabharfaidh an léacht Dé Máirt, an 29 Aibreán, ag a 4 a chlog, in Amharclann McMunn in OÉ Gaillimh.
Deich mbliana go ham seo a d’imigh uainn, in aois a 53 bliain, an scoláire teastúil Máirtín Ó Briain. Mar chomhartha ar an meas agus ar an ngean a bhí ar Mháirtín, agus mar chomóradh ar thráth a imeachta uainn, reáchtálfaidh Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Léacht Uí Bhriain / The Ó Briain Lecture ina onóir. Deis a bheas i Léacht Uí Bhriain an réim idirnáisiúnta a bhain le saothar an Bhrianaigh a mhóradh agus a chuimhne a bhuanú.
Cé gur beag réimse de Léann na Gaeilge ón Oghamchraobh aniar nach raibh suim agus saineolas ag Máirtín ann, ba í an Fhiannaíocht a chéadrogha agus sméar mhullaigh an léinn aige. Is é a sheanchara dílis an tOllamh Ben Hudson, Ollamh le Stair agus le Léann na Meánaoise in Penn State University, a thabharfaidh an léacht tionscnaimh dar teideal “Macbeth – Making a Monster”. 
Tá aithne idirnáisiúnta ar an Ollamh Hudson mar shaineolaí ar mhuirchríoch an Atlantaigh sa Mheánaois, go mór mór ar an trácht mara idir Éirinn, Manainn, agus an Bhreatain. I measc a chuid leabhar, tá Irish Sea Studies: A.D. 900-1200 (Dublin: Four Courts Press, 2006), agus Viking Pirates and Christian Princes; Dynasty, Religion, and Empire in the North Atlantic (Oxford: Oxford University Press, 2005).
Dé Máirt, an 29 Aibreán, ag a 4 a chlog, in Amharclann McMunn, a thabharfar an léacht. Beidh sólaistí le fáil ina diaidh. Cuirfear fáilte chroíúil roimh chuile dhuine go mór mór roimh an bpobal.
Tá eolas breise le fáil ón Dr Feargal Ó Béarra, Roinn na Gaeilge, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí, agus na gCultúr, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 091-493369.

MACBETH—MAKING A MONSTER
Professor Benjamin Hudson
Professor of History and Medieval Studies, Penn State University, USA
The story of Macbeth has fascinated audiences for centuries. As the historical prince was replaced by legend, the tale became a treasure trove of motifs and characters borrowed from medieval literature found from Ireland to Iceland and beyond. Beginning with the famous Scottish highland/lowland divide that separated Gaelic-speakers from their eastern compatriots, there are parallels with the Middle Irish tale ‘The Second Battle of Moytura’, characters from Scandinavian mythology, and the formal debate of the scholastic methods of the medieval university. Early in the seventeenth century, a London playwright named William Shakespeare wrote The Tragedie of Macbeth. The power of his story is visible from its reinterpretations. In nineteenth-century Italy there was Giuseppe Verdi’s Macbeth (1865), from the former Soviet Union came Dmitri Shostakovich’s Lady Macbeth of the Mtsensk District (1934) while more recently Yukio Ninagawa's 1980 production of Macbeth was set in sixteenth-century Japan, and American fast-food culture provides the background to Billy Morrissette’s Scotland, PA (2001). Tracing the development of Macbeth’s legend leads to a fresh appreciation of the debt that Shakespeare’s play and its descendants owe to the literature of the medieval Atlantic world.