2014-05-31

An Béal Binn ---- nach mbeidh ina thost!

Tá Áras Inis Gluaire, Ionad Ealaíona Iorras Teo, ag cur tús le féile litríochta nua agus beomhar i 2014, 6- 8 Meitheamh.
 'Sé ár ndúil é go mbeadh an ócáid áirithe seo neamhfhoirmiúil agus cairdiúil ach dúshlánach agus ábhartha chomh maith céanna.

Lonnaithe i mBéal an Mhuirthead, i mbarúntacht Iorrais, i dtuaisceart Mhaigh Éo, tá an áit réidh le tabhairt faoina leithéid agus   é sáite mar atá sé sa traidisiún béil le saibhreas na cainte agus seanchas i réim. An téama ná Cultúr agus Comóradh agus beidh ceardlanna, díospóireachtaí agus léamha ann, ag iniúchadh an ábhair seo ar go leor slite. Táimid ríméadach go mbeidh aíonna éagsúla speisialta ag glacadh páirte sna himeachtaí ar nós Kate Kerrigan, Donal Ryan, Mícheál Ó Conghaile, John Banville, Martin Dyar, Colette Nic Aoidh, Tommy Tiernan & Michael Harding agus Diarmuid de Faoite, Carol Hunt ón Sunday Independent ag léiriú díospóireachta le John Waters agus Ed Vulliamy ó The Guardian, a bhuaigh Gradam  Tuairisceoir Eachtrannach na Bliana faoi dhó. Beidh ceol agus amhránaíocht chun tosaigh freisin mar go mbeimid ag tabhairt ómóis do fathaigh na litríochta ar nós Yeats agus Kavanagh.  Freisin beidh comóradh á dhéanamh againn ar Seamus Heaney agus ar Dubliners le James Joyce, trí léiriúchán 'Dubliners Dilemma' le Declan Gorman a chur ar stáitse. Beidh fáilte freisin roimh scoth na tallainne ó Maigh Éo le Mike Mc Cormack, Terry McDonagh agus Ger Reidy ag glacadh páirte ann. Agus ag léamh roinnt dá saothar dúinn beidh grúpaí scríbhneoireachta ó Mhaigh Eo, Gaillimh, agus Baile Átha Cliath.

Is gné fhíorthábhachtach é do réimse na litríochta béim a leagann ar fhorbairt na scríbhneoireachta  agus tá An Béal Binn chun freastal  air seo trí cheardlanna filíochta, ceardlanna beathaisnéise, ceardlanna léirmheastóireacht liteartha a chur ar bun le linn an deireadh seachtaine.

Tá an clár iomlán ar fáil ag www.arasinisgluaire.ie