2014-05-14

Ar an lá seo 14 Bealtaine

Ar an lá seo 14 Bealtaine, 1940, cailleadh Emma Goldman:
“Maidir le ceannairí a mharú, braitheann sé ar fad ar staid an cheannaire. Más é Sár na Rúise é, creidim go hiomlán gur cheart é a chur sa pholl is dual dó. Má tá an ceannaire chomh leibideach le hUachtarán Mheiriceá, níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Tá roinnt rialaitheoirí ann agus mharóinn iad ar an toirt. Is iad na rialaitheoirí sin an tAineolas, an Baothchreideamh agus an Bhiogóideacht – na rialaitheoirí is measa agus is tíoránta ar domhan.”

“Dá ndéanfadh vótáil aon difríocht, dhéanfaí mídhleathach é!”

“Níor thuig éinne fós an méid comhbhá, cineáltachta agus flaithiúlachta atá faoi cheilt in anam an pháiste. Ba cheart don fhíoroideachas gach iarracht a dhéanamh chun an taisce sin a oscailt.”

“Fuascailteoir mór an duine é an t-ainrialachas ó na taibhsí a choinnigh ina bhraigheadanach é.”

“Níor cuireadh aon athrú sóisialta ceart i gcrích gan réabhlóid … níl sa réabhlóid ach an smaoineamh curtha i ngníomh.”

“Ní fhéadfadh aon smaoineamh mór, ina thús, a bheith laistigh den dlí. Conas a bheadh sé laistigh den dlí? Tá an dlí ina stad. Tá an dlí leagtha síos.”

“Altóir na saoirse polaitiúla é an Stát, agus ar nós altóir an chreidimh, coinnnítear í ar mhaithe le híobairt dhaonna.”

“Iarracht chróga ar bith a dhéantar chun mórathrú a dhéanamh ar na tosca atá ann faoi láthair, aisling uasal ar bith a bhaineann le féidearthachtaí eile don chine daonna, cuirtear an lipéad ‘Útóipeach’ orthu.”

“An peaca nach bhfuil an tsochaí in ann a mhaitheamh is ea neamhspleáchas aigne.”

“Ní bheidh spéis ag ‘naí-dhaoine’ i mbuairt an chine go dtí go ndéanfar bréagán den bhuairt – ar feadh tamaill ar aon nós. Naíonáin ghuagacha iad na daoine a bhfuil bréagáin nua uathu gach lá.”

“Glacann an tírghrá leis go bhfuil an domhan seo roinnte ina bhólaí beaga agus geata iarainn thart ar gach aon bhall. An té a raibh an t-ádh air gur saolaíodh i mball éigin díobh sin é, is dóigh leis go bhfuil sé níos uaisle, níos fearr, níos galánta agus níos éirimiúla ná na neacha beo eile sin a chónaíonn sna háiteanna eile. Tá mar dhualgas mar sin ar éinne atá ina chónaí sa bhall áirithe sin troid a dhéanamh agus bás a fháil chun a chruthú go bhfuil sé níos fearr ná an dream eile. Sin é is dóigh leis an dream eile chomh maith, ar ndóigh, agus dá réir sin ón gcliabhán ar aghaidh cloiseann an páiste scéalta uafara mar gheall ar na Gearmánaigh, na Francaigh, na hIodálaigh, na Rúisigh etc. Nuair a fhásann an páiste sin suas, creideann sé go diongbháilte go bhfuil sé tofa ag an Tiarna chun a thír a chosaint ar ionsaí nó ar ionradh ón iasacht.”