2014-05-19

Ar an lá seo 19 Bealtaine

Ar an lá seo 19 Bealtaine, 1925, rugadh Malcolm X.
“Tá a shíol féin ag gach díomua, gach briseadh croí, gach cailliúint, a cheacht féin maidir le conas feabhas a chur ort féin an chéad uair eile.”

“Tá na meáin in ann an té atá neamhchiontach a dhéanamh ciontach agus an té atá ciontach a dhéanamh neamhchiontach, agus sin is cumhacht ann: rialaíonn siad aigne na coitiantachta.”

“Mura bhfuil éinne le cur i do choinne, ní dócha go n-éireoidh leat.”

“Afracaigh sinn, tarlaíonn gur i Meiriceá atáimid. Is daoine sinn a bhí tráth inár nAfracaigh, fuadaíodh sinn is tugadh go Meiriceá sinn. Ní hiad na Pilgrim Fathers atá mar shinsir againn. Ní ar Charraig Plymouth a thuirlingíomar. Thuirling an charraig orainne. Tugadh anseo in aghaidh ár dtola sinn.”

“Bainfidh sibh saoirse amach nuair a chuirfidh sibh in iúl don namhaid go ndéanfaidh sibh rud ar bith chun saoirse a bhaint amach; gheobhaidh sibh ansin í. Níl slí ar bith eile chun í a fháil.”

“Níl coinsias ar bith ag Uncail Sam.”