2014-05-29

Ar an lá seo 29 Bealtaine

Ar an lá seo 29 Bealtaine, 1830, rugadh Louise Michel.
“Níor mé an t-aon chailín óg a thug taitneamh do scéalta faoi reibiliúnaigh. Is minic cailíní eile an tsráidbhaile is mé féin ag caint faoi na nithe sin ar thagair seanamhráin is seanchas na dúiche dóibh. Is cuimhin liom cuid d’amhrán amháin díobh:

Eisean ar thug sí grá dó
Uaibhreach a bhí
Clogad ar a cheann.
Éist leis an bhfuiseog
A chanann dó.
Ise chomh bánlámhach
Is an drualus
Á chnuasach aici
Ón dair dhorcha
Agus an bheirbhéine
Go domhain sna coillte …

“Chomh fada siar agus is cuimhin liom, an chúis a bhí le m’éirí amach in aghaidh na dtréan ná alltacht a bheith orm faoin droch-íde a tugadh d’ainmhithe. Bhínn ag guí go mbeadh na hainmhithe in ann díoltas a bhaint amach, go mbainfeadh an gadhar plaic as an duine a bhí á bhualadh gan trócaire… agus beathú na ngéanna: dhéantaí cos scamallach na gé a thairneáil sa talamh chun nach mbogfadh sí thart …”

“Is é cúram na múinteoirí – saighdiúirí dofheicthe na sibhialtachta – ná cumas intleachtúil a thabhairt don phobal chun éirí amach.”

“Ealaín do chách! Eolaíocht do chách! Arán do chách!"