2014-05-30

Ar an lá seo 30 Bealtaine

Ar an lá seo 30 Bealtaine, 1814, rugadh Mikhail Bakunin.
“Má tá Stát ann, caithfidh aicme amháin a bheith i gceannas ar aicme eile agus, dá dheasca sin, caithfidh sclábhaíocht a bheith ann; ní féidir an Stát a shamhlú gan sclábhaíocht – agus sin an fáth ar naimhde an Stáit sinn.”

“Níl aon teoiric ná córas réamhdhéanta, ná leabhar ar bith a shábhálfaidh an domhan. Ní chloímse le córas ar bith. Is cuardaitheoir ceart mé.”

“Níl aon duine in ann é féin a shaoradh gan a bheith ag obair ar son gach éinne atá thart air a shaoradh.”

“Cuireann gach cumhacht stáit, gach rialtas, de réir a nádúir, é féin lasmuigh agus os cionn an phobail agus sa deireadh leanann an pobal an eagraíocht sin agus na haidhmeanna sin nach mbaineann le fíor-riachtanais agus dóchas an phobail in aon chor ach iad ag feidhmiú ina gcoinne.”


“Is í an aontacht an mhórsprioc a mheallann an cine daonna agus níl aon chur ina coinne. Ach is marfach í, déanann dochar don éirim aigne, do dhínit agus do dhea-bhail an duine agus na gciníocha araon má chruthaítear í beag beann ar shaoirse, go foréigneach nó faoi údarás diaga, meitifisiciúil, polaitiúil nó, fiú, eacnamaíoch.”

“Má tá an pobal á bhualadh le bata ní bheidís aon phioc níos sásta dá dtabharfaí ‘Bata an Phobail’ air.

“Claonadh nádúrtha sa saol is ea éirí amach. An phéist féin casann sí in aghaidh na coise atá ag satailt uirthi.”