2014-05-05

Ar an lá seo 5 Bealtaine

Ar an lá seo 5 Bealtaine, 1846, rugadh Henryk Sienkiewicz, Duaiseoir Nobel.
An raibh a fhios agat gur aistríodh  úrscéal leis go Gaeilge? Quo Vadis? is teideal dó. An tAthair Aindrias Ó Céileachair a d'aistrigh  agus An Gúm a d’fhoilsigh sa bhliain 1936. Bheadh sé go deas é a bheith ar fáil ar líne, nach mbeadh? Is seanphort agamsa é seo, ar ndóigh, na leabhair sin go léir ó na tríochaidí ar aghaidh a chur ar fáil arís.
 

Tá cuntas spéisiúil i dtaobh an aistritheora anseo:

Is gá feachtas a chur ar bun chun go mbeadh fáil ar na haistriúcháin bhreátha sin go léir. Is linne iad! Scríobh chuig do Theachta Dála inniu. Scríobh chucu go léir! Tá litir curtha agamsa chucu agus is mar seo a chuirim tús léi:



A Theachta, a Chara,
Ceist agam ort! Quo vadis?