2014-05-06

Ar an lá seo, 6 Bealtaine

Ar an lá seo, 6 Bealtaine, 1992, cailleadh Marlene Dietrich.
“Is iad na cairde is féidir glaoch orthu ar a ceathair a chlog ar maidin is tábhachtaí.”
 
“Formhór na mban tugann siad faoin bhfear a athrú agus nuair atá sé athraithe acu ní maith leo níos mó é.”
 
“Nuair atá an fear maite ag an mbean, ní cóir di a chuid peacaí a atéamh le haghaidh bricfeasta.”
 
 “Is luachmhaire marbh mé ná beo. Ná goil im’ dhiaidh; caoin anois ar mo shon.”
 
“An gnáthfhear, is mó an spéis atá aige i mbean a bhfuil spéis aici ann ná i mbean a bhfuil cosa breátha fúithi.”
 

Lilí Marleen

      1

Vor der Kaserne, vor dem grossen Tor
Os comhair na beairice, Lilí, a stór,
Stand eine Laterne, und steht sie noch davor.
Lampa ina sheasamh ansúd mar gharda mór.
So woll’n wir uns da wieder seh’n
Táimse ag siúl anois féd dhéin
Bei der Laterne wollen wir steh’n
Faoin lampa atá ag dó mar ghréin
Wie einst Lili Marleen, Wie einst Lili Marleen.
Mar riamh, Lilí Marleen, mar riamh Lilí Marleen.

       2

Unsere beide Schatten sah’n wie einer aus
Scáileanna a chéile bhíodar mar aon scáil
Dass wir so lieb uns hatten, das sah man gleich daraus.
Ba ríléir do gach éinne go rabhamar i ngrá.
Und alle Leute solln es seh’n
Bhíos-sa de shíor ag siúl faoid dhéin
Wenn wir bei der Laterne steh’n,
An lampa ag dó ag dó mar ghréin
Wie einst Lili Marleen, wie einst Lili Marleen
Mar riamh, Lilí Marleen, mar riamh,  Lilí Marleen.
 

       3

Schon rief der Posten: Sie blasen  Zapfenstreich
Arsa an garda: Cuirfiú, a mhic, cuirfiú
Das kann drei Tage kosten.  Kam’rad, ich komm sogleich.
Bog breá ansin, a gharda, tabhair nóiméad dúinn, gan bhrú.
Da sagten wir auf Wiedersehen,
Is dúramar Auf Wiedersehen
Wie gerne wollt ich mit mir dir geh’n,
An lampa ag dó ag dó mar ghréin
Mit dir Lili Marleen, mit dir Lili Marleen.
Mar bhí, Lilí Marleen, mar bhí, Lilí Marleen.

        4

Deine Schritte kennt sie, deinen zieren Gang
Aithníonn sé do ghúna, aithníonn sé do chló
Alle Abend brennt sie, doch mich vergass sie lang.
Mise táim dearúdta, dearúdta aige fadó
Und sollte mir ein Leids gescheh’n,
Dá mbeinnse lagbhríoch nó i bpéin
Wer wird bei der Laterne stehen,
Cé bheadh ag siúl ansin faoid dhéin
Mit dir Lili Marleen, mit dir Lili Marleen?
Mar bhí, Lilí Marleen, mar bhí Lilí Marleen?

           5

Aus dem stillen Raume, aus der Erde Grund
Is i lar an chiúnais, anseo i dtír aineoil
Hebt mich wie im Traume dein verliebter Mund.
Seoltar mé go huaigneach chughatsa, chun do bheoil
Wenn sich die späten Nebel drehn,
Beidh mise taobh leat cé i gcéin
Werd’ ich bei der Laterne steh’n
Is an lampa ag dó ag dó mar ghréin
Wie einst Lili Marleen, wie einst Lili Marleen.
Mar riamh, Lilí Marleen, mar riamh Lilí Marleen.