2014-05-09

Ar an lá seo 9 Bealtaine

Ar an lá seo, 9 Bealtaine, 1883, rugadh José Ortega y Gasset:
"Abair liom cad iad na nithe a dtugann tú aird orthu agus déarfaidh mé leat cé thú féin.”

“D’fhonn caise fhiáin na beatha a cheansú, déanann an fear léannta machnamh, critheann an file agus ardaíonn an laoch polaitiúil dún daingean a thola.”

“Ní mhaireann réabhlóid ach cúig bliana déag, tréimhse a sheasann d’éifeacht glúine.”

“Is é atá san fhilíocht ná an óigeantacht is í coipthe, agus caomhnaithe dá thoradh sin.”

“Tús na tuisceana iontas a bheith ort.”