2014-05-01

Ar an lá seo, Lá Bealtaine

Ar Lá Bealtaine 70 bliain ó shin, tháinig an cumadóir ceoil Frank Corcoran ar an saol:

Frank agus na Muca

Na muca a mhúin an ceol duit
Nótaí ísle
Nótaí arda
Nótaí nach gcloiseann na muca féin

Tá breis is 200 ainm ar Éirinn
Muc Inis ceann acu

Is beannaithe í an dair
Is beannaithe dá réir sin
An mhuc a itheann toradh na darach
An dearcán

Tá tú 70
Tá tú ag iompú i do dhearcán

Mo sheacht mbeannacht ort