2014-05-20

ATHCHAS AN SCANNÁN (REWIND THE FILM) leis na Manic Street Preachers


Athchas an scannán sin
Is siúd arís mo chairde ’s séan
Athchas an scannán sin
Go dtitfidh mé im shuan go séimh.

Athchas an scannán mór
Cas siar gach leathanach ’tá sna leabhair
Athchas an scannán mór
Is lig don domhan iad a léamh.

Bheith bídeach arís
I mo luí i mbaclainn Mhaim
Seancheirníní ’g casadh
Mé ag súil nach stopfaidís

Uch an scalladh croí mór
’Tá i síol seo an fholúis
É nochta os mo chomhair
Is gan scarúint leis go deo.

Athchas an scannán mór
Cas siar gach leathanach ’tá sna leabhair
Athchas an scannán mór
Is lig don domhan iad a léamh

Lig dom éalú faoin mbráillín
Mar chomóradh ar an leamhas
Lig dom éalú faoin mbráillín
An raidió ar siúl.

Athchas an scannán sin
Is siúd arís mo chairde ’s séan
Athchas an scannán sin
Go dtitfidh mé im shuan go séimh.

Athchas an scannán mór
Cas siar gach leathanach ’tá sna leabhair
Athchas an scannán mór
Is lig don domhan iad a léamh.

Bheith bídeach arís
Greim agam ar lámh mo Dhaid
Seancheirníní briste
Mé ag guí nach stopfaidís

Uch an scalladh croí mór
’Tá i síol seo an fholúis
É nochta os mo chomhair
Is gan scarúint leis go deo.

Athchas an scannán mór
Cas siar gach leathanach ’tá sna leabhair
Athchas an scannán mór
Is lig don domhan iad a léamh

Is le go bhfeicfidh sé an grá go léir a bhí i réim
Brionglóidí óg’
Ach tá an cluiche caillte agam
Is mé ag súil le fallaing dhubh na hoích’

Sea, athchas an scannán sin
Is siúd arís mo chairde ’s séan
Sea, athchas an scannán sin
Go dtitfidh mé im shuan go séimh.