2014-05-11

Bob Marley, ar lean

Seans go bhfuil an leabhar Bob Marley: Herald of a Postcolonial World le Jason Toynbee (Polity Press, 2007) spéisiúil go maith. Is maith liom an teideal. Níl léite de agamsa ach an méid a ligeann Google dúinn a léamh ar líne. An cuid den Bhablóin é Google? Theastaigh ó Bhob Marley (1945-1981) go gcuirfí deireadh leis an mBablóin. (Ní hé seo an áit chun an bhrí a bhain sé as an téarma áirithe sin a mhíniú ach ‘domhan an chaipitleachais’ is brí leis am mBablóin go hachomair. Déan do chuid taighde féin, más maith leat, faoi na cúrsaí sin. Mar shampla Bob Marley agus na cúiseanna ar theastaigh ón CIA é a fheallmharú etc etc). Ní hin is cás linn anseo ach roinnt dá chuid amhrán a fhoilsiú i nGaeilge, ar an mblag seo, agus beagán a rá faoin gceoltóir reggae is mó a bhí riamh ann.
Deirtear gur thiomáin sé BMW ní chun a léiriú don domhan mór cé chomh saibhir is a bhí buachaill seo an gheiteo anois ach toisc gur sheas BMW do Bob Marley and the Wailers! Is maith liom an scéal sin. Ach cén fáth ‘the Wailers?’ Mar go raibh dream sa Bhíobla ag caoineadh ar son na saoirse. Is beag ó thaobh meoin is stíle de, dáiríre, idir na línte seo as Irimia sa Bhíobla agus liricí Bhob Marley:

Sea, tá an caoineadh le clos as Sión:
“Cé mar atáimid sladta!
Cé mar atáimid náirithe go deo!”


Gníomhaí teanga ab ea é, leis, ina shlí féin. Bhí smeadar maith de Bhéarla na Banríona aige ach is pidsean a labhair sé agus a chan sé den chuid is mó. Ní bheadh Béarla na Banríona, teanga impiriúil, ag teacht leis an bhfealsúnacht Phan-Afracach a bhí aige. (Cuireadh breis is milliún Afracach go hIamáice chun sclábhaíocht a dhéanamh ar na feirmeacha siúcra ann). B’ionann úsáid an phidsin agus a bheith dílis dá dhúchas agus seasamh in aghaidh an aonchineálachais chultúrtha a chuireann an domhandú chun cinn.
Bhí filí ag scríobh sa ‘patwa’ (patois) mar a thugann siad air, Louise Bennett-Coverly, abair, agus bhíodar tamall fada gan aitheantas ceart a fháil ón mbuannaíocht nach raibh an saghas sin cainte uathu:
Wat a joyful news, Miss Mattie
I feel like me heart gwine burs
Jamaica people colonizin
Englan in reverse.
By de hundred, by de tousan
From country and from town,
By de ship-load, by de plane-load
Jamaica is Englan boun.
Dem a pour out a Jamaica
Everybody future plan
Is fe get a big-time job
An settle in de mother lan.
What a islan! What a people!
Man an woman, old an young
Jus a pack dem bag an baggage
An tun history upside dung!
(Agus mar sin de)


Marley, an Rastaféarach, ardsagart na gluaiseachta sin agus féar nó ‘kaya’ (raithneach) mar naomh-shacraimint aige. Marley, an
t-aislingeach a thug faoin domhan ar fad a aontú trí mheán an cheoil. Marley, veigeatórach, fáidh, chomh mór le fáidh ar bith as an mBíobla, Irimia san áireamh.
Live at the Rainbow, London, 1977 an físeán a roghnaigh an New York Times dá chapsúl ama a osclófar i gceann míle bliain:


‘Aondomhan, aonghrá’ an soiscéal a bhí aige. Amhrán an Chéid ab ea One Love dar le Time Magazine (sa bhliain 2000) agus Amhrán na Mílaoise ab ea é dar leis an mBBC.
An ‘aon domhan’ a bheidh ann i gceann míle bliain? An mbeidh éinne ann chun an capsúl ama a oscailt? Géillimse do shoiscéal sin Bhob Marley. Níl mórán spéise agam i mionghnéithe an chreidimh aige, ar ndóigh. Ní chreidim gur Dia ab ea a Mhórgacht Haile Selassie na hAetóipe, cuir i gcás, ach amháin sa mhéid gur déithe sinn go léir, ar deoraíocht.
Ba é an chéad phoplaoch é ón Tríú Domhan agus thug sé uchtach do phobail ar fud na cruinne a raibh lóchrann sa dorchadas uathu. Go dtí an lá inniu, coinníonn Bundúchasaigh na hAstráile lóchrann beannaithe ar lasadh dó. (Níor de shliocht na ndaor Afracach é athair Marley, dála an scéil, ach duine den chine ceal).
Nuair a bhí an ailse á ídiú, d’impigh sé ar Jah (Dia) deireadh a chur lena fhulaingt. Thosaigh a bhean ag canadh dó. Thosaigh sí ag caoineadh ansin. ‘Ná caoin,’ ar sé, ‘lean ort ag canadh.’
Arbh é an féar ba thrúig bháis dó? Is dóigh leis an Rastaféarach go molann an Bíobla dúinn féar, nó ganja, a chaitheamh, nó a ithe, agus is chun ‘na ciníocha a leigheas’ é (Apacailipsis Eoin, 22.2). Níor leigheasadh go fóill iad. Bímis ag feitheamh!