2014-05-15

Bob Marley: Rúndiamhair Nádúrtha


Tá rúndiamhair nádúrtha
’Séideadh tríd an aer
Éist leat go cúramach is cloisfidh tú í
An é seo an chéad troimpéad
An é an troimpéad scoir
Beidh a thuilleadh fós ag fulaingt
Is a thuilleadh gheobhaidh bás
Cá bhfios cén fáth
Mar níl cúrsaí mar a bhíodar tráth
Ní bréag ’táim á rá
Caithfidh gach duine aghaidh a thabhairt ar an lá.

Bíodh go lorgaímse freagra
Ar gach ceist atá ag cách
Maith is eol dom féin nach féidir
Breith arís ar shean-lá
Ní bréag a rá
Tá rundiamhair nádúrtha
’Séideadh tríd an aer
Ní fhanfaidh thíos
Éist leat go cúramach is cloisfidh tú í
An rúndiamhair nádúrtha
’Séideadh tríd an aer.

An é seo an chéad troimpéad
An é an troimpéad scoir
Beidh a thuilleadh fós ag fulaingt
Is a thuilleadh gheobhaidh bás
Cá bhfios cén fáth
Tá rúndiamhair nádúrtha
’Séideadh tríd an aer
Ní bréag ’táim á rá
Éist leat go cúramach is cloisfidh tú í
Tá rúndiamhair nádúrtha
’Séideadh tríd an aer