2014-05-12

Bob Marley: Stop an Traein


Stop an traein: imeoidh mé – inniu!
Stop an traein: imeoidh mé – ar aon nós!
Stop an traein: imeoidh mé. Is dúirt mé
Ní fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor;
Dúirt mé nach fada ár dtriall más fíor dom nó nach fior.

Is is uaigneach mé, sea ón gcliabhán
Ag teagasc mo mhuntire ’s iad tá dall;
Is bíodh gur dheineas-sa a lán
Ní raibh an sonas dom i ndán.

Ní mór dom a rá:
Stop an traein: Imeoidh mé – anois, a stór
Stop an traein: Imeoidh mé – cad tá ’gat le rá!
Stop an traein: Imeoidh mé. Agus dúrt:
Ní fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor;
Dúrt nach fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor.

Téann cuid soir, is cuid acu siar
Cuid acu ’seasamh i leataobh
Cuid acu sách, ach formhór acu is seang
Tá siad chomh tréigthe le fidil gan sreang.

Mar sin, stop í:
Stop an traein: Imeoidh mé – ’meoidh, mm-hh,
Stop an traein: Imeoidh mé – cuma liom!
Stop an traein: Imeoidh mé. Agus dúrt:
Ní fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor;
Dúrt nach fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor.

Stop an traein: Imeoidh mé –’meoidh!
Stop an traein: Imeoidh mé – sin deireadh!
Stop an traein: Imeoidh mé – tá saol níos fearr ann!
Ní fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor;
Dúrt nach fada ár dtriall más fíor dom nó nach fíor.