2014-05-22

Braon meala é an domhan - Joy Goswami

Níl a leithéid de neach ann agus namhaid
Agus éist, níl a leithéid de rud ann agus nimh.
Braon meala é an domhan.
Is féidir le gach éinne an fhírinne sin a bhlaiseadh
Díreach sula dtagann deireadh leis an mbeatha.

(as an tréimhseachán Bhashanagar, in eagar ag Subodh Sarkar, Eanáir, 2014)
Duine de mhórfhilí na Beangáile é Joy Goswami a rugadh sa bhliain 1954. Cúig is fiche cnuasach filíochta curtha amach aige agus deich gcinn d’úrscéalta. Agus é ina ógánach bhí Goswami dúnta isteach ann féin. Scríobhadh sé go rialta ina chín lae. Lá amháin, thóg a dheartháir an chín lae uaidh agus léigh dán amach os ard dá chairde. Bhí an file óg náirithe agus shocraigh sé nach scríobhfadh sé go deo arís. Tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar an scéal, áfach, lean sé ag scríobh ach gheall sé go scríobhfadh sé go hindíreach feasta, ar bhealach nach dtuigfeadh siblíní leis. Agus is mar sin a tháinig sé ar an rud is meafar ann!