2014-05-01

Haiku le Issa ón mbliain 1816

Spléachadh ar shaol eile a fhaighimid i haiku Issa ach uaireanta is spléachadh é ar shaol nach n-athraíonn mórán, nó saol a aithnímid féin toisc gur oileáin iad Éire agus an tSeapáin a bhfuil an aeráid chéanna acu, a bheag nó a mhór. Uaireanta eile faighimid spléachadh, mar a fhaighimid anseo, ar shaol atá imithe anois agus nach bhfeicfear níos mó, saol an mhangaire taistil. Ní imithe a bhí an saol sin ar ndóigh nuair a bhreac Issa an haiku seo, tarraingt ar dhá chéad bliain ó shin. Dá mbeadh sé beo inniu, d'ordódh sé a chuid cuarán ó Amazon is dócha.



 tús fuar leis an maidin
     díoltóir cuarán
        ag an bhfuinneog


.わらじ売窓に朝寒始りぬ

waraji uru mado ni asa-zamu hajimarinu