2014-05-26

Kleopatra

File Gréagach, scríbhneoir próis agus léirmheastóir í Kleopatra Libéri. I measc na scríbhneoirí atá aistrithe go Gréigis aici tá Norman Mailer, Allen Ginsberg, Sylvia Plath, Ann Sexton, Emily Dickinson, Armando Romero. Is é seo an blog aici agus is é seo a leanas an dán Ceacht Eolaíochta atá aistrithe go Gréigis aici:

Ceacht eolaíochta


    rian bric ar abhainn
    rian éin ar chraoibh
    rian fir ar mhnaoi
    – na trí rudaí is neamhbhuaine amuigh
                                    (tré Gaelach)

Imíonn siúcra as radharc in uisce
Tuaslagáit is ea an siúcra.
Tuaslagóir is ea an t-uisce.
Theastaigh uaim dul as ionat.
Ach táim ann i gcónaí.
Soladach. Criostalach. Bán.
Dothuaslagtha.
Cad d’imigh ar an turgnamh?
An ealaí dúinn tosnú as an nua?
Agus mé ag síothlú ionat
Ginfear teas chomh mór sin
Go gcriostalód ionat:
Criostal ar chriostal
Ag gabháil crutha ionat
Ag teacht is ag imeacht ionat,
Ann agus as gach re seal
Ag déanamh aitill agus aoibhnis ionat –
Go ndriogfar an fíorbhraon.