2014-05-16

Román Estrada: Cantaireacht an Draoi

[Sliocht]

A luibh an leighis, a luibh na híocshláinte
A luibh fhuar, a Thiarna Íosa Críost
Saor an duine seo ón aicíd
Cá bhfuil a anam sáinnithe?
An sáinnithe ar an sliabh atá sé?
An faoi dhraíocht in altán éigin atá sé?
An sáinnithe atá sé faoi eas?
Lorgódsa is aimseod an t-anam atá ar strae

Ave María!

Leanfad a rianta
Duine tábhachtach mé
Mise an té a éiríonn go moch
Mise an té a bhaineann macalla as na sléibhte
Mise an té a bhaineann macalla as na fánáin
Mise an té a bhaineann macalla as an anam
 
Bainim macalla as mo lapaí
Bainim macalla as mo chrúba
A Chríost ár dTiarna
Tá an Tiarna Naomh Mártan i láthair
Tá Tiarna an Chrainn Dhreoite i láthair
Tá Tiarna an Locha i láthair
A Naomh María Zokuiapan
Is mé an chamhaoir
Is mé an té a labhrann leis na sléibhte
Is mé an té a labhrann leis an macalla
Ansiúd san atmaisféar
Ansiúd sa bhfásra
Braithfear mo ghlór
Ár nAthair Eoin Soiscéalaí
Feicimid cheana bábóga is fiolair ag spraoi san aer
Ag súgradh cheana féin sna sléibhte, ag súgradh cheana idir na scamaill
An té a chuireann mallacht orainn ní dhéanfaidh sé aon dochar dúinn
Mar is mise an t-anam, lá-íomhá an duine
Is mise Críost ár dTiarna
Is mise an t-anam
Siúd an nathair, ina lúb, beo,
Lúbtha
Beo
Tugaimse faoiseamh, tugaimse an bheatha
Tugamise an bheatha!
Is mise an neach ard dathúil
Is mise Íosa Críost
Is mise an Tiarna Naomh Mártan
Is mise an Tiarna Naomh Marcas
A bhfuil tíogair ar fud na ríochta aige
Níl éifeacht dá laghad orainn ag mallachtaí
Tugaimse neart do na heasláin
Is mise an leigheas, is mise an luibh úr
Tar chugainn ar ais, a anam ar strae, ligfidh mé fead
Chun tú a threorú ar ais
Agus i do theannta beidh
Trí fhia dhéag
Trí chapall bhána dhéag
Trí bhogha ceatha dhéag …

Tuilleadh faoi chúlra na cantaireachta seo anseo:
Agus chun a fháil amach cén fáth a bhfuil gá againn leis an gcantaireacht seo, cantaireacht atá againn féin ó aimsir Aimhirghin, léigh é seo: