2014-05-28

Slí na gCopaleen - ceiliúradh ar Myles na gCopaleen & Gort a Choirce

28 & 29 Meitheamh 2014
Ceiliúradh ar an cheangal idir Myles na gCopaleen agus Cloich Cheann Fhaola

Mar chuid de fhéile Ealaíona agus Cultúrtha na Sean Bheairice. (27 -29 Meitheamh).

Leagan Gaeilge


Nuair a chríochnaigh Brian Ó Nualláin (Myles na gCopaleen, Flann O’Brien) scrúdaithe na céime in Ollscoil Bhaile Átha Cliath chan go Magaluf a chuaigh sé féin agus a chairde ach go Gort an Choirce.
Bhí cúis mhaith gur go Gort a Choirce a tháinig sé agus i mbliana, don chéad uair, táthar ag déanamh ceiliúradh ar an cheangal a bhí ag ceann de mhór scríbhneoirí an chéad seo caite leis an bhaile beag Gaeltachta seo. Is seo an fear a scríobh An Béal Bocht, The Third Policeman agus The Dalkey Archive.

Níl inseacht scéil ar an tionchar a bhí ag Gort an Choirce agus muintir na háite ar shamhlaíocht, Gaeilge agus cumas grinn an scríbhneora.
Is i nGort an Choirce a d’fhoghlaim a athair, Micheál, a chuid Gaeilge, is go Gort an Choirce a thagadh siad ar laethanta saoire ina n-óige agus is i nGort a Choirce a fuarthas na cailíní aimsire a chuaigh leis an teaghlach le aire a thabhairt dona páistí agus leis an Ghaeilge a choinneáil mar theanga an teaghlaigh ba chuma cén áit ghallda ina raibh siad.

 Ar an tSatharn, an 28ú agus an Domhnach an 29ú de mhí an Mheithimh 2014 beidh an t-aon duine atá beo go fóill de chlann Bhriain, sé sin a dheartháir Micheál, an t-ealaíontóir cáiliúil, i láthair le tús a chur leis na himeachtaí. Le cois turas rothaíochta (ag leanacht an chosáin a thóg Myles/Flann/Brain), ina mbeidh stopadh ag tithe tábhairne ar an bhealach don ‘pint of plain’ riachtanach, beidh idir lucht léinn agus lucht na dea-mhéin ansin le píosaí cainte a thabhairt faoin fear é féin.  Labharfaidh an Dr Nollaig Mac Congáil, saineolaí ar shaothar Uí Nualláin mar aon le cainteoirí eile, agus beidh aisteoirí na háite ag tabhairt faoi chuid den ábhar mar aon leis an aisteoir cáiliúil, Diarmuid de Faoite. Gan dabt beidh Feis Ghaelach ann, leis an mbanna ceoil reggae as Béal Feirste, Bréag, ag seinm chomh maith le scoth den shiamsaíocht.

Bí linn don deireadh seachtaine stairiúil seo – ní bheidh a leithéid arís ann. Tuilleadh eolais ó Deirdre Learmont ag  087 6222204

English Version


When Brian O’Nolan (Myles na gCopaleen, Flann O’ Brien) finished his degree exams in University College Dublin it wasn’t to Maguluf he headed with his with his friends but to Gortahork.
There was a good reason that he chose Gortahork and this year, for the first time, we are celebrating the connection that the small Gaeltacht town has with one of the most celebrated writers of the last century. This is the man who wrote An Béal Bocht, The Third Policeman and The Dalkey Archive.
It would be hard to quantify the extent of the influence of Gortahork and its inhabitants on the imagination, language and comic understanding of the writer.
It was in Gortahork that Micheál, his father, learnt his Irish, it was to Gortahork that they came on their family holidays and it was from Gortahork their parents employed the help needed to raise the large family and to maintain Irish as the spoken language of the household regardless of where they happened to live.
On Saturday the 28th & Sunday the 29th of June 2014 the last surviving member of Brian’s family, his brother Micheál, the celebrated artist, will be present to kickstart the events. There will be a cycling trip following the route of the original cycling tour that Myles/Brian/Flann took, where stopping for ‘a pint of plain’ will be compulsory. Dr Nollaig Mac Congáil, an authority on the work of Myles na gCopaleen will be among the speakers and local performers will read from the authors work. Former RTÉ and Ros na Rún actor Diarmuid de Faoite will read from An Béal Bocht. There will be, without doubt, a Feis Ghaelach where Belfast reggae group, Bréag, will headline proceedings alongside the best of culture and entertainment.
Join us for this historical weekend – there will never be its like again. 
Further infomation from Deirdre Learmont ag 087 6222204.