2014-06-22

Ar an lá seo 22 Meitheamh

Ar an lá seo 22 Meitheamh, 1861, rugadh Félix Fénéon, fear na n-úrscéilíní beaga brónacha trí líne:
“Ní raibh jab ag Louis Lamarre ná díon os a chionn ach bhí cúpla bonn airgid aige. Cheannaigh sé lítear ceirisín i siopa grósaera in Saint-Denis agus d’ól é.”

“Dhein an tUasal Husson, Méara Nogent-sur-Marne, é féin a lámhach sa cheann trí huaire, le gunnán, gan é féin a mharú.”

“Sular léim sé isteach sa tSéin, inar bádh é, bhí scríofa ag an Uasal Doucrain ina leabhar nótaí, Maith dhom é, a Dhaid. Is maith liom thú.”

“Briseadh bosca na mbocht a bhí tiomnaithe do Naomh Antaine in eaglais Naomh Germain-l’Auxerrois. Tá an naomh sa tóir ar an ngadaí.”

“I gcomharsanacht Noisy-sous-École, thit an tUasal Delilliean, 70, ina phleist, marbh. Béim ghréine ba chúis leis. D’ith a ghadhar, Fido, a chloigeann ar an toirt.”

“Bhí Dorlay, a bhí sna seascaidí, ar crochadh de chrann in Arcueil agus an fógra seo air: Róshean chun obair a dhéanamh.”

“Iníon óg an Chonstábla Wegmüller as Lescherolles, Seine-et-Marne, tar éis di roinnt bláthanna a phiocadh, chogain iad is cailleadh de nimhiú í.”

“Gortaíodh (go marfach seans) an máistir pionsóireachta Pictori ag sá an amaitéaraigh, an tUasal Breugnot.”

“Toisc nárbh fhéidir obráid a dhéanamh ar an ailse, ghearr an tUasal Henrion, Châtillon-Laborde, Seine-et-Marne, a scornach le scian is rásúr.”

“Beirt bhuachaillí chróga, Deligne (13) agus Julien (11) a bhí chun ‘seilg a dhéanamh sa ghaineamhlach’, tugadh ar ais go Páras iad ó Le Havre.”

“Nuair a bhí an traein ag moilliú, d’oscail Mme Parlucy, Nanterre, an doras agus d’fhéach amach díreach agus traein luais ag gabháil thart. Deineadh smidiríní den doras – agus de Mme Parlucey.”