2014-06-17

Haiku le Issa ón mbliain 1809

Tá rud éigin mistéireach ag baint leis an haiku simplí seo. An cat strae. Cad as ar tháinig sé? Cén fhaid a chrochfaidh sé thart i gcomharsanacht Issa? Cén dochar a dhéanfaidh sé? An mbeidh catachas ar siúl aige i lár na hoíche? An bhfuil cat baineann meallta cheana aige? Cuirtear dhá íomhá le hais a chéile go minic sa dea-haiku agus is deas an caidreamh atá acu lena chéile anseo, faoi mar a bheadh an crann faoi bhláth tar éis fonn spraoi a chur ar an rógaire de chat.
Ní thugann an dea-haiku an scéal ar fad dúinn, ar ndóigh. Nod, sin uile. Nóiméad. Fúinne atá sé an chuid eile den scéal a líonadh isteach, roimhe is ina dhiaidh.


an crann plumaí -
áit a bhfuil an cat strae ag spraoi -
faoi bhláth


.のら猫のうかるる梅が咲にけり

nora neko no ukaruru ume ga saki ni keri