2014-06-12

Mantra an tSolais

Is maith liom a bheith ag éisteacht leis an mantra seo, Mantra an tSolais. Is mar seo a fhuaimníonn sé:
oṃ amogha vairocana mahāmudra maṇipadma jvāla pravarttaya hūṃ

Léirítear i bhfoirm ciorcail é mar seo agus an chéad fhuaim (om) ag tosú um meán lae ar an gclog (nó meán oíche más maith leat):

 



 Duine eile a bhí tógtha leis an mantra seo ab ea an manach Myoe (1173-1232).  Dá mbeifeá i láthair i Stócólm nuair a bronnadh an Duais Nobel ar an gcéad Seapánach riamh chun an gradam sin a fháil, bheadh an t-ainm sin Myoe cloiste agat mar is faoi siúd cuid mhaith a labhair Yasunari Kawabata ar an 12 Nollaig, 1968. Nach ait an mac an saol.

Bhí Kawabata an-tógtha leis an dán seo a leanas de chuid Myoe – ní fhéadfadh sé an tSeapáin a fhágáil gan é a thabhairt leis agus é a aithris os comhair mhaithe is mhóruaisle na Sualainne is an domhain trí chéile:
Tagann gealach an gheimhridh amach as na néalta chun cuideachta a dhéanamh dom.

Tá an ghaoth feannaideach, an sneachta fuar.


Tá cur síos againn ón bhfile féin ar an dán sin agus tharraing Kawabata as an gcuntas sin sa Léacht Nobel uaidh, léacht inar thug sé faoin bhfolús a mhíniú do lucht an Iarthair mar go raibh daoine á rá go raibh a shaothar siúd lán d’fholús! Caithfidh go raibh iontas ar a raibh i láthair, an dream a thuig é agus an dream nár thuig.

Deir Myoe gur cumadh an dán ar an dara lá déag den dara mí déag sa bhliain 1224 nuair a bhí an ghealach laistiar de na néalta. Bhí an manach suite sa halla rinnfheithimh agus machnamh Zen ar siúl aige. Díreach ansin agus a chleachtadh Zen críochnaithe aige, um meán oíche, tháinig an ghealach amach agus lonraigh ar an sneachta. Bhí an ghealach ina compánach aige, a deir sé, agus ní raibh puinn eagla air nuair a lig mac tíre uaill sa ghleann.

Tá draíocht éigin ag baint leis sin go léir, Myoe sa tríú haois déag, an mantra ba ghile leis, Mantra an tSolais, an ghealach sa dán, an sneachta, an mac tíre agus Kawabata breis is 700 bliain ina dhiaidh sin á mholadh is á thabhairt chun cuimhne i Stócólm.