2014-07-15

Ar an lá seo 15 Iúil

Ar an lá seo 15 Iúil, 1892, rugadh Walter Benjamin
“Níl i nithe ach mainicíní agus níl i mór-imeachtaí na staire ach cultacha faoina malartaítear sracfhéachaintí ar faic.”

“Cuimhní cinn, na samplaí is scóipiúla fiú amháin, ní hionann iad i gcónaí agus dírbheathaisnéis. Fiú má tá míonna agus blianta ann, táid ann san fhoirm sin a bheadh acu agus iad á dtabhairt chun cuimhne. An fhoirm aisteach sin – bíodh sí neamhbhuan nó síoraí, is cuma – ní de stuif na beatha í.”

“Is mar seo a bhí [haisís] domsa: doicheall suntasach roimh labhairt faoi nithe a bhaineann leis an saol praiticiúil, an todhchaí, dátaí, polaitíocht.”

“Tá comhaontú rúnda ann idir na glúine a chuaigh romhainn agus an ghlúin atá anois ann. Bhíothas ag súil lenár dteacht ar an saol seo. Ar nós glúin ar bith a chuaigh romhainn, bronnadh cumhacht lag Mheisiasach orainn…”

“Es ist niemals ein Dokument der Kultur, ohne zugleich ein solches der Barbarei zu sein.”

“Níl doiciméad na sibhialtachta ann nach doiciméad na barbarthachta san am céanna é.”

“Tá pictiúr de chuid Klee ann dar teideal ‘Angelus Novus’ a léiríonn aingeal agus an chuma air go bhfuil sé ar tí bogadh ó rud éigin ar a bhfuil sé ag machnamh go seasta. Tá na súile ag stánadh, an béal ar leathadh, na sciatháin leata. Is mar seo a shamhlaítear aingeal na staire. Tá an aghaidh dírithe ar an am atá caite. Feicimidne sraith imeachtaí, feiceann seisean catastróf aonair amháin a chaitheann raic i ndiaidh raice ina carn ag a chosa. Ba mhaith leis an aingeal fanacht, na mairbh a dhúiseacht agus an rud atá ina raic a dhéanamh slán arís. Ach tá stoirm ag teacht ó Pharthas; tá an stoirm tar éis dul i bhfostú go borb ina chuid sciathán sa tslí nach dtig leis an aingeal iad a dhúnadh níos mó. Brúnn an stoirm sin isteach sa todhchaí é agus a dhroim léi, agus an carn smionagair os a chomhair á ardú chun na spéire. Dul chun cinn a thugtar ar an stoirm sin.”

“Ní sruth smaointe amháin atá i gceist le smaointeoireacht ach a chosc chomh maith.”