2014-07-04

Ar an lá seo 4 Iúil

Ar an lá seo 4 Iúil, 1902, cailleadh Swami Vivekananda:
“Chun go n-éireodh leat, caithfidh tú a bheith buanseasmhach agus ceanntréan. ‘Ólfaidh mé an t-aigéan,’ a deir an t-anam buanseasmhach; ‘ar ordú uaimse, sceithfidh na sléibhte’. Bíodh an saghas sin fuinnimh, an saghas sin tola agat; oibrigh go dian agus éireoidh leat.”

“Ní raibh éinne a leag cos ar thalamh Shasana a raibh gráin níos mó ina chroí aige ar chine ar bith ná an ghráin a bhí agamsa ar na Sasanaigh agus, ar an ardán seo, tá cairde liomsa ar Sasanaigh iad atá in ann é sin a dheimhniú; ach dá mhéad dá gcomhluadar a chleachtas, nuair a chonac conas a oibríonn an meaisín acu, saol náisiúnta Shasana, nuair a mheascas leo, nuair a d’aimsíos cá raibh buille croí an náisiúin ann, is ansin is ea a d’fhás an grá atá agam dóibh.”

“Aindiachaí é an té nach gcreideann ann féin. Is é a dúirt na seanchreidimh gurbh aindiachaí é an té nár chreid i nDia. Is é a deir an creideamh nua ná gurb aindiachaí é an té nach gcreideann ann féin.”

“Is é an Búda an t-aon fháidh a dúirt, ‘Is cuma liom faoi na teoiricí éagsúla atá agat mar gheall ar Dhia. Cad is fiú foirceadail chaolchúiseacha mar gheall ar an anam a phlé? Déan an rud fónta agus bí go maith.”

“Is é is oideachas ann ná léiriú ar an bhfoirfeacht atá cheana sa duine. Is é is reiligiún ann na léiriú ar an diacht atá cheana sa duine.”

“Ná bí buartha faoin teip; tá teipeanna nádúrtha, is cuid d’áilleacht an tsaoil iad, na teipeanna sin. Cad a bheadh sa saol gan iad? Níorbh fhiú saol a bheith agat gan streachailt. Cá mbeadh an fhilíocht?”

“Déan do chuid féin de smaoineamh, bí tiomanta dó, bí ag streachailt leat go foighneach, agus éireoidh an ghrian duit.”

“Ná faigh locht ar éinne: má tá tú in ann lámh chúnta a shíneadh chuige, déan sin. Mura bhfuil, fill na lámha ar a chéile, beannaigh do dheartháireacha agus lig dóibh dul a mbealach féin.”

“Is é an t-eolas an sprioc atá ag an duine … Anois, tá an t-eolas sin ag an duine de réir dúchais. Ní thagann eolas ar bith ón dtaobh amuigh: tá sé go léir istigh.”

“Cá raghfá chun teacht ar Dhia munar léir duit É i do chroí istigh agus i ngach neach beo.”

“Múineann Vedanta dúinn go bhfuil Nirbheána ar fáil anseo anois, nach gá dúinn feitheamh leis an mbás chun é a bhaint amach. Is é is Nirbheána ann ná lánléargas a fháil ar an bhFéin.”

“Ní aithníonn Vedanta peaca ar bith, ní aithníonn sé ach an earráid. Agus an earráid is mó, dar le Vedanta, ná a rá go bhfuil tú lag, gur peacach is ea thú, neach dearóil, agus nach bhfuil cumhacht ar bith agat chun aon ní a dhéanamh.”

“An Féin, nó Bráman, is ea gach aon ní. An naomh, an peacach, an t-uan, an tíogar, an dúnmharfóir féin fiú amháin, ní fhéadfadh aon ní eile a bheith iontu mar nach bhfuil aon ní eile ann.”

“Amach leat agus isteach i gcruinne an tSolais. Is leatsa gach aon ní sa chruinne, sín amach do dhá lámh agus tabhair barróg ghrámhar di.”

“Líon an inchinn le hardsmaointe, leis na hidéil is airde, leag os do chomhair iad de ló is d’oíche agus as sin eascróidh sárshaothar.”

“Má tá an bheatha uait, caithfidh tú bás a fhail an t-am ar fad ar a son. Níl sa bheatha agus sa bhás ach téarmaí difriúla ar an rud céanna a bhféachtar air ó thaobh eile; is iad titim agus éirí na toinne céanna iad agus is aon iomlán iad le chéile.”

“An nádúr, an cholainn, an aigne, tá an bás i ndán dóibh, ach ní dúinne. Baineann an duine Vivekananda leis an nádúr, saolaíodh é, caillfear é; ach an Féin a aithnítear mar Vivekananda níor rugadh riamh é is ní chaillfear choíche é. Is é an Réaltacht é, síoraí, do-athraithe.”

“Croílár an Vedanta is ea nach bhfuil ach Beith amháin ann agus ní cuid den Bheith sin an t-anam ach an Bheith féin go hiomlán.”

“Níl aon domhan ann. Is é Dia féin é. Seachmall a bheadh ann an domhan a thabhairt air.”