2014-09-09

Ar an lá seo 9 Meán Fómhair

Ar an lá seo 9 Meán Fómhair 1828, rugadh Leo Tolstoy.
“An ghairm atá ag gach fear is bean ná friotháil ar dhaoine eile.”

“Sa stair go léir ní raibh aon chogadh ann nach iad na rialtais agus na rialtas amháin a chothaigh é, neamhspleách ar leas na ndaoine a ndéanann cogadh dochar dóibh i gcónaí fiú nuair a éiríonn leis.”

“Tá an ceart ag na hAinrialaithe faoi gach rud.”

“Is dóigh le daoine de ghnáth gurb é an rud is dul chun cinn ann ná breis eolais, feabhas a chur ar an saol, ach ní mar sin atá. Níl i ndul chun cinn ach soiléiriú breise ar na freagraí atá ar cheisteanna bunúsacha na beatha. Bíonn teacht i gcónaí ar an bhfírinne ag an duine. Chaithfeadh a bheith mar is splanc dhiaga atá in anam an duine, an fhírinne féin.”

“Chuir na Caecair leabhair chugam ónar fhoghlaimíos go raibh cruthaithe acu gan amhras ar bith, na blianta ó shin, an dualgas atá ar Chríostaí an aithne sin a choimeád gan cur in aghaidh an oilc le fórsa agus nochtadar an earráid sin i dteagasc na hEaglaise a cheadaíonn cogadh agus pionós báis.”
“Is mór an peaca i súile Dé é an saibhreas. Is mór an peaca i súile an duine í an bhochtaineacht.”

“Memento mori— smaoinigh ar an mbás. Dá gcoinneofaí cuimhne air sin, nach bhfuil luibh ná leigheas in aghaidh an bháis, bheadh saol eile ar fad againn. Má tá a fhios ag duine go bhfuil sé chun bás a fháil i gceann leathuair an chloig, níl sé chun rudaí suaracha áiféiseacha nó drochghníomhartha ach go háirithe a dhéanamh i gcaitheamh an ama sin. B’fhéidir go bhfuil leathchéad bliain fágtha agatsa sula bhfaighidh tú bás – conas go mbeadh aon difear idir sin agus leathuair an chloig?”